Ré úr Stormont faoi scáth scannal an RHI

Bhí córas Stormont chomh mífheidhmiúil sin go raibh gá le hathruithe láithreach chun seans a thabhairt don fheidhmeannas athbhunaithe

Ré úr Stormont faoi scáth scannal an RHI

Is iomaí duine a mheas nach bhféadfaí Stormont a athnuachan go dtí go mbeadh tuarascáil an fhiosraithe ar RHI foilsithe agus an gortghlanadh a mholfaí déanta. Bhí dul amú orainn. Níor fhoilsigh an Breitheamh Coghlin a thuairisc ar an bpraiseach maidir leis an scéim fuinnimh inathnuaite fós ach tá na Teachtaí Tionóil ar ais i mbun gnóthaí ar an gCnoc.

Táthar á thuar go bhfoilseofar tuarascáil an bhinse fiosraithe an mhí seo chugainn, cé nach bhfuil sé sin dearbhaithe faoin tráth seo ag an mBreitheamh. De ghnáth bheadh sé stuama fanacht leis an tuairisc agus a moltaí sula ndéanfaí leasuithe. Léirigh an fhaisnéis a cluineadh sa bhfiosrú, áfach, go raibh an córas chomh mífheidhmiúil sin go raibh gá le hathruithe láithreach chun seans a thabhairt don Stormont athbhunaithe.

Léirigh an pobal gur theastaigh uathu go ngabhfadh na polaiteoirí ar ais go Stormont, go háirithe i bhfianaise na géarchéime sa tseirbhís sláinte ach ba léir go raibh drochmheas go forleathan ar réimeas Stormont 2007-2017 i ngeall ar an eolas a nochtadh ag fiosrú an RHI.

Ba léir go gcaithfí céimeanna feabhsúcháin a ghlacadh chun freagracht airí agus a gcomhairleoirí, maille le trédhearcacht an chórais rialaithe, a chinntiú. Leagadh síos mar riachtanas é sa cháipéis a d’fhoilsigh an dá rialtas New Decade, New Approach.

Ar an gcéad lá de ghnáthsheisiúin an Tionóil, Dé Luain, cuireadh tús leis an obair nuair a eisíodh rialacha nua maidir leis na comhairleoirí neamhthofa. Údar alltachta ag an bpobal ab ea faisnéis a cuireadh faoi bhráid an fhiosraithe ar an RHI maidir le ról agus cumhacht na gcomhairleoirí sin agus iompar a raibh amhras faoi ag cúpla duine acu.

Ghlac an Chomh-aireacht leis na treoirlínte nua a d’eisigh an tAire Airgeadais, Conor Murphy, Sinn Féin. Bhí an gá le rialacha daingne maidir le comhairleoirí ar cheann de na ceisteanna a aontaíodh idir na páirtithe sna cainteanna.

Baineann na treoracha nua le conas a cheaptar na comhairleoirí, a scála pá agus, go háirithe, an caighdeán iompair a éilítear orthu. Dúirt an tAire Murphy gur neartaigh sé na rialacha um chód iompair na gcomhairleoirí i bhfianaise imní an phobail faoina gcleachtais. Cuid riachtanach den chóras iad na comhairleoirí speisialta neamhthofa mar thaca leis na hairí a dúirt sé agus ba cheart go mbeadh a n-iompar ar ardchaighdeán na seirbhíse poiblí. “Má táthar chun muinín an phobail sna hinstitiúidí a chothú, is den riachtanas é go gcomhlíonfar na coinníollacha seo agus na luachanna ar a bhfuil siad bunaithe,” arsa Murphy.

Ní léir an leor na hathruithe seo chun míshuaimhneas an phobail a mhaolú nó chun cibé breithiúnas a dhéanfaidh fiosrú an RHI a shásamh. Níor shásaigh siad Jim Allister, TUV, atá ag iarraidh a chinntiú go mbeadh feidhm reachtúil le rialacha nua ionas gurbh fhéidir an dlí a chur ar éinne a sháródh iad.

Go hachomair, sé/sí an tAire féin a cheapfaidh comhairleoir ach is í an Roinn Airgeadais (státseirbhísigh), go neamhspleách, a shocróidh an pá. Beidh aire freagrach as iompar/mí-iompar agus smachtú a chomhairleora (tharraing easpa freagrachta airí as na fostaithe sin an-chuid plé ag fiosrú an RHI). Ní mór do chomhairleoirí miontuairiscí agus taifid chruinne a choinneáil agus ríomhphost oifigiúil a úsáid – beart riachtanach chun aineolas, díchuimhne nó rith aonair, mídhleathach nó dleathach, a chosc. Faoin gcód nua foilseofar cuntas bliantúil ar chostas na gcomhairleoirí speisialta in iomláine, pá iomarcaíochta san áireamh; foilseofar freisin pá an dá rang is airde. Tá an t-uasphá íslithe ó £92,000 go £85,000.

Bhí sé riachtanach na rialacha nua a eisiúint gan aon mhoill mar go dteastaíonn ó Airí nuacheaptha a gcomhairleoirí a roghnú, 16 ar fad acu; beidh ochtar in Oifig an Fheidhmeannais –sin oifig an Chéad agus an LeasChéad-Aire mar a bhíodh – agus duine amháin i ngach roinn eile. Beifear ag faire go géar féachaint an mbeidh aon athrú ar an gcur chuige. An mbeidh na comhairleoirí nua ag feidhmiú ar mhaithe le leas an phobail nó leas an pháirtí polaitíochta lena mbaineann an tAire?

Ní hiad na comhairleoirí speisialta a bhí faoi bhrat amhrais i ndiaidh an fhiosraithe. Níor mhaise ar an státseirbhís an fhianaise a tugadh faoi chleachtais neamhchoitianta. Ina measc sin easpa miontuairiscí mar (gur tuigeadh) nár mhaith leis na páirtithe móra eolas áirithe a bheith ar an taifead a d’fhéadfaí a nochtadh faoin reachtaíocht saoráil faisnéise nó iarraidh ar shaineolaithe, ar íocadh airgead poiblí leo, a mbreithiúnas a leasú chun é a chur in oiriúint do dhearcadh páirtí/comhairleora nó aire.

Agus ansin tá na polaiteoirí agat. Thit Stormont in 2017 nuair a dhiúltaigh Arlene Foster seasamh i leataobh le haghaidh scrúdú ar RHI. Ba é a seasamh freisin faoi ndear an fiosrú poiblí. Níor chuir sí lena cáil mar Aire cumasach lena fianaise ag an bhfiosrú, díchuimhne, milleán ar státseirbhísigh agus í ‘cuntasach gan a bheith freagrach’ as iompar a comhairleora. Bhí Airí eile i gceist freisin ach is í Arlene Foster, atá fós ina Céad-Aire, a bhunaigh scéim an RHI gan srianta ar bith a chur ar chostas. Cén bharúil a bheidh ag an mBinse? Cad iad na ciallachais di féin, don DUP agus don Fheidhmeannas? Is dóigh gur gearr go mbeidh a fhios againn.

Ó tharla gurb é an Roinn Airgeadais a d’ordaigh an fiosrú, scríobh an tAire Conor Murphy chuig an Breitheamh Coghlin le gairid ag cur in iúl dó gur chuig a Roinn agus nach chuige féin ba cheart an tuarascáil a sheoladh chun a léiriú go mbeadh foilsiú na tuarascála saor ó thionchar polaiteoirí.

Fág freagra ar 'Ré úr Stormont faoi scáth scannal an RHI'