Rialtas gan móramh a bhí againn ag tús 2020, rialtas gan dealramh atá againn ag a dheireadh

Bhí ar an rialtas déileáil le fadhb i ndiaidh faidhbe in 2020 ach ba mhó a spéis uaireanta Sinn Féin a ionsaí

Rialtas gan móramh a bhí againn ag tús 2020, rialtas gan dealramh atá againn ag a dheireadh

Bhuel, sin bliain nach ndéanfar dearmad go luath nó go héasca uirthi.

Rialtas gan móramh a raibh éiginnteacht gan stad ag baint leis a chuir tús leis an mbliain agus anois agus sin ag teannadh le deireadh na bliana comhrialtas mífheidhmiúil atá againn ar cosúil nach ann dó ach amháin chun Sinn Féin a choinneáil amach.

Mar bharr ar an donas, bhuail an galar Covid-19 an tír mí an Mhárta agus chuir an phaindéim isteach go mór ar an ngeilleagar agus chothaigh sí faitíos i measc an phobail.

Tá léas beag dóchais le tabhairt faoi ndeara maidir leis an aicíd ó tháinig na vacsaíní ar an saol ach níl an galar curtha faoi chois againn fós. Cé gur thángthas ar réiteach sa deireadh san cainteanna trádála, tá scáth an Bhreatimeachta fós ós ár gcionn freisin.

I mí Feabhra nuair a fógraíodh an t-olltoghchán bhí Fianna Fáil ar mhuin na muice. Sna míonna roimhe sin ba mhinic iad chun tosaigh ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna agus bhí muinín acu go mbeadh siad in ann bua a fháil sa toghchán agus rialtas a chruthú a d’oirfeadh dóibhsean.

Níor tugadh mórán airde ar Shinn Féin, cé go raibh comharthaí ann sna pobalbhreitheanna go raibh an páirtí sin ag dul i dtreise. Ach ní raibh na seanpháirtithe móra buartha toisc an tubaiste a bhain do Shinn Féin sna toghcháin áitiúla in 2019.

Ní mar a shíltear a bhítear. D’éirigh le Sinn Féin níos mó vótaí céad rogha a fháil ná aon pháirtí eile agus ní raibh aon tslí eile ann chun iad a choinneáil amach as rialtas ach socrú suarach idir Fianna Fail agus Fine Gael le tacaíocht na heite deise ón Chomhaontas Glas.

Ceapadh Micheál Martin ina Thaoiseach sa samhradh, ach níl aon údarás aige mar tuigeann madraí an bhaile gur Taoiseach sealadach atá ann. Níos measa fós, ar ndóigh, tá tacaíocht Fhianna Fáil tite go tubaisteach ón 22% a fuair siad san olltoghchán go dtí 12%, mar a bhíonn acu go rialta sna pobalbhreitheanna de chuid Red C.

Níl a fhios ag éinne, fiú baill tofa an pháirtí an dtiocfaidh siad slán as an tsáinn seo nó an bhfuil todhchaí ar bith i ndán don pháirtí.

Ní haon chabhair dóibh go mbíonn botún i ndiaidh botúin á ndéanamh acu – pá na n-altraí faoi oiliúint agus ráiteas Martin faoi chás na mbanc aimsir na géarchéime na samplaí is déanaí.

Níl de pholasaí ag an rialtas ach Sinn Féin a ionsaí agus iarracht a dhéanamh díospóireacht faoi thréimhse an fhoréigin a choinneáil beo in intinn na vótóirí. Ach is cosúil nach mbíonn aon aird ag an aos óg ar na hiarrachtaí seo mar tá tacaíocht Shinn Féin i measc an ghrúpa seo ag thart ar 40%.

D’éirigh leis na Glasaigh dul isteach sa rialtas, ach tá a dtacaíocht tite go mór freisin mar gheall ar iad a bheith ceangailte le polasaithe a dhéanann neamhaird ar riachtanais na ndaoine is boichte sa tír. Fuair na Glasaigh os cionn 7% san olltoghchán, ach anois tá siad ar ais ag 4%.

Más fiú Páirtí an Lucht Oibre a lua ar chor ar bith, is leor a rá nach bhfuil aon dul chun cinn déanta acu. Tá iarracht déanta acu béim níos mó a leagan ar pholasaithe de chuid na heite clé ach ní cosúil go bhfuil na vótóirí ag éisteacht leo. Timpeall 4% a bhíonn acu de ghnáth sna pobalbhreitheanna.

Níl an milleán ar an rialtas maidir le Covid-19, ach i ndiaidh tús maith chuaigh siad amú nuair a thosaigh siad ag éisteacht le hargóintí faoi chúrsaí eacnamaíochta seachas le tuairimí na saineolaithe sláinte.

Faoiseamh mór don rialtas go bhfuil vacsaíní ar tí a bheith ar fáil, ach tá an rialtas ag feitheamh ar an taobhlíne ag fanacht ar ghaoth an fhocail ón Aontas Eorpach an fhaid is atá tíortha eile ag ceannach vacsaíní agus ag cur tús lena gclár vacsaínithe.

Agus cad mar gheall ar an AE? Níor chreid an rialtas is cosúil go dtarlódh an Breatimeacht ar chor ar bith. Agus ní fhágann an margadh go mbeimid in ann dó nó nach mbeimid i dtrioblóid mhór.

Ba chóir ar ndóigh go mbeadh muid tosaithe ár gcur féin in oiriúint dó ar a laghad bliain ó shin, ach mhaígh an rialtas i gcónaí go bhféachfadh an tAE i ndiaidh ár leasa.

Is é firinne an scéal gur beag aird a thug an tAE orainn ar deireadh thiar agus is muide a íocfaidh an praghas is mó.

Agus ná bí ag ceapadh go mbeidh cúnamh mór ar fáil againn ón AE. Tá ráite cheana féin ag uachtarán na Fraince Emmanuel Macron go mbeidh an Fhrainc ag tús na scuaine.

Annus horribilis cinnte. Ach céard atá i ndán dúinn sa mbliain úr? Rud amháin atá cinnte – níl tuairim dá laghad ag an rialtas mífheidhmiúil seo.

Fág freagra ar 'Rialtas gan móramh a bhí againn ag tús 2020, rialtas gan dealramh atá againn ag a dheireadh'

  • Seán Mag Leannáin

    “Ceapadh Micheál Martin ina Thaoiseach sa samhradh, ach níl aon údarás aige mar tuigeann madraí an bhaile gur Taoiseach sealadach atá ann. Níos measa fós, ar ndóigh, tá tacaíocht Fhianna Fáil tite go tubaisteach ón 22% a fuair siad san olltoghchán go dtí 12%, mar a bhíonn acu go rialta sna pobalbhreitheanna de chuid Red C.” Micheál Martin, an chéad Taoiseach sealadach – íoróin na n-íoróiní !