Réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua ainmnithe do Chonnacht den chéad uair

Deir príomhchóitseálaí Chonnacht, Andy Friend, go bhfuil súil aige go n-imreoidh Colm de Buitléar a chéad chluiche don chúige amárach ar an mBóthar Beag i gcoinne Bordeaux Bègles

Réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua ainmnithe do Chonnacht den chéad uair

Fear Chonnacht, Colm de Buitléar. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tá Colm de Buitléar, arb as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara dó, ainmnithe i scuad Chonnacht dá gcluiche i gCorn an Dúshláin i gcoinne Bordeaux Bègles amárach.

Tá an-mheas ar de Buitléar i measc lucht Acadaimh Chonnacht agus ardú céime anois faighte aige go dtí foireann na sinsear do chluiche an lae amárach ar an mBóthar Beag. Tá imreoir eile ón acadamh, Conor Fitzgerald, ainmnithe i measc na n-ionadaithe chomh maith.

Dúirt príomhchóitseálaí Chonnacht, Andy Friend, go bhfuil gealladh faoin mbeirt acu agus go bhfuil súil aige iad a chur chun páirce am éigin i rith an chluiche amárach.

“Tá súil againn go bhfaighidh siad deis a gcéad chluiche a imirt ag tráth éigin amárach. Is deis mhór í seo dóibh, imirt i gcluiche Eorpach os comhair an tslua sa bhaile ar an mBóthar Beag.”

Is ag 3.00pm a imreofar an cluiche amárach agus Connacht ag cur tús lena bhfeachtas i gCorn an Dúshláin.

Seo an dara bliain ag de Buitléar san acadamh rugbaí ag Connacht agus is d’fhoireann forbartha an chúige, Connacht Eagles, a bhíonn sé ag imirt den chuid is mó ó shin. Is ar na cliatháin nó mar lánchúlaí is mó a imríonn sé.

Is mac léinn é de Buitléar, atá bliain is fiche d’aois, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

D’fhreastail sé ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua agus bhí sé ar fhoireann na scoile sin a bhuaigh craobh rugbaí i gConnacht in 2016, an chéad scoil Ghaeltachta ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh. D’aimsigh de Buitléar trí úd sa chluiche ceannais in aghaidh scoil Gortnor Abbey as contae Mhaigh Eo.

Fág freagra ar 'Réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua ainmnithe do Chonnacht den chéad uair'