Chaithfeadh duine a bheith dall agus bodhar mura dtuigeann sé faoin am seo go bhfuil ceangal idir an fás as cuimse atá ar an gcine daonna agus téamh na cruinne, athrú aeráide, agus an chriac sin ar fad.
Bhí tubaiste timpeallachta á tuar ag meitheal eolaithe arís le deireanas.
Le trí scór bliain anuas, dar leis an Ollamh Will Steffen, príomhúdar dhá staidéar faoi athrú aeráide a d’fhoilsigh an Australian National University agus an Stockholm Resilience Centre an tseachtain seo caite, tá athruithe nach bhfacthas a leithéid le deich míle mbliana tagtha ar phróisis bhunúsacha a bhaineann leis an mbeatha ar an bpláinéad seo. Tá baint mhór ag ródhaonrú – agus ag ár gcóras eacnamaíoch – le gach ceann de na hathruithe sin.
Dar leis an Ollamh Steffen go bhfuil an domhan ag druidim le casphointe: má thagann ardú idir a cúig agus sé chéim ar an teocht meánach, tá ár gcosa nach mór nite, dar leis. Tá sé in am gnímh.
‘History has shown that civilisations have risen, stuck to their core values and then collapsed because they didn’t change. That’s where we are today,’ a dúirt Steffen leis an nuachtán The Guardian.
Níl an Pápa Proinsias dall agus bodhar, is cosúil. Seans go raibh alt faoi staidéir Steffen díreach léite aige nuair a d’fhógair sé, ar fhilleadh ó na hOileáin Fhilipíneacha dó ag tús na seachtaine seo, ‘nár chóir do Chaitlicigh pórú ar nós coiníní’. Ba leor triúr clainne ar lánúin, dar leis an bPápa.
Ach mhíneodh múinteoir matamataice ar bith duit nach laghdódh moladh an Phápa daonra an domhain.
Ar ndóigh, coincheap thar a bheith conspóideach é seo – daonra an domhain a laghdú. Contúirteach, fiú amháin. Tosaigh ag caint air, agus an chéad rud eile, tiocfaidh gealt éigin aníos le ‘réiteach deiridh’ (mar a thug na naitsithe ar a gcampaí báis) ar mhaithe leis an timpeallacht.
Ach tá bealaí eile ann chun srian a choinneáil ar líon na ndaoine ar an bpláinéad seo. Dar liom féin go bhfuil córas den scoth ag an talamh torthach – ‘Mamaí Nádúr’ – leis na céadta míle bliain.
Ní bhfuair eolaithe amach riamh – go bhfios dom – cén fáth gurb ann do dhaoine aeracha. Glactar leis go forleathan go bhfuil baint ag déantús gineolaíoch an duine agus ag tógáil, araon, leis an scéal.
Ach an bhféadfadh sé gurb é an homaighnéasachas an bealach nádúrtha atá ag an gcine daonna le srian a choinneáil ar a líon ar bhealach béasach, dea-mhúinte?
Is cinnte gur mó i bhfad an glacadh atá le homaighnéasachas i gcuid mhór den domhan le trí scór bliain anuas – go bunúsach, ó thosaigh méadú ollmhór ag teacht ar dhaonra na cruinne.
Rud a éascaíonn do dhaoine aeracha an saol a chaitheamh a bhí sa chinniúint dóibh – agus ródhaonrú a chosc ag an am céanna.
Meas tú an bhfuil aigne osdaonna éigin ann – tabhair comfhios comhchoiteann uirthi, nó Mamaí Nádúr, nó Dia mas maith leat – a chasfadh an cnaipe a chinnteodh gur duine aerach a bheas i nduine as gach triúr clainne atá á moladh ag an bPápa?
Aonghus Ó hAlmhain
Ní aontaím le do léamh.
Ní thagann sé leis na fíricí. Muide san Iarthar – áit a bhfuil an daonra ag laghdú cheana féin – is cúis le mór chuid den ídiú fuinnimh is cúis leis an forthéamh domhanda. Seanscéal agus caonach (chiníoch) air an éileamh go mbeadh níos lú daoine donna ann. Ní athródh sin faic.