Reachtaíocht speisialta á lorg le hÉireannaigh sa Bhreatain a chosaint

Tá Conor McGinn, Feisire Parlaiminte de bhunadh Ard Mhacha, ag iarraidh go dtabharfaí reachtaíocht isteach a chosnódh Éireannaigh sa Bhreatain i ndiaidh an Bhreatimeachta

Reachtaíocht speisialta á lorg le hÉireannaigh sa Bhreatain a chosaint

Tá éilithe ag Feisire Parlaiminte de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar Shráid Downing reachtaíocht speisialta a thabhairt isteach a thabharfadh cosaint d’Éireannaigh sa Bhreatain i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá Conor McGinn, as Contae Ard Mhacha, ina chathaoirleach ar an nGrúpa Parlaiminte do na hÉireannaigh sa Bhreatain i Westminster.

Tá éilithe ag McGinn go gcuirfí reachtaíocht os comhair Westminster a luaithe is a fhillfidh na Feisirí ó shaoire an tsamhraidh.

Tá ráite cheana féin ag Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus ag Rúnaí an Bhreatimeachta, David Davis, nár cheart go n-athrófaí stádas na nÉireannach sa Bhreatain, ná stádas na mBriotanach in Éirinn, i ndiaidh an Bhreatimeachta in 2019.

“Tá na céadta míle Éireannach ina gcónaí sa Bhreatain le blianta fada. Seo é a n-áit chónaithe agus an áit ar oibrigh siad, ar thóg siad a gclann, agus ar chuir siad go mór lena bpobal. Cuirfidh sé imní mhór orthu mura mbeidh cosaint acu,” a dúirt McGinn.

An tseachtain seo caite, mhaígh an saineolaí ar dhlí na himirce, Bernard Ryan ó Ollscoil Leicester, nach bhfuil aon chinnteacht i reachtaíocht na Breataine maidir le stádas na nÉireannach.

Dúirt an tOllamh Ryan gur beag seans go nglacfadh cúirteanna na Breataine leis go bhfuil díolúine ó reachtaíocht na hinimirce ag Éireannaigh mar gheall ar Acht na hÉireann 1949 ná Acht na hInimirce 1971.

“Níl aon soláthar sonrach ann i ndlí inimirce na Breataine a thabharfadh le fios go bhfuil an ceart ag saoránaigh na hÉireann, mar aicme, teacht isteach chun cónaí sa Ríocht Aontaithe gan cead inimirce a fháil. Tá éiginnteacht ann faoin gcead oibre, staidéir, agus teacht ar leas sóisialach a chinntítear do shaoránaigh an AE, i ndiaidh 2019,” a dúirt sé.

Dúirt sé go dteastódh “réiteach iomlán reachtaíochta” lena dheimhniú cén seasamh atá ag saoránaigh na hÉireann. Dúirt sé freisin nach bhfuil aon tionchar ag ballraíocht san AE ar an gcomhlimistéar taistil idir an Bhreatain agus an tír seo.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht speisialta á lorg le hÉireannaigh sa Bhreatain a chosaint'