Réiteach sásúil atá ó chách, ach faraor ní hé an réiteach céanna é

Tá Theresa May leonta go dona agus í ag filleadh ar an bParlaimint amárach

Réiteach sásúil atá ó chách, ach faraor ní hé an réiteach céanna é

Bhí Nigel Dodds chomh sásta le cat an dá eireaball. Bhí neart an DUP follasach is é ag déanamh gaisce sa Pharlaimint in Westminster oíche Dé Céadaoin tar éis dhá vóta chinniúnacha inar imir an páirtí tionchar ollmhór. Ba iad 10 vóta fheisirí an DUP a chinntigh gur theip ar rún mímhuiníne Jeremy Corbyn i rialtas Theresa May d’ainneoin a ról lárnach sa treascairt stairiúil a d’fhulaing an Príomh-Aire ceithre huaire fichead roimhe sin.

Tá Theresa May leonta go dona agus í ag filleadh ar an bParlaimint amárach Dé Luain le plean a phléifear an Luan dár gcionn. Is é an t-aon rud ar féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag seans go mbeidh plean substaintiúil nua aici a gheobhaidh tacaíocht na bhfeisirí agus a bheadh inghlactha ag an Aontas Eorpach. Tá an t-aer plúchta le caint ar Bhreatimeacht bog, An Iorua-plus, Ceanada-plus, reifreann eile nó an Breatimeacht a chur ar ceal. Níl ach dream beag de na feisirí i bhfabhar imeacht as an AE gan aon mhargadh ach tá sé sin san áireamh mura ndéanfar athrú ar an reachtaíocht.

Tá an cinneadh go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe, ina hiomláine, an tAontas Eorpach de dhlúth agus d’inneach a margaidh leis na Caomhaigh, a dúirt ceannaire an DUP sa Pharlaimint. Bhí sraith cruinnithe ag Dodds agus ceannaire an DUP, Arlene Foster le Theresa May ó shin, ach ar éigean ba ghá dóibh a mheabhrú don Phríomh-Aire go mbeadh sí cniogtha murach iad. Le vótaí an DUP a thug sí na sála lei ón rún mímhuiníne; dá mbeadh na 10 vóta sin caite an bealach eile bheadh farasbarr d’aon vóta amháin ag rún Jeremy Corbyn ina haghaidh. Beag an baol nach mbainfeadh an DUP leas as an gcumhacht sin ach bheadh sé contúirteach ró-úsáid a bhaint aisti.

Margadh sásúil atá uathu, a deir siad.

Céard é sin? Mar is dual don DUP ó lá a bhunaithe tá a fhios go maith againn céard nach bhfuil uathu ach cé is moite de ‘sláine na Ríochta Aontaithe a chosaint’ níl sonraí tugtha acu faoina bhfuil uathu. Tá sé ráite arís agus arís eile ag Arlene Foster gurb é cosaint na Ríochta Aontaithe a príomhchuspóir agus chuige sin go gcaithfear an cúlstad a chur ar ceal.

Bhí leideanna á dtabhairt ag roinnt feisirí Caomhacha nach raibh an DUP chomh dolúbtha is a cheaptar. Ba chosúil freisin go raibh Arlene Foster ag smaoineamh gur leor teorainn ama a chur leis an ‘gcúlstad nimhiúil’ chun go nglacfaidís leis an margadh aistarraingthe ar thug 432 feisire an t-eiteachas dó agus gan ach 202 ina fhabhar. B’fhéidir gurbh é sin faoi ndear na leideanna faoi sholúbthacht ach ní léir gur athrú poirt é.

Seans gur cúlú é ón leagan amach a bhí acu ó aistríodh an t-údarás sa pháirtí as Stormont go Westminster in 2016, is é sin a bheith ag treisiú ar an neamhghéilliúlacht.

Mar atá ráite cheana sa cholún seo, níl seasamh reatha an DUP ag teacht leis an litir a sheol Arlene Foster agus Martin McGuinness mar Chéad-Aire agus LeasChéad-Aire Stormont i samhradh 2016 chuig Theresa May ag éileamh cúram speisialta do Thuaisceart Éireann. Mar sin bheadh socrú a choinneodh an Ríocht Aontaithe san aontas custam agus ailínithe leis an margadh aonair ag teacht leis an seanchur chuige – b’fhéidir go bhfuil léas beag dóchais ansin cé go gcuirfeadh sé an Grúpa Eorpach Taighde (ERG) le báiní.

Mhaígh Gavin Robinson, feisire an DUP d’oirthear Bhéal Feirste, go raibh na dreamanna ar fad atá in aghaidh an réiteach aistarraingthe ar aon fhocal go gcaithfí fáil réidh leis an gcúlstad. Ní fíor. Is léir go raibh na Caomhaigh a vótáil in aghaidh a rialtais féin agus an DUP aontaithe ach bhí iliomad cúiseanna ag an gcuid eile. Ó tá Theresa May i mbun comhairliúcháin traspháirtí, nó ar a laghad ag bualadh le feisirí ó pháirtithe eile, is liosta le háireamh na héilimh atá le clos aici.

Cuir deireadh as éadan leis an ‘imeacht gan mhargadh’, a bhí mar réamhchoinníoll ag ceannaire an fhreasúra, Jeremy Corbyn, sula nglacfadh sé páirt sna cainteanna, ar a dtug sé galamaisíocht. Ní bheadh sé deacair ag Corbyn galamaisíocht a aithint ó tharla gurb é sin go díreach atá ar siúl aige féin i dtaca leis an mBreatimeacht; é ag diúltú as éadan a bheith oscailte faoina bhfuil uaidh.

D’ainneoin baghcat a gceannaire bhuail ionadaithe ón Lucht Oibre, Yvette Cooper agus Hilary Benn, le hairí. Bhuail an SNP, Plaid Cymru, na Liobrálaigh Dhaonlathacha agus an Comhaontas Glas le Theresa May ach ba chosúil nach raibh i gceist ach cúirtéis.

Teastaíonn uathu sin go léir go gcuirfí imeacht gan mhargadh as an áireamh agus, mura mbeidh margadh draíochta de chineál éigin aici Dé Luain, go ngairfí reifreann chun na roghanna uile a chur faoi bhráid an phobail. Leanfaidh an Lucht Oibre le vótaí mímhuiníne a chur sa rialtas is cosúil mar chuid d’fheachtas Corbyn chun olltoghchán a fháil. Chaithfeadh rud éigin gan choinne tarlú chun go n-éireodh leis an bplean sin.

Is féidir cás loighciúil a dhéanamh ar son reifrinn. Tá an Pharlaimint chomh deighilte sin nach bhfuil ar a gcumas teacht ar réiteach agus ní sárú ar chearta an vótóra é iarraidh air/uirthi vótáil arís. Bheadh sé ciallmhar na roghanna seo a chur faoi bhráid an phobail – Breatimeacht gan mhargadh, Breatimeacht de réir an réitigh ar ghlac rialtas Theresa May leis ach a fuair an t-eiteachas ó fheisirí, plean B, má bhíonn a leithéid ann, nó fanacht san AE.

Tá May dubh dóite in aghaidh reifrinn agus foinsí rialtais ag maíomh go dtógfadh sé bliain chun reifreann a eagrú.

Tá ag méadú ar an mbuairt ar dhaoine ar an oileán seo, thuaidh agus theas, agus na ceisteanna faoina bhfuil i ndán don teorainn ag méadú freisin. An mbeidh aon cheo níos soiléire tar éis imeachtaí an lae amárach in Westminster?

Cá bhfios?

Fág freagra ar 'Réiteach sásúil atá ó chách, ach faraor ní hé an réiteach céanna é'