Réalta óga Youtube le Gaeilge á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá conradh €40,000 á thairiscint ag Tuismitheoirí na Gaeltachta do chomhlacht léiriúcháin nó duine aonair atá lonnaithe sa Ghaeltacht le hábhar siamsúil i nGaeilge a fhorbairt do dhaoine óga ar na meáin shóisialta

Réalta óga Youtube le Gaeilge á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Tá conradh €40,000 á thairiscint ag Tuismitheoirí na Gaeltachta do chomhlacht léiriúcháin nó duine aonair atá lonnaithe sa Ghaeltacht le hábhar siamsúil i nGaeilge a fhorbairt do dhaoine óga do chainéal YouTube agus ardáin shóisialta na heagraíochta.

Mar chuid den tionscadal nua, tá sé i gceist ag an eagraíocht go mbeadh físeáin á ndéanamh ag Youtubers óga Gaeltachta faoi chluichí ríomhaireachta nó bréagáin nua nó eile.

Tá súil ag an eagraíocht chomh maith go ndéanfaí forbairt ar an ábhar atá ar fáil i nGaeilge ar Tik Tok agus ar na hardáin shóisialta eile a bhfuil suim ag daoine óga iontu.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, go bhfuil gá cur leis an ábhar idirghníomhach i nGaeilge ar líne atá ar fáil do dhaoine óga, go háirithe le linn aimsir seo na paindéime.

“Ó cuireadh an dianghlasáil i bhfeidhm, tá daoine óga ag caitheamh i bhfad níos mó ama ar líne agus os comhair scáileáin. Caithfidh muid glacadh leis go bhfuil sé mar chuid den saol comhaimseartha agus an cineál siamsaíochta céanna a chur ar fáil i nGaeilge.

“Cé go bhfuil go leor ábhar i nGaeilge ar na meáin shóisialta, aithníonn muid go bhfuil ábhar idirghníomhach gann. Bíonn an-tóir ar a leithéid i mBéarla,” a dúirt sí.

Obair forbartha, léirithe agus margaíochta atá luaite leis an tairiscint, lena n-áirítear ‘branda Thuismitheoirí na Gaeltachta ar YouTube agus na meáin shóisialta eile a fhorbairt’, ‘físeáin a léiriú le réaltaí YouTube Gaeilge sna canúintí éagsúla’, ‘físeáin faoi chluichí ríomhaireachta macasamhail Minecraft, Among Us, Mario a léiriú’ agus’ stór focal Gaeilge a bhaineann le cluichí ríomhaireachta agus ábhar eile ar líne a fhorbairt, a úsáid agus a scaipeadh’.

Dúirt Ní Chéilleachair go bhfuil “scileanna agus saineolas fé leith” i gceist leis an chineál seo oibre agus go raibh sé tábhachtach go mbeadh an saothar ar ardchaighdeán.

“Aon rud atá ar fáil i mBéarla do na páistí tá muid ag iarraidh go mbeadh a leithéid chéanna ar an gcaighdeán céanna nó níos fearr ar fáil i nGaeilge,” a dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair.

Glacfar le hiarratais go dtí an 11 Samhain 2020.

Fág freagra ar 'Réalta óga Youtube le Gaeilge á lorg ag Tuismitheoirí na Gaeltachta'

  • Jessica Dingle

    Cén aoisghrúpa atá I gceist le na físeáin seo? Agus cá seoltar iarratais go dtí?