Tá Rí Thoraí, Patsaí Dan Mac Ruaidhrí, tar éis bháis.
Bhí sé 74 bliain d’aois.
Bhí Rí Thoraí ar dhuine de mhórphearsana shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge agus bhí aithne i bhfad agus i ngearr air mar ealaíontóir, mar cheoltóir, mar fheachtasóir agus mar ambasadóir don oileán Gaeltachta amach ó chósta Dhún nan Gall.
Rugadh i mBaile Átha Cliath i 1944 agus bhog sé go dtí an t-oileán nuair a d’uchtaigh teaghlach as Toraigh é agus é ceithre bliana d’aois.
Bhí sé ina rí ar Thoraigh ó fuair sé an gradam sin sna 1990í agus is beag duine a thug cuairt ar an oileán ó shin nach raibh scéal acu faoin bhfáilte fhial a chuir an Rí rompu.
B’fhear Gaeltachta go smior é a raibh a chroí agus a anam i dteanga, i gcultúr agus in oidhreacht Thoraí.
Chuir sé féin go mór leis an gcultúr sin mar dhuine d’ealaíontóirí ‘scoil phéintéireachta Thoraí’, an grúpa as an oileán a raibh an t-ealaíontóir mór le rá Derek Hill ina phátrún orthu. Thug sé le fios i gclár faisnéise raidió a craoladh ar RTÉ le gairid go raibh comhfhreagras ar bun idir é féin agus Prionsa Charles na Breataine faoi chúrsaí ealaíne. Dúradh ar an gclár gur thug an Prionsa, a raibh Derek Hill mar mhúinteoir ealaíne aige chomh maith, le fios don Rí gurbh é mian a chroí cuairt a thabhairt ar oileán Thoraí.
Fear gnímh ab ea é freisin a ghlac páirt i mórán feachtas ar son mhuintir Thoraí agus na n-oileán.
Bhí sé ar dhuine de na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an bhfeachtas i gcoinne athlonnú mhuintir Thoraí go dtí an mhórthír i 1974, tráth a raibh briseadh cumhachta ar an oileán ar feadh dhá mhí, agus is mó feachtas a ghlac sé páirt ann ó shin.
Ba é an ceann deireanach ar ghlac sé páirt ann ná an feachtas i dtaobh cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta Thoraí.
I mí Feabhra na bliana seo bhí Rí Thoraí ar dhuine de na ceoltóirí a thionlaic slua mór chomh fada le geataí na Dála mar chuid d’agóid faoin tseirbhís.
Maireann a bhean Caitlín agus a gceathrar clainne.
Mícheál
Fear uasal amach is amach. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach.
Íte Ní Chionnaith
Leaba i measc laochra na Gaeilge agus na Gaeltachta go raibh aige. Cailliúint mhór do phobal Thoraí agus dúinn go léir.
Ab
Mar a dúirt mé le mo chairde Gaeilge a raibh ann san oileán le chéile le Patsaí Dan i rith an tsamhraidh, is méala a bhás ar fud na bhfud is le fada. Beidh sé inár measc linn i gcónaí.
Go ndéana Dia a mhaith ar an fear uasal seo a raibh croí na féile aige.