‘Ré órga í seo do litríocht na Gaeilge’

Beidh Pádraic Breathnach as Maigh Cuilinn ceithre scór bliain d’aois an samhradh seo. Labhair Tuairisc leis an scríbhneoir iomráiteach faoina shaol agus a shaothar

‘Ré órga í seo do litríocht na Gaeilge’

Pádraic Breathnach in éindí le mo gharmhac Evan i 2014

“Ag plé leis an talamh a bhí m’athair, agus muid ar fad,” a deir Pádraic Breathnach agus é ag caint liom faoina chúlra agus faoina óige. 

“Aon duine dhéag gasúr a bhí sa chlann agus tógadh col ceathar liom, ar dhílleachta í, in éindí linn. Ba as ceantar Mhaigh Cuilinn, in iarthar na Gaillimhe, do mo mháthair freisin. Ba as an gceantar sin do mo sheanmhuintir ar fad le os cionn dhá chéad bliain cé is moite de mhamó de chuid mo mháthar arbh as Loch Con Aortha i gCarna di. Tá gaolta liom i gcónaí ar fud bhailte Mhaigh Cuilinn ar fad mórán: Coill Bruachlán, Baile Coirce, Leamhchoill, Cnocán Raithní, Baile na hAille, Seanbhaile Eochaire, Suí Con, Corbhaile, Gort na bhFia, Páirc na gColm, Port Dara, Cora Uaitéir is eile; as sin siar chomh fada leis an gClochán, Ros Muc is eile. Cé, ar ndóigh, gur sínte atá bunáite na ngaolta sin faoi seo.”

Deir sé gur baile mór, seachas sráidbhaile beag, Maigh Cuilinn féin anois agus athrú mór tagtha ar na bailte fearainn uilig.

Mise ag seachadadh pionta bainne ag na sagairt i Maigh Cuilinn, 1950

Chuaigh sé trí bhabhta go Londain ag obair. Ar oibreacha tógála ba mhó a bhí sé; in áiteacha go leor ar fud na cathrach móire sin agus píosaí taobh amuigh di. D’oibrigh sé freisin sna Dairies i White City; mar ghiolla in ospidéal Hammersmith agus mar fhear tábhairne i New Acton.  

“Ba mhór an oiliúint faoin saol mór a cuireadh orm sna jabanna sin ar fad go háirid na cineálacha difriúla oibre a bhí mé a dhéanamh san ospidéal,” ar sé. 

“Oscailt cheart súl a bhí i Londain dom mar go raibh an saol i Maigh Cuilinn, agus in Éirinn ar fad, an-choimeádach ag an am, is é sin i seascaidí an chéid seo caite.  Níl amhras ar bith ach go mba dhialathas í Éire an t-am úd, cé nár thuigeamar mar sin í.  Go deimhin féin is mórálach a bhí muid as ár gcreideamh le hais phágánachas Shasana, mar a mheas muid.  Bhíos an-uaigneach i Londain nuair a chuas ann i dtosach.  D’airigh mé uaim na clocha, na sléibhte, na beithígh!”

 

Bhí sé an-óg ar fad nuair a thosaigh sé ag scríobh ar dtús – aon bhliain déag go leith d’aois.  

“Is cuimhneach liom litir a bhreacadh ag glacadh le dúshlán ó scoil eile san áit cluiche iománaíochta a bheith againn ina n-éadan. Leanas orm le píosaí véarsaíochta ina dhiaidh sin. Thaitnigh an scríbhneoireacht i gcónaí liom cé go mba mhó ná tada eile nár fhéadas stopadh. Ar chúis éigin bhain práinn leis,” ar sé.

 

Deir sé gurb é an leabhar is deireanaí leis an ceann is mó a thaitníonn leis mar gurb é “is bláfaire” ina cheann.  

In UCG, 1962

“Mar sin i láthair na huaire is é Ag Útamáil Liom, a foilsíodh ag deireadh 2020, an leabhar de mo chuid is bláfaire i m’intinn.  Toisc gur caolchúisí gearrscéalta ná úrscéalta, sílim, is deacra cuimhneamh orthu.  

“Tá úrscéal ramhar, tá ualach feola air, agus dá bhrí sin is éasca a théama a fheiceáil i d’intinn ná i gcás an ghearrscéil.  Cuimhním go réidh ar an ngearrscéal ‘An Ubh Chásca’ faoi go bhfuil sé an-ghearr agus iarradh go minic orm é a léamh,” a deir sé.

 

Tá thart ar cúpla céad gearrscéal leis foilsithe ach tá roinnt mhaith eile scríofa aige.

Céard a spreagann na scéalta seo ar fad?

“Téama ar bith, mórán,” ar sé. “Spreagtar mé sna bealaí is fánaí. Chualas rachtaíl gháire an lá cheana agus táim ag gabháil di sin mar ghearrscéal i láthair na huaire.  Ní fhacas na daoine a bhí ag gáire nó tada eile fúthu ach tig le mo shamhlaíocht oibriú air sin. 

 

“Uair eile chonaic mé fear ag iompar crobhaing bláthanna agus d’ardaigh ábhar gearrscéil i dtobainne i m’intinn.  Fear ag ceannach súisí in ollmhargadh a spreag gearrscéal eile.  An focal ‘gimseán’ faoi deara saothar gearr eile,” ar sé.

Mé féin is Anne nuair a d’éirigh muid luaite, 1967

Sampla amháin eile de dhraíocht na hionspioráide. Tá gearrscéal aige, ‘Cé Mé?’, a fhoilseofar sa chéad chnuasach eile, faoi bhean a phósann tarbh darb ainm Dexter. 

“Chonaiceas pictiúr ar pháipéar d’ógbhean ina seasamh le hais an tairbh seo agus thosaigh m’intinn chorrmhéiniúil ag taibhreamh go beo! Ní scéal salach ar aon bhealach é! Scéal rómánsúil!” ar sé. “I dtaca leis na húrscéalta, faoi go mbíonn réimse ama i bhfad níos leithne iontu, is mó go mbunaítear iad ar thréimhsí saoil. Ní gá, ar ndó, gur mant nó blogh as do shaol féin é ach as an saol/saolta i do thimpeall. Mar a deir an té a deir: ‘How do I know what I think until I see what I write!’”

 

Scríobhann sé chuile lá.

“Fiú’s mé ar saoire is é is dóichí go mbreacfaidh mé nótaí,” ar sé. “Cé go mb’fhéidir go gcaithfinn uair a’ chloig ag útamáil scríbhneoireachta ar an ríomhaire b’fhéidir nach mbeadh thar abairt amháin scríofa agam faoi dheireadh an ama agus go gcaithfinn bailiú liom i gcoinne cupán tae!  Scríobhaim agus athscríobhaim. Is minic an t-athscríobh ath-athscríofa. Mar a dúirt an té a dúirt: ‘A line will take hours maybe/But unless it appears a moment’s thought/Our stitching and re-stitching will be nought!’ 

“Is iondúil gur ar maidin a scríobhaim, ach más athscríobh mór a bhíonn i gceist tig liom sin a dhéanamh chomh furasta céanna am ar bith den lá. Nó den oíche!”

Céard is maith leis faoin scríobh? 

1975: Foireann teagaisc MIC agus comhghleacaithe ó UCC le linn Bhronnadh Céimeanna sa choláiste seo againne, 1975

“Is deacair a rá faoi gur dóigh liom gur obair chrua í. Cén fáth go scríobhaim? Go gcaithim! Bíonn an brú míshuaimhnis sin ionam! Is dóigh go measaim go bhfuil rud éigin fóintiúil ar siúl agam seachas a bheith i mo shuí díomhaoineach os comhair na teilifíse. Ní mé cén fáth a scríobhaim ach go n-aireoinn gur ag fánaíocht gan bhrí a bheadh mo laethanta,” ar sé.

Sula gcuirim ceist air an bhfuil sé ag obair ar aon rud faoi láthair, is maith atá a fhios agam an freagra.

“Táim. Tá cnuasach nua gearrscéalta liom seolta agam go dtí CIC.  Póg mo Thóin agus Scéalta Eile is teideal dó. ‘Gus táim ag scribleáil liom le saothair eile. Is é an faitíos atá orm go n-éireoidh Cló Iar-Chonnacht tuirseach díom!” ar sé ag gáire.

Síleann sé gur “ré órga” í seo do litríocht na Gaeilge. 

“Tá an-chuid saothar breá á scríobh agus á bhfoilsiú le blianta beaga anuas.  Is é is mó a chuireann as dom gur dóigh liom nach bhfuil mórán daoine á léamh; na leabhra do dhaoine fásta pé ar bith é.”

“Ar ndóigh, a bhfuil d’ábhar ar an saol anois ní fhéadfaí a leath a léamh go fóintiúil.  Cás maith é sin, ámh, fad is nach gceapann an scríbhneoir bocht go mbeidh somhaoin nó a lán aitheantais le fáil aige/aici. Ach léann corrdhuine leabhar agus corruair cloiseann tú faoi. 

Mé féin is Anne lenár gcúram – Danann, Íosla agus Oban

“Ach murach an brú doshéanta a bhíonn ar dhuine scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh ní móide go gcoinneofaí uirthi. Bímse ag cruthú liom agus is annamh a stopaim d’fhonn breithmheas a dhéanamh ar m’aicsean amaideach! Leanfar ar aghaidh mar gurb in é an saol,” ar sé.

I gcás na Gaeilge de is maith leis féin na húdair fhreacnairceacha.  

“Ní luafaidh mé ainmneacha le nach gcuirfear pusanna oilc is naimhdis ar dhaoine faoi go ndearnas iomrall ar a gcuid aitheantais!’ ar sé. 

“Is sábháilte an seandream a áireamh, Ó Cadhain, Ó Conaire (idir Shean is Óg), Mac Grianna, Ua Maoileoin; scata acu ach arís eile gur éasca ag ainm sciorradh go fánach as do chuimhne. Ó Flaithearta, ar ndó! Níl údar is taitneamhaí liom ná Liam Ó Flaithearta. Agus, ar ndóigh, bíonn tionchar scafánta ag údair Bhéarla go leor orm nach bhfuil ama anseo agam a n-áireamh.  

“Ar na leabhra Béarla is deireanaí a léas tá The Cow Book le John Connell, The Grass Arena le John Healy agus d’athléas Milkman le Anna Burns.”

Chaith sé tamall fada i mbun léachtóireachta i Luimneach, agus is mór an sásamh a bhain sé as.

Danann is mé féin nuair a seoladh Buicéad Poitín, 1978

“Thaitnigh go mór liom a bheith ag múineadh i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach. Is dóigh liom gur réitíos go maith leis na mic is na hiníonacha léinn.  Ba iadsan, cinnte, a choinnigh ag imeacht mé chomh fada sa choláiste. An súgradh (dlisteanach, foirfe, sláintiúil) a rinne mé leo, móide an t-oilbhéas a léirigh mé amanta ina leith, is í mo bharúil gur tugadh cothú folláin dúinn uilig go léireach!” ar sé ag gáire.

Chaith sé tréimhsí ag múineadh i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal chomh maith.

“Sílim go minic go gcaithfidh go raibh mé féin níos mímhúinte go minic ná mo chuid mac is iníonacha léinn,” ar sé. “Bhaineas an-sult agus tairbhe as mo thréimhsí i gColáiste Chonnacht. D’fhoghlaimíos i bhfad níos mó uathusan ná mar a theagaisc mé dóibh, nó sin a chreidim. Is í mo bharúil gur déanadh an-fhoghlaim sa choláiste seo arae bhí cairdeas folláin idir chuile dhuine (múinteoirí, ábhair mhúinteoirí, scoláirí óga, muintir an Spidéil is eile).”

Casadh a bhean chéile air i dteach tábhairne (An Crúiscín Lán) agus faoi seo tá os cionn leathchéad bliain caite acu i gcomhluadar a chéile. Is as Cill Náile i gcontae Thiobraid Árann di agus bhí sí ar laethanta saoire sa Spidéal ag an am.

An mbíonn smaointe ina chloigeann i gcónaí do scéalta nua?

“Bíonn! Mé folláin, broghach, seafóideach, caochshúlach nó eile, ar an gcaoi anacrach anróiteach chráite údaí!  Bím síoraí ag stócáil,” ar sé.

Tá neart eile a gcuireann sé spéis ann seachas an scríbhneoireacht. 

Ag seoladh Dialann Mo Mháthar, 2018. Íosla, Aoibheann, Oban, Shona, Evan, Anne, mise, Louise agus Rose, 2018

“Tá faitíos orm, a Mheadhbh, gur fear ildánach mé!” ar sé. “Ilchumasach, ildathach, il-leibideach, il- chuile shórt! Sea, a mhaisce, bhí an-chuid spéiseanna i gcónaí agam ach thairis an scríbhneoireacht chruthaitheach is cinnte gurb iad an tsiúlóid, an taisteal, an eachmharcaíocht agus an iascaireacht na tréithe is treise a bhí ag brú i gcónaí orm.”

Tá an-dúil sna capaill ag Pádraic Breathnach. Deir sé nach bhfuil ainmhí is deise ná an capall. 

“Bhíos-sa ag marcaíocht ar na céadta acu, ceanna díofa go minic, ceanna eile díofa an t-aon turas amháin. De na caiple uilig is é Skyboy i gCluain Siabhra, in aice Áth Dara, mo roghain. Capall an-ard (18 lámh) é, an-láidir.  Chaitheas blianta á mharcaíocht. Capall eile in aon stábla leis, Soprano, ar aon airde leis, bhínn ar a mhuin seisean freisin. An dá each seo, cé sean go maith anois, beo i gcónaí.”

Deir sé go dtéadh sé ag marcaíocht pé áit a ngabhadh sé ar laethanta saoire, ba róchuma cé chomh hiargúlta, má bhí capall le fáil aige inti. 

“Tá an-dúil agam sa chuil-iascaireacht freisin. Ar lochanna sléibhe, nach bhfuil bóthar nó cosán criathraigh féin go dtí iad, is iondúil mé. Go dtí áiteacha cúlráideacha is minice a ghabhaim ag taisteal – An Tibéid, an Ghraonlainn, an Laplainn, Svalbard, Inse Ghall, na hArcaibh, an tSealtainn – táim cosúil ar an gcaoi sin, sílim, le Dervla Murphy a chuaigh ar shlí na fírinne le gairid nuair a dúirt sí: ‘Give me a Guide Book until I see where is popular.  Then, I head in the opposite direction!’ Is aoibhinn liom ag siúlóid sna sléibhte agus sna coillte. Níl áit is deise liom ná ceantar Shliabh an Aonaigh i Maigh Cuilinn agus Coill Chreataí i gcontae na Chláir.”

Níl aon dabht ach go bhfuil saol agus saothar Phádraic Breathnach lán le spraoi, diabhlaíocht, aicsean agus croí. Ag labhairt leis, is léir go bhfuil bá aige le han-chuid rudaí sa saol, agus go háirithe leis an scríbhneoireacht chruthaitheach. 

Tá sé lán leis an gcineál fuinnimh nach bhfeictear rómhinic na laethanta seo. 

Fág freagra ar '‘Ré órga í seo do litríocht na Gaeilge’'

  • alan titley

    Ceithre scór ag Pádraic! Cé a cheapfadh? Níl ann ach ógánach…Go maire an céad a ghaiscígh an phinn, agus thairis…

  • Brendan Keane

    Casann scata againn le chéile gach Déardaoin ar Zoom chun Gróga Cloch, scéal Mhic Dara, a léamh. Léimid leathanach amháin go cúramach, agus bainimid na comhchiallaigh shaibhre agus na frásaí fileata as. Is macgnímartha an t-úrscéal, plódaithe le scéalíní iontacha ag teacht chun buaice le bhí mhór. Agus as an t-agallamh thuas, bhain mé brabús mór nuair a dúirt PB: “Níl amhras ar bith ach go mba dhialathas í Éire an t-am úd, cé nár thuigeamar mar sin í.  Go deimhin féin is mórálach a bhí muid as ár gcreideamh le hais phágánachas Shasana, mar a mheas muid.”