Reachtaíocht teanga le foilsiú inniu agus súil le tuilleadh sonraí

Cuireadh fáilte mhór roimh na sonraí atá tugtha cheana féin faoi na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Reachtaíocht teanga le foilsiú inniu agus súil le tuilleadh sonraí

Inniu a fhoilseofar na ceannteidil chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar ghlac an Rialtas Dé Máirt leo.

Cuireadh fáilte mhór roimh chinneadh sin an Rialtais agus b’údar dóchais dóibh siúd ar suim leo cearta teanga na sonraí atá tugtha cheana féin faoi na hathruithe.

Beidh súil ghéar á caitheamh mar sin ag eagraíochtaí teanga agus ag an gCoimisinéir Teanga ar na ceannteidil féin nuair a fhoilseofar inniu iad.

De réir an bhille bheadh “sprioc” ann go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus cuirfear spéis ar leith in aon sonraí breise faoin ngné seo den reachtaíocht a fhoilseofar inniu.

Dar leis an an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go mbeidh a bhfuil i ndán don reachtaíocht nua ag brath don chuid is mó ar conas a rachfar i ngleic le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

“Seachas aon ní eile tá seirbhísí trí Ghaeilge ag brath ar a dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Caithfear a chinntiú mar sin go mbeidh polasaí earcaíochta ann a thabharfaidh feidhm mar ba chóir do na hathruithe atá molta,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge gur maith é go dtugann na ceannteidil aghaidh ar cheist na hearcaíochta sa státseirbhís ach gur ghá le “spriocdháta cinnte” leis an gcuspóir go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.

“Is gá spriocdháta cinnte a lua leis an leasú seo chun gur féidir dul chun cinn na hearcaíochta a mheas agus líon na bhfostaithe a mhéadú ar bhonn straitéiseach,” a dúirt Mac Fhlannchadha

Tá an Coimisinéir agus Conradh na Gaeilge ag súil freisin go mbeidh breis sonraí ar fáil inniu faoi ghnéithe eile den Bhille agus go mbeidh spriocanna agus spriocdhátaí cinnte luaite leis na forálacha.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát, agus chuirfí córas nua caighdeánaithe bunaithe ar rialacháin ina áit.

Faoin gcóras nua dhéanfaí rangú ar bhreis is 600 comhlacht poiblí sa Stát agus bheadh an tseirbhís trí Ghaeilge a chuirfidís ar fáil ag brath ar an dteagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Cuirfear spéis mhór mar sin in aon sonraí breise a bheidh ar fáil sna ceannteidil a fhoilseoidh Roinn na Gaeltachta i dtaobh an chórais nua sin.

Tá ráite cheana ag an Aire Stáit Kyne go mbeadh sé “riachtanach” faoin reachtaíocht “go n-oibreoidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht trí Ghaeilge” agus beifear ag súil go mbeidh spriocanna cinnte leis an bhforáil áirithe sin sna ceannteidil.

De réir an bhille bheadh an chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga fíneáil a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí nach gcloíonn leis an dlí teanga nó a sháraíonn an tAcht Teanga “go leanúnach”.

Bheadh “dualgas nua” faoin reachtaíocht ar chomhlachtaí poiblí “rogha” a thabhairt do dhaoine a ainm agus a seoladh Gaeilge a úsáid agus, de réir an bhille, bheadh dualgas ar aon chomhlacht poiblí nua a ainm a bheith i nGaeilge.

Bheadh dualgas chomh maith ar gach comhlacht poiblí nua lógónna dátheangacha a bheith acu agus bheadh an dualgas céanna ar aon chomhlacht poiblí atá ann cheana féin a bheadh ag athrú a lógónna.

Chuirfí “bearta nua” i bhfeidhm chomh maith chun a chinntiú go mbeadh stádas níos fearr ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair. Tá na “bearta” sin le haontú leis an Aire agus leis an Roinn Iompair, a deirtear.

Dúirt an tAire Kyne Dé Máirt go raibh sé “thar a bheith sásta” go bhfuil cead faighte aige “chun brú ar aghaidh leis an mBille Teanga nua chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus d’úsáid an Ghaeilge”.

Dúirt an tAire Stáit go raibh an Ghaeilge “ag crosbhóthar” faoi láthair.

“Sna figiúirí Daonáirimh is déanaí, cé go bhfuil roinnt comharthaí dearfacha iontu thaispeáin siad freisin na dúshláin agus an brú atá ar an nGaeilge, go háirithe mar gheall ar chumhacht an Bhéarla.

“Is léir go bhfuil gá le hathruithe reachtaíochta agus beartais nua agus tionscnaimh nua chomh maith le ceannaireacht ón Rialtas agus an Stát.

Chuir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu glacadh leis na moltaí reachtaíochta a chuir an tAire Kyne faoina bhráid.

Tá an Conradh ag súil go nglacfar “leis na moltaí uile i ndréachtbhille Chonradh na Gaeilge” agus an reachtaíocht á plé ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, an chéad chéim eile don reachtaíocht teanga nua.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht teanga le foilsiú inniu agus súil le tuilleadh sonraí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …go mbeadh sé “riachtanach” faoin reachtaíocht “go n-oibreoidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht trí Ghaeilge”
    Cá mhéad oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht??? Agus caidé fá na contaetha sin a bhfuil limistéir Gaeltachta iontu? Nár cheart do na húdaráisí áitiúla (comhairlí contae) sna contaetha sin níos mó seirbhísí a thairiscint trí mheán na Gaeilge seachas bheith ag fanacht ar an phobal an chéad chéim a ghlacadh le teagmháil a dhéanamh leofa trí mheán na Gaeilge?

    …dualgas nua…ar chomhlachtaí poiblí “rogha” a thabhairt do dhaoine a ainm agus a seoladh Gaeilge a úsáid…
    Nár cheart go mbeadh sé éigeantach an seoladh Gaeilg a úsáid sa Ghaeltacht? Sé sin, má sheoltar comhfhreagras ón Ghaeltacht chuig comhlacht poiblí, agus an seoladh Gaeltachta scríofa i mBéarla, nár cheart don chomhlacht poiblí sin an leagan Gaeilg den seoladh Gaeltachta sin a úsáid agus a mhíniú don té a rinne teagmháil leo go n-úsáidtear an leagan Gaeilg amháin chun cumarsáid/comhfhreagas/teagmháil a dhéanamh leis an Ghaeltacht?

    Agus é ag caint ar an Ghaeilg ‘ag crosbhóthar’ b’fhiú don Aire Stáit a chuid sonraí teagmhála féin a cheartú . Cá háit a bhfuil ‘Spiddal Road, Moycullen’?? Agus nach bhfuil leagan Gaeilg ar ‘Bohermore, Galway’??

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …bheadh an tseirbhís trí Ghaeilge a chuirfidís ar fáil ag brath ar an dteagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.
    ??? Tá seo arís ag cuir an dualgas uilig ar mhuintir na tíre an chéad chéim a ghlacadh le teagmháil trí Ghaeilg a dhéanamh leis an stát!!! Amaidí!!!

  • Mánus

    Níl an Ardteist oiriúnach do scoláirí a labhrann an Ghaeilge sa bhaile nó atá ag freastal ar na Gaelcholáistí dara leibhéil. Toisc an Ardteist do bheith dírithe go hiomlán ar foghlaimeoirí níl an Ghaeilge á mhúineadh ar ardchaighdeán ins na Gaelcholáistí agus an cupla meánscoil sa “Ghaeltacht” atá ag teagasc go hiomlán tré mheán na Gaeilge. Níl cruineass Ghaeilge ag céimithe na Gaeilge le grád onórach 2.1 fiú! Cén caoi go mbeidh siad in ann státseirbhísí le hardchaighdeán Ghaeilge a earcú nuair nach bhfuil an córas oideachais in ann a leithéid a chothú? Theastódh an leibhéil is airde TEG An Teastas Eorpach sa Ghaeilge ag daoine sa státsheirbhís ar laghad. Ach chun freastal mar is ceart thesstódh sainchúrsaí faoi leith chun go mbeadh státseirbhísigh in ann do bheith ag plé le réimsí ar nós eolaīocht, talmhaíocht, airgeadas, eacnamaíocht srl.