Rialtas na Breataine ag geonaíl amhail páistí agus an t-am ag imeacht

Tá go leor ceisteanna le freagairt agus go leor eile le  déanamh agus gan ach 82 lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta

Rialtas na Breataine ag geonaíl amhail páistí agus an t-am ag imeacht

Tá rialtas na Breataine míshásta, amhail páistí a bhíonn ag geonaíl nuair a deirtear leo nach bhfuil fonn ar pháiste na gcomharsan dul amach ag súgradh leo.

De ghnáth, ní thuilleann caint príomh-aire ná caint airí rialtais cur síos den sórt seo.

Sa chás seo, áfach, is deacair smaoineamh ar shamhail níos oiriúnaí agus an chluichíocht atá ar bun i Londain ó chuaigh Boris Johnson i gceannas ar an 24 Iúil á plé.

Sara ndeachaigh an príomh-aire nua i mbun oibre i Sráid Downing, dúirt an Taoiseach, agus Donald Tusk, agus Jean-Claude Juncker, agus Michel Barnier agus scata ceannairí agus airí rialtais ar fud na hEorpa go soiléir agus go poiblí nach leasófaí an margadh aistarraingthe a rinneadh le rialtas na Breataine 20 mí ó shin. 

Ní ag tabhairt aghaidh ar cheannaire ná ar thír amháin mar sin atá an dream nua atá in uachtar thall, ach ag easaontú leo go léir. Ní féidir breathnú ar a leithéid mar ghnáthchaidreamh le daoine eile, ná mar iompar daoine ar féidir déileáil leo ar bhonn réasúnta.

Ní léir ach dhá chúis réasúnta lena gcur chuige aisteach:

Tá Boris Johnson agus a chomrádaithe meáite ar an Ríocht Aontaithe a tharraingt amach as an Aontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair gan aon mhargadh ná socrú imeachta a dhéanamh roimh ré…

nó/agus

Tá Boris Johnson agus a chomrádaithe meáite ar an gceann is fearr a fháil ar Nigel Farage agus a lucht leanúna, agus ní chuirfidh siad aidhm ar bith eile sa mheá go mbeidh an dream sin sáraithe acu in olltoghchán.

Is mar gheall ar an meon seo atá seasamh diúltach na Breataine ag dul i dtreise ó chuir Boris Johnson a rialtas nua le chéile. Léirigh an t-aire nua Breatimeachta Michael Gove an dearcadh céanna nuair a mhaígh sé i rith na seachtaine go raibh fonn ar an rialtas nua dul i mbun idirbheartaíochta agus go raibh aiféala air nach raibh an toil chéanna léirithe ag daoine sa Bhruiséil. Níor luaigh sé réamhchoinníoll na Breataine go gcaithfí an comhaontú aistarraingthe a chur i leataobh sula dtosódh an chaint.

Thug eagarthóir Eorpach RTÉ Tony Connelly sampla soiléir dúinn den dearcadh nua seo Déardaoin i dtuairisc ar cheist (a bhí bunaithe ar chur i gcás) a chuir ionadaithe sa Choimisiún ar ionadaí nua na Breataine David Frost.

Abair go mbainfí an cúlstad Éireannach amach as an gcomhaontú aistarraingthe, a dúirt siad le Frost, an nglacfadh an pharlaimint i Londain leis?

Dúirt Frost leo nach nglacfadh.

Má thógtar diúltú dá leithéid agus neamhthoil Johnson dul chun cainte le hoiread is ceannaire rialtais Eorpach amháin in éineacht, ní féidir ach brí amháin a bhaint as an scéal: ‘níl margadh uainn’.

Breathnaíonn lucht rialtais i mBaile Átha Cliath ar na hailt fhríth-Éireannacha agus ar an tuairisceoireacht fhrith-Éireannach a foilsíodh sna meáin i Londain le cúpla seachtain mar iarracht chun brú a chur orthu géilleadh. Glacann siad leis freisin gur foinsí rialtais a spreag scríbhneoireacht dá leithéid – dáiríre ní cóir tuairisceoireacht a thabhairt uirthi.

Céard is féidir leis an rialtas a dhéanamh agus iad ag déileáil le dream atá chomh ceanndána? Faic, seachas an fód a sheasamh in éineacht le rialtais eile an AE, agus labhairt go séimh ach go láidir le rialtas na Breataine, go poiblí agus go príobháideach.

B’fhearr a dhéanfaí leas fadtéarmach an rialtais dá bhfágfadh Leo Varadkar caint ar athaontú na hÉireann faoi dhaoine eile. Ní hionann an cúram a bhíonn ar Thaoiseach agus an cúram a bhíonn ar cholúnaí nó iománaí ar an gclaí.

Is dlúthchuid dá ghnó é a rá leis an mBreatain, faoi mar a dúirt sé i mBéal Feirste Dé Luain, nach ndéanfaidh imeacht gan mhargadh na Ríochta Aontaithe ar an 31 Deireadh Fómhair aon athrú bunúsach ar rud ar bith. Tosóidh an idirbheartaíocht arís uair éigin, a dúirt an Taoiseach, agus beidh na ceisteanna céanna – an cúlstad, fiacha, agus cearta saoránach – ar an mbord.

Idir an dá linn, áfach, beidh ceisteanna níos práinní le réiteach, agus beidh gá go luath le freagraí agus le cúrsaí a mhíniú don phobal.

Cén sórt socruithe a chuirfear i bhfeidhm le margadh aonair an AE a chosaint abhus? Cén tionchar a bheas ag na socruithe sin ar thrádáil thar teorainn? Cén tionchar a bheidh acu ar fheirmeoirí agus ar earnáil an bhia san oileán ar fad? Agus cén chabhair nó tacaíocht airgeadais a thabharfaidh ár gcairde san Eoraip d’Éirinn agus teorainn an AE á cosaint abhus?

Go leor le déanamh, agus gan ach 82 fágtha lena dhéanamh.

Fág freagra ar 'Rialtas na Breataine ag geonaíl amhail páistí agus an t-am ag imeacht'

  • Síle ní Mhaicín

    An ceart ar fad agat. Níl margadh uatha agus ní raibh riamh. Is é Dominic Cummings (agus pé dream atá taobh thiar dhó) atá i gceannas anois. An fhadhb is mó ag an AE nach bhfuil ar a chumas dul i ngleic leis an chaimiléireacht Trumpach seo. An fhadhb againne nach bhfuil rialtas láidir éifeachtúil againn chun Breatimeacht a riaradh.

  • Eoin Ó Murchú

    “Tá Boris Johnson agus a chomrádaithe meáite ar an Ríocht Aontaithe a tharraingt amach as an Aontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair gan aon mhargadh ná socrú imeachta a dhéanamh roimh ré…”
    Nil an abairt seo cruinn ar chor ar bith. Sí firinne an scéil ná go bhfuil Johnson meáite ar an Riocht Aontaithe a tharraingt amach FIÚ gan margadh. Sé sin tá sé sásta imeacht gan mhargadh ach b’fhearr leis go gcuirfeadh an tAE deire leis an gcúlstad.
    Seans go bhfuil argoint ann gan géilleadh don éileamh seo, ach sa gcás go mbeadh Johnson meáite ar imeacht gan mhargadh níobh fhiu an scéal a phlé.
    Ach tá an scéal á phlé áiteachai eile – léigh preas na hEorpa i gcoitinne – agus ní mór dúinn bheith ar an eólas faoina hargóintí.

  • An Teanga Bheo

    Colscaradh uaidh an mBreatain go minic dhá scór bliain ró fhada dhóibh is docha san Eoraip !