Ré nua rugbaí

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le ré nua rugbaí. Cé go bhfuil an cruth céanna, nach mór, ar an Chorn Churaidh Rugbaí na hEorpa agus ar Chorn Dúshláin na hEorpa agus a bhí ar comórtais a bhí againn le blianta, tá cúpla athrú suntasach ann, rud a fhágann leithéid Chúige Chonnacht ag titim siar […]

EPCR Champions & Challenge Cup Launch 13/10/2014

Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le ré nua rugbaí. Cé go bhfuil an cruth céanna, nach mór, ar an Chorn Churaidh Rugbaí na hEorpa agus ar Chorn Dúshláin na hEorpa agus a bhí ar comórtais a bhí againn le blianta, tá cúpla athrú suntasach ann, rud a fhágann leithéid Chúige Chonnacht ag titim siar le himirt sa gcomórtas dara grád, seachas sa gceann sinsearach inar imir siad le cúpla blain anuas.

Le himirt i gCorn na gCuradh, ní mór d’fhoirne a bheith sa seachtú háit nó níos airde ar thábla an Pro 12 nó sa séú háit nó níos airde sa bPremiership i Sasana agus sa Top 14  sa bhFrainc.

Fágann sin Cúige Chonnacht ag imirt sa gCorn Dúshláin, agus iad sa mbaile thiar ar an mBóthar Beag i gcoinne La Rochelle na Fraince.

Má chuirtear drochthorthaí foirne ón bhFrainc agus iad as baile san áireamh le sárimirt Chonnacht ó thús an tséasúir seo, tá mé cinnte go mbeidh lucht leanta rugbaí an iarthair ag súil le bua glórmhar eile.

Beidh ar Chúige Uladh agus ar Chúige Mumhan dul thar sáile go Sasana, áit a mbeidh an dá fhoireann ar a míle dícheall tógáil ar na taispeántais iontacha a chonaic muid uatha sa bPro 12 an deireadh seachtaine seo caite. Tá fhios ag an dá fhoireann nach bhfuil sé éasca buachtáil agus iad ar an mbóthar i gcomórtas den chineál seo.

Rinne Cúige Uladh éacht nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghlascú cúpla lá ó shin. Mar sin féin, beidh gá le tréaniarracht eile más mian leo an lámh an uachtar a fháil ar Thíogair Leicester, foireann a bhuaigh comórtas rugbaí na hEorpa faoi dhó roimhe seo, agus atá san ochtú háit ar thábla an Premiership faoi láthair.

Cuimhnigh freisin go bhfuil curaidh na hEorpa, RC Toulon, sa ngrúpa céanna le Cúige Uladh. Cuireann sin leis an mbrú atá ar na hUltaigh toradh dearfach a fháil an deireadh seachtaine seo.

Is ionann an cás ag na Muimhnigh, iad i Sasana freisin le tabhairt faoi Saracens, atá sa dara háit ar thábla an Premiership agus atá i measc rogha na coitiantachta don chomórtas, ach an oiread le tánaistí an chomórtais le dhá bhliain anois, ASM Clermond Auvergne, atá sa ngrúpa céanna leo.

Tá sé de bhuntáiste ag na Laighnigh go bhfuil siad ag imirt san RDS agus iad i gcoinne Wasps Londain, foireann atá sa cúigiú háit ar a dtábla baile féin.

Cé gur cheart go mbeadh an bua ag fir Átha Cliath, is ábhar imní an easpa naisc agus snasa atá léirithe ag curaidh an Amlin (an Corn Dúshláin mar a bhí), go háirithe sa gcluiche úd i nGaillimh i gcoinne Chúige Chonnacht.

Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas Chúige Laighean an beart a dhéanamh agus fios acu go bhfuil said ag imirt sa ngrúpa is éasca atá ag aon chúige ón tír seo. Tá mé cinnte go mbainfidh siad chuile leas as an deis iontach atá acu chun tús dearfach a chur leis an gcomórtas nua seo.


Corn Curaidh Rugbaí na hEorpa / Cluichí na Deireadh Seachtaine Seo


17/10/2014 Harlequins  v  Castres Olympique – Twickenham Stoop

18/10/2014 Sale Sharks v  Mumhan – AJ Bell Stadium     

18/10/2014 Saracens v  ASM – Clermont Auvergne- Allianz Park

18/10/2014 Glasgow Warriors v  Bath Rugby – Scotstoun Stadium

18/10/2014 Racing Métro 92 v  Northampton Saints – Stade Yves-du-Manoir

18/10/2014 Leicester Tigers v Uladh – Welford Road

19/10/2014  Ospreys v  Benetton Treviso – Liberty Stadium

19/10/2014 Toulouse  v  Montpellier – Stade Ernest Wallon

19/10/2014 RC Toulon v Scarlets – Stade Félix Mayol

19/10/2014 Leighean v  Wasps – RDS


Corn Dúshláin na hEorapa / Cluichí na Deireadh Seachtaine Seo


16/10/2014 Gloucester Rugby v Brive – Kingsholm Stadium

17/10/2014 Newcastle Falcons  v  Bucharest Wolves – Kingston Park

17/10/2014 Bordeaux-Begles v  Edinburgh Rugby – Stade André Moga

18/10/2014 Lyon Rugby v  London Welsh – Matmut Stadium

18/10/2014 Cardiff Blues v  Grenoble – BT Sport Cardiff Arms Park

18/10/2014  Zebre v Oyonnax – Stadio XXV Aprile

18/10/2014 Connacht Rugby v La Rochelle – An Bothar Beag       

18/10/2014  Bayonne  v  Exeter Chiefs – Stade Jean-Dauger

18/10/2014  Stade Francais Paris  v  Newport Gwent Dragons -Stade Jean Bouin

19/10/2014  London Irish v  Femi-CZ VEA Rovigo – Madejski Stadium