Réaltra fadhbanna a bhfuil an néaltrú ina chroílár atá sa ghalar Alzheimer…

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Níos minice ná a mhalairt bíonn raidhse fadhbanna sláinte eile ag cur as don té atá thíos le galar Alzheimer

Réaltra fadhbanna a bhfuil an néaltrú ina chroílár atá sa ghalar Alzheimer…

Go hiondúil, ní hé galar Alzheimer (nó néaltrú de chineál eile) amháin a bhíonn ag cur as do dhuine a mbeadh a leithéid air nó uirthi.

Orthu siúd atá níos sine a thagann an néaltrú, tar éis an tsaoil, agus níos minice ná a mhalairt bíonn raidhse fadhbanna sláinte eile, idir bheaga agus mhóra, ag cur as don té a bheadh thíos leis.

Tá ardbhrú fola ag cur as do mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, ó bhí sí meánaosta.

Bhí taom iscéimeach neamhbhuan (TIA) aici aon bhliain déag ó shin, nuair a bhí sí 64. Le cúig nó sé cinn de bhlianta anuas, tá na cromáin ag cur as di agus dá oilce a díchuimhne, is é cás na gcromán is mó atá ag déanamh tinnis do mo mháthair, dom féin agus do mo dheartháir óg faoi láthair. 

Uair sa tseachtain, tugann fisiteiripeoir cuairt ar mo mháthair agus tugaim féin (trí mheán físghlaoigh), mo dheartháir óg agus na cúramóirí páirtaimseartha cúnamh do mo mham leis na cleachtaí coirp a bhíonn uirthi a dhéanamh gach lá, ach is i ndonas atá an scéal ag dul.

Bíonn cor ina droim agus í ag siúl agus is maith a d’aithneofá ó na strainceanna ar a haghaidh agus ó na cneadanna a ligeann sí aisti go ngortaíonn chuile choiscéim í.

Ná cuir ceist orm cén chaoi is féidir sin, ach ní bhíonn na cromáin ag cur as di nuair a bhíonn sí ag rothaíocht; murach an rothar céanna ní bheadh ar a cumas dul níos faide ná 200 méadar ón teach.

Faoin am seo, tá dearmad déanta agam féin agus ag mo dheartháir óg cá mhéad cuairteanna a thug muid ar an dochtúir teaghlaigh le mo mháthair chun scéal na gcromán a phlé.

Deir an dochtúir go bhfuil obráid as an áireamh toisc go bhfuil galar Alzheimer ar mo mham.

Ní hamháin go bhféadfadh sé go rachadh cúrsaí cuimhne i ndonas go mór dá ndéanfaí máinliacht ar mo mham faoi ainéistéiseach ginearálta, ach bheadh ar mo mham teacht chuici féin in ionad cúraim ar feadh míosa go leith, áit a mbeadh uirthi foghlaim conas siúl as an nua – rud nach mbeadh éasca agus a cumas foghlama laghdaithe go mór de bharr galar Alzheimer.

Ní aontaíonn an síceolaí a dhéanann monatóireacht ar néaltrú mo mháthar, agus a ceapadh ina ‘bainisteoir’ ar a cás, leis an dochtúir teaghlaigh.

Dúirt an síceolaí linn tamall de mhíonna ó shin go bhfuil fuinneog ama ann fós chun obráid mháinliachta a dhéanamh ar chromáin mo mháthar – ach nár mhór dúinn a bheith sciobtha. 

Ansin tháinig an coróinvíreas.

Beimid ag bualadh ar dhoras an dochtúir teaghlaigh arís a luaithe is a bheidh an ráig Covid-19 thart – nó ar a laghad ar bith, nuair a bheidh sé sábháilte a dhóthain duine atá san aoisghrúpa is mó atá i mbaol ón ngalar sin a thabhairt chomh fada le hospidéal do rud chomh ‘fánach’ agus obráid ar na cromáin. 

Ach idir an dá linn tá deacracht eile ag cur imní orainn.

Na piollaí a bhíonn ar mo mháthair a thógáil d’fhonn an t-ardbhrú fola a choinneáil faoi smacht – ceithre cinn éagsúla, ag amanna éagsúla sa lá – déanann sí dearmad orthu ó am go chéile, in ainneoin nach bhféadfadh an córas a cuireadh i bhfeidhm chun iad a dháileadh a bheith níos simplí.

Ní haon dochar dearmad uair nó dhó sa tseachtain, ach nuair nach mbeidh ar a cumas féin a thuilleadh a cógas a thógáil mar is cóir, is baolach nach mbeidh ar a cumas cónaí léi féin a thuilleadh.

Níos mó ná riamh roimhe seo, is léir dom féin agus do mo dheartháir óg nach fadhb shláinte aonair é galar Alzheimer, ach réaltra fadhbanna arb é galar Alzheimer an croílár.

Fág freagra ar 'Réaltra fadhbanna a bhfuil an néaltrú ina chroílár atá sa ghalar Alzheimer…'

  • Mait Ó Brádaigh

    Alex,
    Píosa an-deas faoi do mháthair. Tuigim duit go háirithe maidir le fadhbanna ag carnadh. Seo mar go bhfuilim agus mo chuid siblíní ag tabhairt aire do mo mháthair féin agus ag iarraidh í a choinneáil ina teach féin. Níl aon néaltrú i gceist ach tá na fadhbanna éagsúla fisiciúla – siúl, galrú, niúmóine, etc ag teacht i mullach a chéile go minic. Stopann an galrú an siúl agus cothaíonn sé mearbhall san intinn. Ospidéal faoi thrí ón gCáisc ach d’éirigh léi an víreas a sheachaint go dtí seo.
    Mait Ó Brádaigh