Ré nua do thionscal na mbradán i gConamara – ach constaicí ceadúnais ina ndris chosáin

Síníodh socrú an tseachtain seo idir Marine Harvest Ireland, an comhlacht feirmeoireachta bradán is mó in Éirinn, agus comhlacht Mannin Bay atá i mbun an tionscail sin i gConamara

Ré nua do thionscal na mbradán i gConamara – ach constaicí ceadúnais ina ndris chosáin

D’fhéadfadh ré nua a bheith i ndán do thionscal na mbradán feirme ar chósta Conamara de bharr an tsocrú atá déanta ag an gcomhlacht Marine Harvest Ireland le comhlacht áitiúil ar Chuan na Beirtrí Buí i gceantar Charna.

Síníodh socrú an tseachtain seo idir Marine Harvest Ireland, an comhlacht feirmeoireachta bradán is mó in Éirinn, agus comhlacht Mannin Bay atá i mbun an tionscail sin i gConamara le deich mbliana fichead.  Fágann an socrú go mbeidh na comhlachtaí seo ar comhchéim tráchtála  ar shuíomhanna bradán ar an gCuan ach gurb iad Marine Harvest Ireland a bheidh i gceannas ar bhainistiú agus ar stiúradh na hoibre.

Tugann lonnú Marine Harvest i gceantar Iorras Aintheach arís – chaitheadar cúpla bliain ar Chuan Chill Chiaráin roimhe seo – ugach do dhaoine go bhféadfadh roinnt feabhais a theacht ar dhrochscéal na fostaíochta sa gceantar sin.  Ach san am céanna, tá fadhbanna ann freisin.  Is í ceist na gceadúnas an gad is gaire don scornach i dtionscal na mbradán feilme in Éirinn agus tá tranglam na gcéadta iarratas, a bhaineann le chuile chineál feilméarachta mara, gan réiteach i Roinn na Mara. 

Caitheann comhlachtaí tréimhsí an-fhada ag plé le hiarratais ar cheadúnais oibre agus is marach orthu é sin ó thaobh obair agus forbairtí a phleanáil sna blianta rompu.  Níl Marine Harvest Ireland – a bhfuil beagnach 300 fostaithe acu in Éirinn – slán ón gceist sin ar Chuan na Beirtrí Buí.

Áirítear go bhfuil cúpla suíomh feilméarachta éisc a bhfuil fairsinge mhaith iontu ar an mBeirtreach Bhuí ach athraíodh an ceadúnas ar cheann acu ó chúrsaí bradán go tionscal an troisc.  Bhí dóchas as an trosc cúpla bliain ó shin ach níor tháinig aon bhorradh faoi.  Tá an t-iarratas ar athrú ceadúnais  ó chineál amháin éasc go cineál eile, ar ais go dtí an bradán sa gcás sin, anróiteach, fadálach agus casta. 

Theastódh an suíomh atá aitheanta don trosc ar an mBeirtreach Bhuí anois go géar ó Marine Harvest Ireland sa gcaoi agus go mbeadh buanaíocht lena gcuid pleanála.

Tá riar eile ceadúnas ar an mBeirtreach Bhuí ach tarlaíonn sé gur suíomhanna beaga iad seo agus ní fheilfidís do tháirgeadh láidir bradán.  Ní taobh leis an mBeirteach Bhuí a bhfuil an cás amhlaidh. Tá suíomhanna beaga mar seo anonn agus anall in áiteanna eile ar an gcósta.  Abraíonn Roinn na Mara go bhféadfaí 30,000 tonna bradáin feilme a tháirgeadh sa tír seo, bunaithe ar a bhfuil de cheadúnais bailí ann anois.  Ach de réir na ndaoine atá ag plé leis an tionscal níl an meastachán sin ceart, beag ná mór; tá go leor de na suíomhanna róbheag agus ródheighilte amach óna chéile agus ní ghabhfadh comhlacht ar bith ina ngaire.  Bhfearr, a deir lucht an tionscail, go méadófaí cuid de na suíomhanna agus, san am céanna, go gcuirfí cuid de na cinn bheaga as an gcomhaireamh uilig.

Ach in ainneoin deacrachtaí na gceadúnas, tá Marine Harvest Ireland ag cur a gcosa i dtaca i gConamara ag tráth a bhfuil biseach éigin ar an tionscal.  Meastar gur cuireadh 16,000 tonna bradáin fheilme ar an margadh in Éirinn anuraidh.   Cé go bhfuil an líon sin i bhfad níos ísle ná an 24,000 a bhí á tháirgeadh chúig bliana déag ó shin, fós féin tá sé i bhfad níos fearr ná an pointe ab ísle nuair nach raibh ach 9,000 tonna ag dul ar an margadh in 2009.

Tá glaoch tréan ar tháirgí bradán feilme na hÉireann ar na margaí idirnáisiúnta anois. Níl an táirgeadh ag coinneáil leis an éileamh atá orthu.  Den chuid is mó tá an praghas go maith – tuairim €9,000 an tonna ach go raibh sé chomh hard le €11,000 an tonna tamall roimhe sin.  Fágann sin go bhfuil brabach maith ag na comhlachtaí faoi láthair.

Tá an fheilméaracht bradán aitheanta le fada ag Údarás na Gaeltachta ar cheann de na bealaí a thabharfadh tuilleadh fostaíochta do cheantair atá scoite amach go mór ó chathracha agus ó bhailte móra.  Chuir an fheilméaracht bradán beocht agus fuinnimh i gceantar Iorras Aintheach nuair a tháinig borradh láidir faoi idir 20 agus 30 bliain ó shin.  Ach d’imigh an tionscal i léig ar chúiseanna go leor, de réir a chéile.

Tá teacht Marine Harvest Ireland agus an obair atá Bradán Beo Teoranta a dhéanamh ar Chuan Chill Chiaráin ag tabhairt roinnt misnigh dóibh siúd atá ag plé le tionscal na mbradán.  Meastar go ndéanfar próiseáil ar 4,000 tonna bradán i monarcha Chill Chiaráin i mbliana, an líon is airde le riar maith blianta.  Bradán Beo Teoranta is tréine atá ag coinneáil éisc leis an monarcha.

Bíonn idir deich nduine fhichead agus dhá scór ag obair sa mhonarcha próiseála; obair shéasúrach atá inti.  Theastódh beagnach a dhá oiread bradán uathu leis an bhfostaíocht sin a choinneáil ag imeacht i gcaitheamh na bliana sa mhonarcha próiseála. 

Má tá údar dóchais féin ann do thionscal na mbradán, tá neart driseacha cosáin ann fós.

Fág freagra ar 'Ré nua do thionscal na mbradán i gConamara – ach constaicí ceadúnais ina ndris chosáin'