Rialtas gan chumas, rialtas gan réiteach, rialtas gan mhaith

Tá cúrsaí chomh holc don phobal toisc go n-oireann sé don mhargadh gur amhlaidh atá

Rialtas gan chumas, rialtas gan réiteach, rialtas gan mhaith

Má bhí amhras ann roimhe sin faoi mhífheidhmiúlacht an rialtais agus lucht chóras an rachmais atá i gceannas orainn, níl aon amhras a thuilleadh ann. Cíor thuathail aerfort Bhaile Átha Cliath, géarchéim gan réiteach na tithíochta agus teip ghlan shoiléir an rialtais i ngach gné beagnach den saol atá faoina gcúram – sin an fhianaise má bhí a leithéid ag teastáil.

Chomh maith leis sin tá an bhagairt go rachaidh an costas maireachtála i ndonas, agus go gcuirfear leis na scuainí fada sa gcóras sláinte, scuainí  gur ar éigean a thugann muid aon aird orthu.

Tá rud amháin i gcoitinne ag na fadhbanna seo go léir: níl tuairim dá laghad ag an rialtas conas iad a réiteach toisc go bhfuil siad rócheangailte leis an margadh saor is na prionsabail liobrálacha a bhaineann leis.

I gcás an aerfoirt, thug an comhlacht DAA bóthar agus íocaíocht iomarcaíochta do 284 oibrí nuair a bhuail an phaindéim cúrsaí taistil go dona.

Beart gearrthréimhseach, sea, ach shábháil an comhlacht roinnt bheag airgid toisc nach riabh mórán oibre ann do na hoibrithe ag an am.

Mar chuid den socrú sin ní féidir na hoibrithe céanna a fhostú arís – fiú dá mbeadh siad toilteanach – go ceann dhá bhliain. 

Ach sé an rud is measa ná go bhfuil an comhlacht anois ag tairiscint conarthaí nua ar phá níos ísle, €14 san uair. Níos measa fós, ní conarthaí lánaimseartha iad: sé sin, caithfidh na hoibrithe a bheith ar fáil le haghaidh ceathracha uair sa tseachtain nuair a bheidh an t-aerfort gnóthach, ach ní bheidh siad cinnte de ach fiche uair oibre nuair nach mbeidh an t-aerfort gnóthach.

Cén duine lenar féidir obair seachtaine dhéanamh ar €280?

Is léir anois go raibh sé i gceist ag an gcomhlacht nuair a thug siad iomarcaíocht do na hoibrithe sin go n-ísleoidís an pá do na hoibrithe nua. 

Oireann a leithéid do phrionsabail an mhargaidh, ach ní oireann sé dúinne atá ag iarraidh maireachtáil in aois na géarchéime costais. Níl sé morálta.

Ach cé go bhfuil an rialtas ag bladráil nach bhfuil na scuainí a bhí le feiceáil san aerfort inghlactha, níl tada le rá acu faoi na rátaí pá nó faoin gcaoi ar lig an comhlacht a gcuid oibrithe oilte chun siúil.

Maidir le tithíocht, tá fadhb na ndaoine gan dídean ag dul in olcas, in ainneoin ráitis an rialtais gur tosaíocht acu an fhadhb chéanna. Tá os cionn 10,000 duine gan dídean anois – i páistí trí mhíle díobhsan – gan trácht orthu siúd gan dídean nach bhfuil cláraithe in aon chor. Náireach.

Anuraidh leis cuireadh os cionn trí mhíle teaghlach as a n-áiteanna cónaithe, an fhad is bhí ag teip ar na pleananna a fhógraíonn an rialtas.

Agus an fáth? Tá an rialtas meáite ar a bheith ag brath ar an margadh le tithe a sholáthar. Cuireann na scéimeanna seo airgead i bpócaí na bhforbróirí, ach is beag an mhaith a dhéanann siad do dhaoine atá ag lorg áit chónaithe.

Féach ar an scéim Croí Cónaithe. Tá an scéim seo in ainm is a bheith ag cur na mílte áiteanna cónaithe ar fáil ar fud an stáit. Ach tá cead anois ag cistí infheistíochta – creach-chistí a thugtaí orthu sular theastaigh ón rialtas iad a chosaint – árasáin nach bhfuil díolta i ndiaidh bliana a cheannach. Níl aon iachall ar na forbróirí iad a dhíol leis an stát nó ar phraghas laghdaithe le daoine.

Tá cúrsaí amhlaidh toisc go n-oireann sé don mhargadh gur amhlaidh atá.

Maidir leis na gcostas maireachtála, tá an rialtas ag iarraidh muid a chur ar ár suaimhneas le geallúintí go mbeidh pacáiste cabhrach ann sa gcáinaisnéis sa bhfómhar. Ach tá an ghéarchéim ag éirí níos measa in aghaidh an lae, agus níl aon iarracht ar siúl ag an rialtas réiteach a fháil ar an bhfadhb is mó a thiomáineann an scéal: na smachtbhannaí atá curtha ar an Rúis.

Sea, in ionad iarracht a dhéanamh cabhrú le réiteach síochánta a fháil ar chogadh na hÚcráine, tá an rialtas seo againne ar na rialtais is glóraí ag iarraidh tuilleadh smachtbhannaí agus mar sin tuilleadh costais is méadú eile ar an gcostas maireachtála.

I ngach aon ghné d’obair an stáit, i dtaobh gach aon ghéarchéim a ghoilleann orainn, feiceann muid easpa cumais, easpa éifeachtúlachta is easpa réitigh.

Go deimhin is rialtas nach bhfuil ag feidhmiú mar rialtas atá ann; agus, is cosúil, gur rialtas é nach féidir leis feidhmiú mar rialtas.

An féidir linn, i ndáiríre, fanacht dhá bhliain go leith eile sula mbeidh deis againn rialtas eile a roghnú?

Fág freagra ar 'Rialtas gan chumas, rialtas gan réiteach, rialtas gan mhaith'

  • Pól Ó Braoin

    An faitíos atá orm ná go bplódóidh an dream sin, nach féidir liom ainm a chur orthu, an tír le iarrthóirí agus go sleamhnóidh siad isteach ar an gceathrú nó ar an gcúigú comhaireamh. Dhá bhliain fhada go leith. Beidh muid uilig scrúdtha faoi sin. Gheobhaidh siad bealach teacht timpeall ar na rialacha. B’shin an t-aon chumas atá acu.

  • Antóin

    Fianna Fealltach Fáil, Fine Gan Ghael agus na Giollaí Glasa – gan chumas, gan réiteach, gan mhaith. Is deacair gan aontú leat. Is olc liom mo mheanma áfach nuair a smaoiním ar na Stickies Féin i gceannas.

  • Seán Ó Floinn

    An mbíonn aon rud dearfach le rá ag Eoin riamh? Go han-mhinic ní bhíonn ach cantal agus cáineadh ina chuid colún…

  • An Teanga Bheo

    Ní sonas sa leaba le triúr in eindigh………………. iomarca