‘Ré órga’ geallta ag Donald Trump do mhuintir Mheiriceá, ach údair imní go leor acu

TOGHCHÁN SAM: Tá Donald Trump ag ceiliúradh bua stairiúil i dtoghchán uachtaránachta 2024 

‘Ré órga’ geallta ag Donald Trump do mhuintir Mheiriceá, ach údair imní go leor acu

Tá brat mór sneachta tar éis titim anseo i gcathair Denver, Colorado.

Agus torthaí thoghchán uachtaránachta 2024 ag teacht isteach, thit an teocht faoin reophointe.

Sách luath, bhí an chuma ar an scéal nach n-éireodh le Kamala Harris, iarrthóir na nDaonlathach, Donald Trump a chloí.

Nuair a thuar na meáin mhóra gur ag an iarrthóir Poblachtánach a bheadh an bua in Pennsylvania, an ceann ba thábhachtaí de na seacht stát chinniúnacha, na Swing States, tháinig Trump amach ar an ardán ina cheanncheathrú in West Palm Beach, Florida, agus thug óráid uaidh inar fhógair sé ‘ré órga nua’ do Mheiriceá.

Ag deireadh na hóráide céanna, thagair sé go sonrach do na hiarrachtaí a rinneadh é a fheallmharú, agus, ní den chéad uair, dúirt gur sé gur “shábháil Dia é agus cuspóir aige”.

“Tír iontach a dhéanamh de Mheiriceá arís.” “An eacnamaíocht a réiteach.” Sin í an teachtaireacht a bhí ag Trump –  chloígh sé léi, agus d’oibrigh sí.

Tháinig a lucht tacaíochta amach ina sluaite chun vóta a thabhairt dó. Ní hamháin sin, ach thug daoine nach mbeifeá ag súil go dtacóidís leis vóta dó. Muintir Latino na mbruachbhailte i dtuaisceart an daingin láidir Dhaonlathaigh, Philadelphia mar shampla – dream a chreid, de réir cosúlachta, gur tábhachtaí scéal na heacnamaíochta, gur tábhachtaí rud éigin a dhéanamh faoin síorardú ar phraghsanna an bhia agus na rátaí cánach, ná na maslaí a chaith Donald Trump agus a lucht leanúna leo agus le hinimircigh eile go tráthrialta.

An rud is mó a sheasann amach faoi thorthaí an toghcháin seo ná gur chruthaigh Donald Trump níos fearr ná mar a bhíothas ag súil leis sna háiteanna sin a bhí á lua leis le fada an lá, ach nár chruthaigh Kamala Harris chomh maith céanna agus a ceapadh sna háiteanna sin agus i measc na bpobal a bhí á lua léi siúd.

Go deimhin, in go leor stáit níor ghnóthaigh Kamala Harris an líon céanna vótaí a ghnóthaigh an t-uachtarán reatha, Joe Biden, in 2020. Agus an chuma atá ar chúrsaí agus seo á scríobh, ní éireoidh le Harris oiread agus ceann amháin de na seacht stát luaineach a bhuachan.

Cén fáth ar theip ar iarracht Kamala Harris?

Ar bhealach, sin í an cheist mhícheart.

An cheist ar chóir do cheannaireacht an Pháirtí Dhaonlathaigh a chur orthu féin, agus go práinneach, ná cén fáth nár éirigh leo cinntí ríthábhachtacha a thógáil in am?

Dá gcuirfí brú ar Joe Biden tarraingt amach as an rás cúpla mí níos luaithe, bheadh níos mó ama ag an bpáirtí iarrthóir eile a roghnú i bpróiseas ainmniúcháin ceart – agus b’fhéidir nach í Kamala Harris a roghnófaí.

Bhí go leor deacrachtaí le sárú ag Kamala Harris.

Bhí uirthi seasamh isteach ag an nóiméad deireanach, nach mór.

Bean de dhath í i dtír ina bhfuil an fuath ar mhná agus an ciníochas forleathan.

An ‘ghné uathúil dhíolacháin’ a bhí aici ná nárbh í Trump í; níor éirigh léi dóthain vótóirí a mhealladh le teachtaireacht dhearfach dá cuid féin.

Ach an deacracht ba mhó a bhí aici, gach seans, ná go raibh sí ina leasuachtarán le ceithre bliana anuas, tréimhse inar tháinig ardú as cuimse ar phraghsanna an bhia. Tréimhse ab ea í freisin, mar shampla, inar thacaigh rialtas SAM leis an slad atá á dhéanamh ag Iosrael in Gaza agus sa Liobáin.

Ba de lucht na cumhachta sheanbhunaithe í; ní rogha loighciúil a bhí inti don té a dteastódh athrú uaidh.

Dá choimeádaí agus dá chonspóidí Donald Trump, agus d’ainneoin go mbeidh sé ar an uachtarán is sine dár toghadh riamh ar na Stáit Aontaithe, is léir anois go raibh muintir Mheiriceá chomh dubh dóite den tseanpholaitíocht gur thug móramh acu vóta do choirpeach ciontaithe. Thug siad vóta d’fhear a insíonn bréaga gan stad agus a bhfuil breis agus a dhóthain ráiteas déanta aige a chuirfeadh imní ort faoi céard atá i ndán don daonlathas i Meiriceá agus é sa Teach Bán den dara huair.

Ní hamháin sin, ach thacaigh oiread vótóirí leis an bPáirtí Poblachtánach inné go mbeidh móramh ag an bpáirtí sin sa Seanad agus, gach seans, i dTeach na nIonadaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh seasamh i bhfad níos láidre ag an Trumpach in Washington DC ná mar a bhí le linn a chéad thréimhse, idir 2016 agus 2020.

Cuir leis sin an greim atá aige cheana féin ar an gCúirt Uachtarach agus an chomhghuaillíocht atá aige le leithéidí Elon Musk agus tá leagan amach úrnua ar thírdhreach polaitiúil Mheiriceá, radharc chomh dalltach céanna leis an mbrat sneachta a thit anseo i gcathair Denver ó thosaigh torthaí an toghcháin ag teacht isteach.

Agus an iarraidh seo, ní hionann agus in 2016, ní bheifear in ann a rá gurb é an leagan amach ciotach ar chóras toghchánaíochta na Stát Aontaithe is cúis le bua Donald Trump.

I mbliana, ní hamháin gur ghnóthaigh sé dóthain toghthóirí, ach ghnóthaigh sé vóta an phobail.

LÉARSCÁIL IDIRGHNÍOMHACH AN CHOLÁISTE TOGHCHÁIN

Fág freagra ar '‘Ré órga’ geallta ag Donald Trump do mhuintir Mheiriceá, ach údair imní go leor acu'