Súil ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh an Rí Séarlas III lámh le reachtaíocht don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana

Ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in Westminster ag deireadh na míosa seo caite agus níl le déanamh anois chun é a achtú ach Aontú an Rí a fháil

Súil ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh an Rí Séarlas III lámh le reachtaíocht don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana

Tá súil ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh an Rí Séarlas III lámh le reachtaíocht teanga do Thuaisceart Éireann roimh dheireadh na bliana.

Ritheadh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) in Westminster ag deireadh na míosa seo caite agus níl le déanamh anois chun é a achtú ach Aontú an Rí a fháil.

Dúirt Oifig Thuaisceart Éireann le Tuairisc go bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh an Rí Séarlas III a bheannacht don reachtaíocht roimh an mbliain nua.

“Cuireadh na céimeanna Parlaiminte don Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) i gcrích ar an 26 Deireadh Fómhar agus tá sé ag fanacht ar Aontú an Rí,” a dúirt urlabhraí ó Oifig Thuaisceart Éireann.

“Is gnách go bhféadfadh sé seo tarlú roinnt seachtainí i ndiaidh an Bille a rith. Níl dáta deimhnithe againn dó seo ach táthar ag súil go dtarlóidh sé roimh dheireadh na bliana.”

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, a bheidh sa reachtaíocht nua, tá roinnt beartas ann a chuirfidh go mór le stádas na teanga ó thuaidh.

De réir an Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann), beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge agus ag an Ultais.

Beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.

Tá Conradh na Gaeilge ag brú go láidir go n-achtófaí an bille roimh thús na bliana nua agus deir an eagraíocht gur nuair a thagann sé chuig Coimisinéir Gaeilge nua a thabharfar léargas ceart ar thiomantas Rialtas na Breataine do na cearta teanga sa reachtaíocht.

Deir Conradh na Gaeilge gur gá Oifig an Choimisinéara Gaeilge a bhunú agus Coimisinéir a cheapadh sular féidir feidhm a thabhairt d’aon ní eile sa reachtaíocht agus iad ag iarraidh ar Oifig Thuaisceart Éireann an oifig a bhunú agus an coimisinéir a cheapadh gan mhoill.

Meastar go mbeidh cúpla mí ann sula mbeifí in ann an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ó thuaidh ach tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go dtarlódh sin “fíor-luath san athbhliain”.

Chomh maith le hoifigí na gcoimisinéirí agus an oifig chultúir agus féiniúlachta a bhunú, cuirfidh an reachtaíocht ar ceal chomh maith Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras, thabharfadh an Coimisinéir Teanga don Ghaeilge isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Is é an ról a bheadh ag an gCoimisinéir Teanga ná an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Dhéanfadh an Coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

Tá sé i gceist chomh maith cumhachtaí a thabhairt do Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfeadh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.

Fág freagra ar 'Súil ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh an Rí Séarlas III lámh le reachtaíocht don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana'