‘Réabadh’ déanta ar pháirc chumann peile Gaeltachta

Dúirt CLG An Cheathrú Rua gur cuireadh luach €6,000 de ghaineamh ar an bpáirc le gairid chun í a fháil réidh don séasúr atá le teacht

‘Réabadh’ déanta ar pháirc chumann peile Gaeltachta

Tá cumann peile Gaeltachta ag iarraidh ar dhaoine teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí má tá aon eolas acu ar eachtra loitiméireachta a rinne scrios ar an bpáirc imeartha.

Deir Cumann Lúthchleas Gael na Ceathrún Rua i gConamara go ndearnadh “réabadh” ar an bpáirc imeartha áitiúil, Páirc an Chathánaigh, ag an deireadh seachtaine.

Is léir ó phictiúir a d’fhoilsigh an cumann gur tugadh carr ag spraoithiomáint ar an bpáirc imeartha agus tá loirg chairr le feiceáil ar fud na páirce. Oíche Dé Sathairn nó go moch maidin Dé Domhnaigh a tharla an eachtra.

I dteachtaireacht a d’fhoilsigh CLG An Cheathrú Rua ar a shuíomh Facebook, dúradh gur cuireadh luach €6,000 de ghaineamh ar an bpáirc le gairid. Imríodh cuid de chluichí Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022, a reáchtáil Naomh Anna, Leitir Móir, ar Pháirc an Chathánaigh an mhí seo caite.

“Cuimhnigh ar an méid oibre a bhíonn le déanamh ag Coiste na Páirce agus againne mar chumann peile áitiúil chun airgead dá shórt a bhailiú,” a dúradh. “Coistí deonacha muid atá ar mhaithe le muintir an cheantair chun áiseanna imeartha a chur ar fáil dár bpobal, idir óg agus sean. Nach náireach an píosa nuachta é le fáil tar éis an deireadh seachtaine a bhí againn?”

Léiríodh díomá faoin méid a tharla, go háirithe i ndiaidh “an t-ardú meanman” a bhí tugtha ag foirne peile na Gaillimhe do mhuintir na háite ag an deireadh seachtaine. Bhuaigh foireann mhionúir na Gaillimhe Craobh na hÉireann oíche Dé hAoine agus bhain na sinsir áit i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Sathairn nuair a bhuaigh siad ar Dhoire.

D’iarr CLG An Cheathrú Rua ar aon duine a bhfuil eolas acu ar an eachtra teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána.

Fág freagra ar '‘Réabadh’ déanta ar pháirc chumann peile Gaeltachta'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Faigh bleachtaire maith chun rian na mbonn rotha a scrúdú.