Rialtas na Breataine in aimhréidh agus Boris Johnson éirithe as

Tá beirt airí sinsearacha éirithe as Rialtas Therese May in imeacht 24 uair an chloig agus éigeandáil pholaitiúil ag bagairt ar an bPríomh-Aire mar gheall ar an mBreatimeacht

Rialtas na Breataine in aimhréidh agus Boris Johnson éirithe as

Tá rialtas na Breataine in aimhréidh mar gheall ar an mBreatimeacht agus an dara haire sinsearach, an Rúnaí Gnóthaí Eachtracha Boris Johnson, éirithe as.

Cé gur tuairiscíodh Dé hAoine gur éirigh le Príomh-Aire na Breataine Theresa May a comhghleacaithe rialtais a thabhairt chun cairdine maidir lena plean is déanaí don Bhreatimeacht, tá triúr éirithe as ó shin – an Rúnaí Breatimeachta David Davis, a thánaiste siúd Steve Barker agus Johnson.

Cuirfidh imeacht Johnson, duine de na Breatimeachtóirí is aitheanta sa tír, go mór le fadhbanna Theresa May agus leis an mbaol go mbeadh vóta mímhuiníne i ndán di.

Má chuireann 48 feisire parlaiminte in iúl i scríbhinn do chathaoirleach an chúlbhinse, an coiste 1922, nach bhfuil muinín acu as May chaithfeadh vóta mímhuiníne a bheith ann.

Tá scoilt mhór sa rialtas mar gheall ar phlean May go mbeadh limistéar saorthrádála ann i ndiaidh an Bhreatimeachta ina mbeadh rialacha comónta ann don Ríocht Aontaithe agus don Aontas Eorpach.

Tuairiscítear go ndúirt Johnson gurb ionann na hiarrachtaí plean May ‘a dhíol’ agus “snas a chur ar chac”.

De réir an phlean sin bheadh limistéar custaim ann idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, ach bheadh cead ag an mBreatain dleachtanna éagsúla leis an AE a chur i bhfeidhm. Faoin bplean bheadh an Bhreatain ceangailte leis an margadh aonair i gcás earraí ach ní bheadh i gcás seirbhísí.

Fág freagra ar 'Rialtas na Breataine in aimhréidh agus Boris Johnson éirithe as'