Maítear go bhfuil “deis stairiúil” ann an Ghaeilge a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide agus reifreann beartaithe ag Aontas Mac Léinn na hollscoile maidir le post d’Oifigeach Gaeilge lán-aimseartha a chruthú san aontas.
Ghlac Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) an tseachtain seo le rún a mhol go reáchtálfaí reifreann maidir le ról lánaimseartha a dhéanamh de phost Oifigeach Gaeilge an Aontais agus go dtabharfaí deis do mhic léinn vóta a chaitheamh ar an gceist.
Dá n-éireodh leis an reifreann sin, thabharfaí stádas bunreachtúil don Gaeilge laistigh den aontas chomh maith.
Vótáil Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2017 ar son post lánaimseartha ar phá a dhéanamh den oifigeach Gaeilge agus vótáil mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe anuraidh go ndéanfaí post lánaimseartha den ról in aontas na hollscoile sin.
Dúirt TCDSU go raibh sé mar sprioc ag an aontas an Ghaeilge a chur chun cinn mar “ghnáth-theanga laethúil”, go rabhthas ag iarraidh “cearta sibhialta” a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus go rabhthas ag iarraidh an teanga a dhéanamh níos feiceálaí laistigh den aontas agus ar fud na hollscoile trí chéile.
Union Forum a mhol an rún go reáchtálfaí reifreann i measc na mac léinn maidir leis an bpost nua agus thacaigh Uachtarán TCDSU, László Molnárfi, leis.
I dtuairisc i Trinity News, dúirt Oifigeach Gaeilge reatha TCDSU, Pádraig Mac Brádaigh, go raibh “deis stairiúil” ann anois an teanga a chur chun cinn i gColáiste na Tríonóide, deis ó thaobh “cearta sibhialta na Gaeilge”
“Tá cúlra na coilíneachta ag Coláiste na Tríonóide agus léireodh an vótáil ar son an reifrinn seo go bhfuil an-dul chun cinn sóisialta déanta ag pobal na tíre seo i leith a teanga,” a dúirt Mac Brádaigh.
Dúirt sé nach mbeadh an t-am ná na hacmhainní riamh ag Oifigeach Gaeilge páirtaimseartha chun na cúraimí uile a bhaineann leis an ról – aistriúcháin, cruinnithe, stocaireacht agus tuilleadh – a chomhlíonadh.
Agus é ag tacú leis an rún, dúirt Uachtarán an Aontais, László Molnárfi, gur thuig sé ag teacht go hÉirinn gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na tíre agus gur mhaith leis go mbeadh níos mó deiseanna ag daltaí idirnáisiúnta cosúil leis fhéin taithí a fháil ar an teanga.
Sula rachfar ar aghaidh leis an reifreann, caithfear cead a fháil lena reáchtáil ó Choiste Caipitíochta TCDSU. Beidh an t-ábhar á phlé ag cruinniú de chuid an choiste sin ag deireadh na míosa.
Fág freagra ar 'Reifreann beartaithe do mhic léinn Choláiste na Tríonóide maidir le post d’Oifigeach Gaeilge lánaimseartha'