Reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart le tabhairt isteach in Westminster roimh dheireadh na míosa – tuairiscí

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mura ndéanfaí an cúram in Stormont

Reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart le tabhairt isteach in Westminster roimh dheireadh na míosa – tuairiscí

Tabharfar reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart isteach in Westminster faoi dheireadh na míosa, de réir tuairiscí.

Tuairiscítear go raibh oifigigh de chuid Rialtas na Breataine i dteagmháil le páirtithe Stormont faoin scéal le roinnt laethanta anuas agus go bhfuil bailchríoch curtha ar an mBille um Fhéiniúlacht agus Teanga (Tuaisceart Éireann).

Dé réir tuairisce ar an Irish News inniu ní thógfaidh sé ach roinnt laethanta an bille a chur tríd ach deis a fháil chuige.

Tá an tuairisc is déanaí faoin reachtaíocht ag teacht leis an méid a bhí le rá ag an Taoiseach Micheál Martin faoin scéal ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt an Taoiseach an uair sin gurbh é a thuiscint ar chás na reachtaíochta teanga don Tuaisceart ná go dtabharfadh Rialtas na Breataine isteach í sa bhliain nua.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimhe sin ach tá pobal na Gaeilge sa Tuaisceart fós ag fanacht uirthi.

Bhí éirí amach san DUP in aghaidh a n-iarcheannaire Edwin Poots mar gheall ar an margadh a rinneadh le Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster.

Tá an DUP ag iarraidh ar Rialtas na Breataine gan dul ar aghaidh leis an reachtaíocht tráth a bhfuil an Prótacal Breatimeachta don Tuaisceart fós ina údar aighnis.

Ba nuair a bhagair Sinn Féin i mí an Mheithimh seo caite nach bhfillfidís ar Stormont gan gealltanas a fháil ón DUP go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach a d’aontaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí an cúram in Westminster dá mba ghá.

Mí Eanáir 2020, dhá bhliain ó shin, a gealladh reachtaíocht don Ghaeilge mar chuid den chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua in Eanáir 2020.

Mí na Nollag seo caite, d’iarr Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe idirghabháil a dhéanamh san fheachtas ar son na reachtaíochta Gaeilge don Tuaisceart.

Iarradh ar na Náisiúin Aontaithe tacú le héileamh an Chonartha go dtabharfaí cothrom na Féinne do phobal na teanga i dTuaisceart Éireann agus go ndéanfaí gníomh chun sin a bhaint amach.

Tá roinnt beartas don Ghaeilge geallta ann, ina measc coimisinéir teanga agus stádas oifigiúil don teanga.

Fág freagra ar 'Reachtaíocht Ghaeilge don Tuaisceart le tabhairt isteach in Westminster roimh dheireadh na míosa – tuairiscí'