Riar na córa, na meáin shóisialta agus ceisteanna eile a eascraíonn as cás Bhéal Feirste

Tá an tslí a ndéantar bainistiú ar chásanna coiriúla cáinte ag an Ard-Reachtaire an tseachtain chéanna ar mhúscail cás drámatúil rabharta ceisteanna

Riar na córa, na meáin shóisialta agus ceisteanna eile a eascraíonn as cás Bhéal Feirste

Paddy Jackson. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Beidh cur agus cúiteamh go ceann i bhfad faoi cheisteanna a d’eascair as an gcás cúirte i dtaobh líomhaintí éignithe a tháinig chun deiridh Dé Céadaoin nuair a fuarthas ceathrar fear neamhchiontach as gach cúis.

Cás eisceachtúil ab ea é mar gur daoine cáiliúla cuid de na cosantóirí agus, murab ionann agus chleachtas an deiscirt, gur ainmníodh iad go poiblí. Anuas air sin, chothaigh an sórt fianaise a chualathas faoi chaidreamh collaí, ólachán agus caint gháirsiúil dhéistineach suim as an gcoitiantacht sa chás. Ina theannta sin, bhí cead ag an bpobal a bheith i láthair sa chúirt agus an bhean óg, an gearánaí le feiceáil acu ar scáileán. Is léir gur ghá don ghiúiré í a fheiceáil, ach an pobal? Cheistigh dlíodóirí don cheathrar cosantóirí í ar feadh ocht lá. Ar ndóigh ní bhíonn aon dlíodóir ag an ngearánaí i gcásanna éignithe – níl inti ach finné.

Mhair an triail 42 lá agus ní raibh lá nach raibh tráchtanna rí-ghránna agus ‘scagadh’ neamhcheadmhach ar mheáin shóisialta, cuid de in aghaidh na mná agus cuid i gcoinne na bhfear. Díspeagadh cúirte a bheadh ansin i nuachtán nó ar raidió nó teilifís. Tá fiosrú ar siúl ag an PSNI faoi ainmniú na mná, a rinne líomhain gur éigníodh í, ar na meáin shóisialta. Deirtear freisin gur foilsíodh grianghraf de bhean – bean nárbh í an gearánaí í. Údar imní don ionchúiseamh agus don chosaint ab ea úsáid na meán sóisialta agus tá athbhreithniú éilithe acu uilig.

Ní hin amháin is gá a athscrúdú. Cén fáth a gceadaíonn an dlí cosantóir a ainmniú roimh bhreithiúnas? Cén fáth nach dtig leis an ngearánaí comhairle dlí a bheith aici/aige? Cén fáth a gceadaítear an pobal isteach? Nach leor iriseoirí a bheith i láthair chun tuairisciú a dhéanamh faoi ghnáthshrianta an dlí?

Comhtharlúint ab ea é go ndearna an giúiré a gcinneadh ar an gCéadaoin gur neamhchiontach a bhí na himreoirí rugbaí agus a gcairde i ngach cion, ceithre huaire fichead tar éis tuairisc cháinteach ón Ard-Reachtaire faoi mhí-éifeacht, róchaiteachas agus moill sa chóras ceartas coiriúil.

Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Kieran Donnelly go bhfuil práinn le leigheas ar an gcóras. De réir na tuairisce, tógann sé 515 lá, ar an meán, ó dhéantar tuairisciú ar choir go dtí go mbíonn breithiúnas cúirte tugtha uirthi. Tógann sé suas le trí bliana sula bhfaigheann íobartach as gach ochtar toradh cúirte, dar leis. Liosta le háireamh iad na hócáidí a gcuirtear airgead agus am amú, ar sé.

Tá an costas i dTuaisceart Éireann níos airde ná mar atá i Sasana, a deir an tuairisc. Thug an tArd-Reachtaire suntas ar leith don méid ama a chuirtear amú agus póilíní, dlíodóirí, íobartaigh agus cosantóirí ag fanacht i dteach na cúirte. Is minic a chaitheann daoine achar fada ag fanacht le fianaise a thabhairt ach nach nglaoitear orthu. Ba chás le Kieran Donnelly freisin droch-chaighdeán na gcomhad ón PSNI, easnaimh nó earráidí iontu agus a thionchar sin ar chásanna. Dúirt sé freisin gur fhreastail póilíní ar chúirteanna 23,000 uair in aon bhliain amháin ar feadh 5 uair an chloig ar an meán ach nár iarradh orthu fianaise a thabhairt ach babhta amháin as gach ceithre huaire a bhíodar ansin. Is ionann sin, a tuairiscíodh, agus 11,000 seal oibre san PSNI. B’údar iontais é go gcuirtear breis is leath na n-éisteachtaí ar fionraí gan eolas beacht a sholáthar faoi cad a bheadh riachtanach an chéad bhabhta eile. D’fhéadfaí an obair sin a dhéanamh ar ríomhphost, a dúirt sé.

Thagair sé go sonrach do mholtaí a d’eisigh an Príomh-Bhreitheamh, an Tiarna Declan Morgan, sa bhliain 2011do Chúirt na Corónach, an chúirt a láimhseálann coireanna amhail dúnmharú, éigniú agus robáil. Leag na moltaí sin béim ar an ngá as cuimse a bhí leis go mbeadh an chúirt éifeachtach agus go riarfaí cásanna go gasta. Bhí an príomhphrionsabal sin inmholta, dar leis an Reachtaire ach níor chuir sé dualgas ar bhreithiúna é a chur i bhfeidhm.

Ba é toradh na heasláinte sa chóras, arsa an Ard-Reachtaire, go raibh muinín caillte ag an bpobal i riar na córa. Mheas 63% go raibh an córas féaráilte agus níl ach 46% den phobal den bharúil go bhfuil sé éifeachtach. Cor contúirteach is ea an seargadh iontaoibhe sin agus níor mhór a dhul i ngleic leis gan mhoill.

Is léir go bhfuil fabhtanna le ceartú thairis na ceisteanna a d’eascair as an gcás éignithe  – cé gur léir don dall chomh tromchúiseach is atá siad sin. Bheadh athruithe ar an dlí riachtanach chun ainmneacha cosantóirí a choinneáil faoi rún.  Ach cheal Stormont cé a leasóidh an dlí?

Ní heol dúinn go fóill an laincis dhoscaoilte ar leasuithe agus feabhsú a dhéanamh ar riar na gcúirteanna í an tsáinn i Stormont. An féidir an córas a athchóiriú go héifeachtach gan Roinn Cirt a bheith gníomhach? Fear cumasach é an Tiarna Príomh-Bhreitheamh Declan Morgan. Ní raibh leisce air tabhairt faoi na polaiteoirí is é ag éileamh gnímh agus maoiniú

d’ionchoisní. Níor mhór dó a bheith seiftiúil chun na fadhbanna seo a fhuascailt.

Fág freagra ar 'Riar na córa, na meáin shóisialta agus ceisteanna eile a eascraíonn as cás Bhéal Feirste'