Réalta Mhainistir na Móna agus Chill Chóirín-Cluain Bheirn réidh do chluiche ceannais na hÉireann

Craolfar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Clubanna na mBan ar TG4 tráthnóna agus seaimpíní Chorcaí agus curaidh na Gaillimhe ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís

Réalta Mhainistir na Móna agus Chill Chóirín-Cluain Bheirn réidh do chluiche ceannais na hÉireann

Mainistir na Móna v Cill Chóirín-Cluain Bheirn – Biorra, 1.00in (Beo ar TG4)

Tá súil le sárchoimhlint tráthnóna nuair a chasfaidh peileadóirí Mhainistir na Móna agus Chill Chóirín-Cluain Bheirn ar a chéile i gcluiche ceannais Craobh Shinsir Clubanna na mBan i mBiorra.

Chas na foirne céanna ar a chéile i gcluiche ceannais 2019, nuair a bhí bua aon phointe amháin ag seaimpíní Chorcaí ach beidh Cill Chóirín-Cluian Bheirn muiníneach go maith go mbeifear in ann an beart a dhéanamh an uair seo.

Tá nach mór an fhoireann chéanna is a d’imir dhá bhliain ó shin ainmnithe ag sárchlub na Gaillimhe do chluiche an lae inniu. Tá Chloe Costello tagtha isteach in áit an seanfhondúra, Annett Clarke, ach tá iarimreoir na Gaillimhe fós mar chuid de phainéal Chill Chóirín-Cluain Bheirn. Foireann óg a bhí ag na Gaillimhigh dhá bhliain ó shin agus ba cheart go mbeadh na himreoirí óga sin – Ailish Morrissey, Eva Noone, Chloe Miskell agus tuilleadh – i mbarr a réime anois.

Is iad Olivia Divilly agus na deirfiúracha Nicola agus Louise Ward ceannairí na foirne. Scórail Nicola dhá chúl nuair a bhuaigh siad ar Dhomhnach Maighean na Mí sna babhtaí leathcheannais ach beifear ag súil le níos mó ó Louise má tá Cill Chóirín-Cluain Bheirn chun cluiche an lae inniu a bhuachan.

Níl aon easpa taithí ar na Corcaígh ach an oiread. Tá dosaen imreoirí aa thosaigh cluiche ceannais 2019 ainmnithe chun tosú inniu. Níl sárimreoir Átha Cliath Noelle Healy ag imirt do Mhainistir na Móna níos mó ach tá muintir O’Sullivan fós acu – Ciara, Doireann, Méabh agus Róisín. Réalta idirchontae iad Ciara agus Doireann ach tá boinn uile-Éirinn buaite acu uile agus is sárimreoirí freisin iad leithéidí Eimear Meaney, Bríd O’Sullivan agus Máire O’Callaghan.

Agus an cumas sin iontu, is iad Mainistir na Móna rogha na coitiantachta ach tabharfaidh mná na Gaillimhe neart le déanamh dóibh tráthnóna.

Fág freagra ar 'Réalta Mhainistir na Móna agus Chill Chóirín-Cluain Bheirn réidh do chluiche ceannais na hÉireann'