Retours vers le futur! Na Francaigh ag cuimhneamh ar 98 agus iad réidh chun an beart a dhéanamh arís

CLUICHE CEANNAIS CHORN AN DOMHAIN: Agus am breise imeartha acu ina dtrí chluiche go dtí seo, tá 90 nóiméad breise imeartha ag na Crótaigh seachas mar atá ag na Francaigh rud a d’fhéadfadh a bheith cinniúnach anocht

Retours vers le futur! Na Francaigh ag cuimhneamh ar 98 agus iad réidh chun an beart a dhéanamh arís

Fiche bliain ó shin, i 1998, nuair a bhuaigh Zindeine Zidane agus a chairde Corn an Domhain, chas An Fhrainc agus An Chróit ar a chéile sa gcluiche leathcheannais. Chuir Davor Suker na Crótaigh chun cinn sa dara leath ach ba iad na Francaigh a thug an lá leo, a bhuíochas den chosantóir Lillian Thuram, a d’aimsigh dhá chúl.

Má éiríonn leis an Fhrainc na Crótaigh a shárú arís tráthnóna, ba cheart go mbeadh siad chomh buíoch céanna dá gcuid cosantóirí agus a bhí siad de Thuram i 1998. D’fhéadfadh gurb iad tosaithe na Fraince a bhuafaidh cluiche na hoíche anocht dóibh, ach is iad na cosantóirí a thug chomh fada seo iad.

Ba é Samuel Umtiti a d’aimsigh an cúl cinniúnach i gcoinne na Beilge sa chluiche leathcheannais ach bhí tionchar chomh mór céanna ar an gcluiche ag a chomhpháirtí i lár an aonaid chosanta, Raphael Varane, a bhí ar fheabhas ó thús go deireadh. Nuair a chuirtear N’Golo Kanté san áireamh, is beag foireann eile atá chomh láidir ó thaobh na cosanta de.

Beidh tábhacht mhór le Kanté arís anocht agus é ag iarraidh srian a choinneáil le Luka Modric i lár na páirce. Tá siadsan ar bheirt de na himreoirí is fearr sa chomórtas agus níor casadh Modric aon imreoir chomh láidir le Kante go dtí seo sa Rúis.

Fiú má bhí cuma thraochta ar Modric i gcoinne Shasana bhí sé seasta ar a mhíle dícheall ar thóir na peile agus ba é an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc é.

Caithfidh go mbeidh an tuirse ag cur as dó féin agus dá chomhimreoirí anocht, áfach. Bhí ar an gCróit am breise in imirt sna trí chluiche díbeartha atá imeartha acu sa Rúis. Is ionann sin agus a rá go bhfuil 90 nóiméad, nó cluiche iomlán breise imeartha acu seachas mar atá ag na Francaigh.

Tá gortuithe ag cur as dóibh chomh maith. Bhí an cúl báire, Danijel Subasic, ar leathchos i gcoinne Shasana agus bhí Sime Vrsaljko ag streachailt chomh maith. Bhí ar Ivan Strinic agus Mario Mandzukic an pháirc a fhágáil sa chluiche sin agus iad féin leonta.

Lena gceart a thabhairt dóibh, bhí go leor acu spíonta i gcoinne Shasana ach fós níor ghéill siad orlach. Seo é cluiche ceannais Chorn an Domhain ar ndóigh agus is cinnte go rachaidh siad go bun an tobair arís, ach beidh sé i bhfad níos deacra acu an Fhrainc a chur de dhroim seol ná mar a bhí sé na Sasanaigh a bhualadh. Mar atá ráite cheana, tá cosantóirí den scoth ag foireann Didier Deschamps ach ní haon údar náire iad a gcuid tosaithe ach an oiread.

Nuair a bhí an lámh in uachtar ag Sasana ar na Crótaigh sa chluiche leathcheannais, ba é luas Raheem Sterling a rinne an diabhal ar chosantóirí na Cróite. Mura raibh cosantóirí na Cróite in ann ag luas Sterling, is ar éigean go mbeidh siad in ann ag Kylian Mbappé agus Antoine Griezmann.

Tá fadhbanna Olivier Giroud ó thaobh scórála de soiléir go maith faoin tráth seo, ach tá sárjab déanta aige deiseanna agus spás a chruthú do na fir timpeall air. Tá obair mhaith déanta ag Paul Pogba i lár páirce chomh maith, cé nach amhlaidh an cás aige i gcónaí.

Mar a tharlaíonn go minic i gcás cluichí ceannais, d’fhéadfadh nach cluiche iontach a bheadh againn anocht ach ba cheart go mbeadh an Fhrainc róchumasach don Chróit.

Tuar Tuairisc.ie: An Fhrainc

Fág freagra ar 'Retours vers le futur! Na Francaigh ag cuimhneamh ar 98 agus iad réidh chun an beart a dhéanamh arís'