‘Réiteach’ ar an easaontas faoin Acht Gaeilge molta ag Alliance

Maíonn Páirtí an Alliance go sásódh an dréachtreachtaíocht teanga atá foilsithe inniu acu an DUP agus Sinn Féin araon maidir le ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh

‘Réiteach’ ar an easaontas faoin Acht Gaeilge molta ag Alliance

Tá moltaí a “réiteodh” an t-easaontas idir Sinn Féin agus an DUP maidir le ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh foilsithe tráthnóna ag Páirtí an Alliance.

Dréacht atá sna moltaí ar na príomhphointí a chreideann Alliance ba chóir a bheith san Acht agus a cheadódh athbhunú Stormont. 

De réir mholtaí Alliance, bheadh aitheantas ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil sna húdaráis phoiblí agus sa chóras dlí ach d’aithneofaí an Béarla mar “theanga chomónta an dlí agus an riaracháin”.

Sholáthrófaí comharthaíocht phoiblí i nGaeilge “de réir mhianta an phobail áitiúil”. D’fhágfadh sé sin nach mbeadh comharthaíocht dhátheangach ann in áiteanna sa Tuaisceart nach dteastaíonn a leithéid ón bpobal ansin. Bheadh gá le “aontú trasphobail” sula gcuirfí aon chomharthaíocht dhátheangach suas.

Cheapfaí Coimisinéir Teanga leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus le súil a choinneáil ar chaighdeáin na seirbhísí Gaeilge agus na seirbhísí aistriúcháin a bheadh ar fáil ó thuaidh. Bheadh dualgais ar eagrais stáit comhfhreagras a sheoltar i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge agus cáipéisí dlí a aithint.

Tá moltaí eile sa cháipéis a bhaineann le cultúr agus oidhreacht an Tuaiscirt trí chéile. D’aithneofaí an Ultais mar theanga dhúchais ó thuaidh, de réir mar a aithnítear i gCairt na hEorpa í agus thabharfaí aitheantas do chultúr na hUltaise sa chóras oideachais freisin.

Dhéanfaí cinnte de go mbeadh teacht ag gach duine ar spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ar an deis chun é sin a dhéanamh agus chuirfí áiseanna roinnte ar fáil nuair ba ghá.

Maíonn Alliance go dtagann a moltaí leis na comhaontuithe éagsúla inar gealladh reachtaíocht teanga le 20 bliain anuas. Chuir an páirtí i leith an DUP gur ar an bpáirtí aontachtach sin atá an locht nár achtaíodh reachtaíocht teanga don Ghaeilge go dtí seo.

Molann Alliance go gcuirfí an tAcht Teanga i bhfeidhm taobh istigh de bhliain ón lá a dtiocfadh Stormont le chéile arís.

Fág freagra ar '‘Réiteach’ ar an easaontas faoin Acht Gaeilge molta ag Alliance'