Rian ‘an chrochadóra’ ar Shlí an Atlanaigh Fhiáin i gCorca Dhuibhne

Ní frapaí a d’fhág criú an scannáin Star Wars ina ndiaidh iad na struchtúir atá ag loit áilleacht Chorca Dhuibne ach ‘marcanna margaíochta’ Fáilte Ireland

Rian ‘an chrochadóra’ ar Shlí an Atlanaigh Fhiáin i gCorca Dhuibhne

Éinne agaibh a thug cúrsa bhóthar Cheann Sléibhe oraibh le bliain anuas táid feicthe agaibh; trí cinn de bhathalaigh de bharraí iarainn meirgeacha 5m ar airde agus cuma na croiche orthu, ceann acu sa Pháirc Ghairbh i bparóiste Fhionntrá agus dá cheann i nDún Chaoin, i gCom Dhíneol, agus os cionn Chuas tSeáin. Le tamall de sheachtainí anuas tá an ceathrú croch crochta ar na hÁthruaití, aríst i bparóiste Dhún Chaoin.

An té a d’fheicfeadh iad, thabharfadh sé an leabhar gur smut d’árthach spéire a bhí tar éis titim go talamh i rith an dara cogadh domhanda iad, nó frapaí a bhí fágtha ina ndiaidh ag criú an scannáin Star Wars. Ach ní hea, a chroí deoil. Marcanna margaíochta iad seo, a dhuine, crochta ag údaráis turasóireachta na tíre, Fáilte Ireland, d’fhonn aird na gcuairteoirí a dhíriú ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin. Tá 188 de na marcanna seo le tógaint fud fad na Slí, ó Inis Eoghain thuaidh go Cionn tSáile theas, agus tá a bhformhór ina seasamh fén dtráth seo. Luadh costas €3.5 milliún le tógaint na marcanna seo, agus costas idir €18,000 agus €30,000 luaite le gach ceann.

Iarracht atá sna comharthaí seo le brandáil a dhéanamh ar ‘an bealach tiomána cois cósta is faide ar domhan’. Is cosúil nach leor na radharcanna taibhseacha, an taobh tíre álainn ná farraigí cháite an Atlantaigh chun an bealach a dhíol; b’fhearra dhuit ailp iarainn a thiomáint síos sa talamh chun a thabhairt le fios do chuairteoirí gur fiú stopadh agus pictiúr a thógaint den áilleacht. Dar le ‘maraigís’ lucht a ndeartha, ‘Pointí Grianghraif atá iontu seo atá deartha chun ‘fráma’ a chur ar na grianghraif a bheidh á dtógaint ag cuairteoirí ag pointí áilleachta fan na slí’. Mar nach fearr slí chun áilleacht na háite a léiriú ná stumpa de phíosa iarainn a chur os ár gcomhair.

N’fheadar cad déarfadh sibhse, ach níor rith sé liom riamh, agus mé seasta ag áit ina bhfuil fíor-áilleacht nádúrtha, go mbeadh an t-amharc os mo chomhair níb fhearr dá mbeadh croch iarainn sáite ann. Ní móide go raibh a leithéid de chroch uaim chun a thabhairt le fios dom gur cheart dom stopadh agus grianghraf a thógaint den áit.

Ós rud é gur ag tabhairt amach atáim, ní cás labhairt fé chostas na gcomharthaí. Nach bhféadfaí an t-airgead céanna a chaitheamh ar scata tograí turasóireachta pobalbhunaithe a chuirfeadh fostaíocht ar fáil agus a choimeádfadh bunadh óg an chósta thiar ina n-áiteanna dúchais? Abraím, sa limistéar idir comhartha na Páirce Gairbhe agus ceann na nÁthruaití, níl ach triúr nó ceathrar idir 20 agus 30 bliain d’aois ina mbuanchónaí ann. Nach bhféadfaí an t-airgead úd a úsáid i slí éigin a mheallfadh a gcomhaosaigh chun filleadh ar an áit?

Is dócha go bhfaighfear úsáid éigint dóibh, ar nós an cón tráchta a chuirtear mar bhairéad ar cheann an tairbh atá ina sheasamh ar imeall thoir bhaile Mhaigh Chromtha, nó an péire drárs a chífeá i nglaic dhealbh John B. Keane i mbaile Lios Tuathail maidin Domhnaigh. 

B’fhéidir gur róshoiniciúil atáim, agus táim cinnte go bhfuil duine éigin in áit éigin atá leáite anuas ar fad ar na comharthaí seo, ach b’fhearr liom féin go ndéanfaí iad a leá.

Fág freagra ar 'Rian ‘an chrochadóra’ ar Shlí an Atlanaigh Fhiáin i gCorca Dhuibhne'

  • Muireann

    An ghráin dearg agam ar na fógraí san, iad mór, meirceach, gan áilleacht ar bith. Truailliú cinnte is ea iad, gan aon comhrá le muintir na háite fúthu. Thá sé de cheart againn iad a ghearradh anuas!

  • Vitaly

    Mise turasóir Rúiseach a thug breis is 10 gcuairt ar Chiarraí. Is dócha gur do mo leithéid a bhí na comharthaí iarainn seo togtha (níl chun sinn a chrochadh, tá súil agam). An dteastaionn siad uaim? Go deimhin, níl. Dar liom (dar le turasóir), tá gach pingin caite ar feachtas margaíochta “Slí an Atlantaigh Fhiáin” curtha amu agus imithe le sruth. Ní fhaighim (mar thurasóir) buntáiste ar bith as comharthaí boithre ar nós www nó as na “scannáin margaíochta” nó as rud ar bith eile. Ní theastaionn uaim maidir le “Slí” sin ach rud amháin: IOMPAR POIBLÍ LAETHÚIL. Mura bhfuil na busanna ag rith gach lá ar gach bothar de chuid an Slí – seafóid amach is amach is ea an “margaíocht” sin gan ciall gan úsáid.

  • liz

    is oil agus aithis iad