Réalta óg an Daingin ag fágáil slán le Ciarraí agus conradh le síneadh aige le Geelong

In agallamh ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, d’fhógair Mark O’Connor go raibh sé ag eirí as an bpeil Ghaelach chun aghaidh a thabhairt ar shaol nua mar imreoir gairmiúil leis na Geelong Cats san Astráil

Réalta óg an Daingin ag fágáil slán le Ciarraí agus conradh le síneadh aige le Geelong

Imreoir óg Chiarraí, Mark O'Connor. INPHO/Donall Farmer

Tá cinneadh déanta ag imreoir óg de chuid Chiarraí Mark O’Connor conradh dhá bhliain a shíneadh le cumann peile Geelong san Astráil.

In agallamh ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, d’fhógair O’Connor, ar as an Daingean i gCorca Dhuibhne dó, go mbeadh sé ag eirí as an bpeil Ghaelach chun aghaidh a thabhairt ar an Astráil agus saol nua mar imreoir gairmiúil leis na Geelong Cats.

Tá O’Connor, atá 19 bliain d’aois, i measc na n-imreoirí óga is fearr sa tír agus Corn Uí Ógáin agus Craobh Mhionúir na hÉireann araon buaite faoi dhó aige. Bhí sé ar mhórphainéal na sinsear ag Ciarraí anuraidh chomh maith agus an chuma ar an scéal go mbainfeadh sé áit amach ar an bhfoireann go luath.

Ag labhairt dó ar An Saol Ó Dheas inniu, dúirt go raibh idir “sceitimíní” agus “imní” ar faoina chinneadh. Cinneadh “deacair” a bhí ann ach theastaigh “dúshlán difriúil” uaidh agus ba é an saol mar imreoir proifisiúnta agus an deis “traenáil agus feabhsú gach lá” ba mhó a mheall é.

Thug sé le fios go raibh bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice “an-shásta” dó “ar bhonn pearsanta” ach gan amhras ní raibh daoine chomh sásta céanna agus “caipín Chiarraí orthu”. Dúirt sé nár chuir Fitzmaurice “aon bhrú” air agus go mba amhlaidh an scéal ag Jack O’Connor, bainisteoir fhoireann faoi 21 an chontae.

Dúirt fear an Daingin gur beag a d’fhéadfadh CLG a dhéanamh chun imreoirí óga a choinneáil ag an mbaile.

Ba mhór an difir idir a bheith ag iarraidh post a choimeád agus peil a imirt anseo agus d’am “go léir” a chaitheamh leis an bpeil san Astráil. Ní raibh cúrsaí airgid i gceist in aon chor, a dúirt sé. “Níl sé tábhachtach, coimeádfaidh sé tú ag dul, agus cuirfidh sé bia ar an mbord.”

Dúirt O’Connor gur roghnaigh sé Geelong seachas na clubanna eile san Astráil ar thug sé cuairt orthu le déanaí toisc gur bhraith sé “an-chomporadach” ann.

“Baile ciúin” a mheabhraigh an Daingean dó é Geelong agus bhí na daoine “an-chairdiúil” ann. “Bhraitheas age baile ann,” a dúirt sé.

Thug sé suntas chomh maith don chomhairle a chuir iar-imreoir Chiarraí agus na Sydney Swans Tadhg Kennelly air. Dúirt Kennelly leis go raibh Geelong ar cheann de na trí chlub is fearr san Astráil.

Fág freagra ar 'Réalta óg an Daingin ag fágáil slán le Ciarraí agus conradh le síneadh aige le Geelong'