‘Réalta Samhraidh’ do léitheoirí óga na Gaeilge ag Leabharlanna Dhún na nGall

Aidhm na scéime ná páistí bunscoile a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh i gcaitheamh an tsamhraidh

‘Réalta Samhraidh’ do léitheoirí óga na Gaeilge ag Leabharlanna Dhún na nGall

Tá clár léitheoireachta an tsamhraidh do léitheoirí óga na Gaeilge, Réalta Samhraidh, seolta ag leabharlanna Dhún na nGall. Beidh réimse imeachtaí á n-eagrú mar chuid den chlár chomh maith le crannchur speisialta do pháistí bunscoile a fhaigheann leabhar Gaeilge ar iasacht ón leabharlann i rith an tsamhraidh.

Aidhm na scéime ná páistí bunscoile a spreagadh le leabhair Ghaeilge a léamh i gcaitheamh an tsamhraidh. Seo í an chéad bhliain a mbeidh crannchur speisialta do léitheoirí óga na Gaeilge á chur ar bun ar fud an chontae agus duaiseanna le buachan ag deireadh an tsamhraidh.

Is é Denis McGeady, Leabharlannaí i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, a tháinig ar an smaoineamh anuraidh agus cuireadh i bhfeidhm go háitiúil é. D’éirigh go maith leis agus shocraíodar an scéim a scaipeadh amach i mbliana.

Beidh páistí in ann clárú in aon cheann den 21 leabharlann agus ionad ‘Taobh Tíre’ sa chontae agus beidh a gcrannchuir féin i ngach ceann acu, a mhínigh Joe Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin le Comhairle Contae Dhún na nGall.

“Nuair a fhaigheann páistí bunscoile leabhar Gaeilge ar iasacht ó leabharlann nó ionad ‘Taobh Tíre’ i nDún na nGall faigheann siad ticéad órga do chrannchur speisialta. Beidh crannchur dá gcuid féin ag gach ceann den 21 leabharlann nó ionad ‘Taobh Tíre’ ag deireadh an tsamhraidh.”

“Bhí an-tóir ar na leabhair Ghaeilge mar gheall ar an chomórtas seo agus fuair muid tacaíocht ó Sheán Ó Daimhín agus Róise Ní Laifeartaigh ó Rannóg na Gaeilge i gComhairle Contae Dhún na nGall an togra a scaipeadh ar fud an chontae i mbliana. Beidh na hOifigigh Pleanála Teanga uilig sa chontae ag tabhairt tacaíochta dúinn agus ag scaipeadh an scéil i mbliana.”

Téama an chláir i mbliana ná ’Cuir Síol na Léitheoireachta’ agus gheobhaidh gach páiste a chláraíonn le ‘Réalta Samhraidh’ pota in-bhithmhillte agus síolta lus na gréine. Chomh maith leis an gclár léitheoireachta, cuirfear ceardlanna ar bun freisin ina mbeidh deis ag páistí foghlaim faoi phailneoirí agus an tábhacht atá leo sa dúlra.

Bíonn freastal maith ar Réalta Samhraidh, a deir Ó Ceallaigh agus é féin agus a chomhghleacaithe ag súil go gcuirfidh an fhorbairt nua seo leis an tóir ar leabhair Ghaeilge mar chuid den chlár léitheoireachta.

“D’fhreastail 1,911 páiste ar imeachtaí anuraidh agus tá clár cuimsitheach curtha le chéile don scéim arís i mbliana. Beidh imeachtaí ar bun i ngach leabharlann – ceardlanna Lego, seisiún scéalaíochta agus go leor imeachtaí eile.”

Tá 21 ionad ar fud an chontae idir leabharlanna agus ionaid Taobh Tíre inar féidir le páistí páirt a ghlacadh sa gclár léitheoireachta samhraidh. Tionscnamh is ea Taobh Tíre de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhéachann le feabhas a chur ar na seirbhísí leabharlainne a chuirtear ar fáil do phobail tuaithe agus iargúlta ar fud an chontae.

Oibríonn an tseirbhís leabharlainne i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla chun rochtain a sholáthar ar sheirbhísí leabhar agus faisnéise i gceantair atá róbheag le brainse leabharlainne a choinneáil iontu. Tá 8 n-ionad Taobh Tíre faoi láthair ar fud Dhún na nGall, 6 cinn acu atá sa nGaeltacht, Cill Charthaigh, an Fál Carrach, Baile na Finne, Árainn Mhór, Toraigh agus Na Dúnaibh.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://www.donegallibrary.ie/

Fág freagra ar '‘Réalta Samhraidh’ do léitheoirí óga na Gaeilge ag Leabharlanna Dhún na nGall'