Réiteach ar bith ar cheist faoi phinsin iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge tar éis plé cúig bliana

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh ‘an-díomá’ air nach bhfuil aon fhreagra tugtha fós maidir le hiarratas go mbeadh iarfhostaithe de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge i teideal pinsean na seirbhíse poiblí

Réiteach ar bith ar cheist faoi phinsin iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge tar éis plé cúig bliana

An tAire Catherine Martin

Cé go bhfuil beagnach cúig bliana ann ó pléadh an scéal sa Dáil ar dtús, níl aon réiteach ann go fóill maidir le scéim phinsin iarfhostaithe de chuid eagraíocht Ghaeilge.

Dúradh in 2017 go raibh Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí i dteagmháil lena chéile maidir le scéal a bhain le pinsin iarfhostaithe de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge agus deir Aire na Gaeltachta go bhfuil an dá roinn go fóill i mbun plé maidir leis an scéal.

Dúirt an tAire Catherine Martin le gairid go raibh a Roinn “fós ag plé na ceiste seo leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe féachaint an féidir teacht ar réiteach ina leith”.

Baineann an scéal le hiarratas go mbeadh iarfhostaithe de chuid Bhord na Leabhar Gaeilge, a aistríodh go dtí Foras na Gaeilge i dtús na bliana 2008, i dteideal phinsean na seirbhíse poiblí.

Ní raibh aon scéim phinsin ag Bord na Leabhar Gaeilge nuair a aistríodh na fostaithe agus is ar an mbonn sin a chinn Roinn na Gaeltachta ar dtús nach raibh siad i dteideal phinsean na seirbhíse poiblí don tréimhse sular aistríodh iad.

Tugadh na fostaithe isteach faoin Scéim Phinsin Thuaidh/Theas nuair a aistríodh go dtí Foras na Gaeilge iad.

Chuaigh an Foras i dteagmháil le Roinn na Gaeltachta in 2017, áfach, ag iarraidh go mbeadh daoine a bhí fostaithe le Bord na Leabhar Gaeilge agus a d’aistrigh go dtí an Foras i dteideal pinsin do na blianta sular aistríodh iad.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, an Teachta Dála Joe McHugh go rabhthas ag fanacht ar chomhairle bhreise faoin scéal ón Roinn Caiteachais Phoiblí ach is beag dul chun cinn atá déanta maidir leis an scéal ó shin.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív a chuir ceist ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin faoin scéal an tseachtain seo caite.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go raibh “an-díomá” air nach raibh cinneadh ar bith déanta go fóill.

“Tá an-díomá orm go bhfuil an oiread seo moille orthu ag déanamh cinnidh. Shílfeá gur cás thar a bheith eisceachtúil a bhí anseo agus go mbeifí in ann cinneadh a dhéanamh sciobtha faoi,” a dúirt Ó Cuív.

“Tá sé ag dul ar aghaidh píosa fada anois agus beidh mé ag coinneáil i ndiaidh na ceiste go dtí go bhfaighidh mé freagra.”

Fág freagra ar 'Réiteach ar bith ar cheist faoi phinsin iarfhostaithe Bhord na Leabhar Gaeilge tar éis plé cúig bliana'