‘Ré Donovan’ – tréimhse shuimiúil i ndán do Roinn na Gaeltachta

Polaiteoir díograiseach seiftiúil é aire stáit nua na Gaeltachta Patrick O’Donovan ach ní i gcónaí a bhíonn sé sásta cloí leis an script a thugtar dó

‘Ré Donovan’ – tréimhse shuimiúil i ndán do Roinn na Gaeltachta

Ach oiread le mórán eile, ba léir gur tháinig ceapachán Patrick O’Donovan ina aire stáit don Ghaeltacht aniar aduaidh ar an Teachta Dála de chuid Fhine Gael as iarthar Luimnigh.

Thuigfeá óna chéad agallamh faoina phost nua, gur roghnaigh Leo Varadkar sa deireadh é mar gur iarmhúinteoir é.

Tá seanaithne ag O’Donovan agus an Taoiseach ar a chéile, gan ach cúpla bliain eatarthu agus mórán an fad céanna caite sa pháirtí acu.

“Bronntanas Nollag gan choinne,” a thug O’Donovan, atá 45 bliain d’aois, ar a cheapachán.

Chuir a líofa sa Ghaeilge is a bhí O’Donovan sa chéad agallamh sin iontas ar roinnt daoine, cé nach bhfuil an caighdeán líofachta atá leagtha síos don phost chomh hard is a bhíodh.

Dúirt sé féin go raibh a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go rachadh sé go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.

Bhí Patrick O’Donovan ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Toghadh chun na Dála ar dtús é in 2011 agus bhí sé ina chomhairleoir contae do cheantar an Chaisleáin Nua Thiar, a bhaile dúchais, idir 2003-2011.

Is é O’Donovan an dara duine as Luimneach a bhfuil príomhchúram aireachta na Gaeltachta air – ba é Tom O’Donnell an chéad duine.

Maireann sé i Móin Achaidh Ghae lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.

Ach oiread le formhór mór bhaill Thithe an Oireachtais is beag a bhíonn le rá aige faoi chás na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach tá ráitis déanta i nGaeilge aige sa Dáil agus sna meáin.

Nuair a chuala fear magaidh amháin i nDáil Éireann scéal a cheapacháin, rith sé leis go mb’fhéidir go ndéanfadh O’Donovan cleas an fhile Michael Hartnett, arbh as an gCaisleán Nua Thiar chomh maith é, agus ‘A Farewell to English’ a fhógairt.

Polaiteoir coimeádach é O’Donovan nach ndéanann aon rún de gur mhaith leis go mbogfadh a pháirtí amach níos faide ar dheis ón lár. Tá dearcadh coimeádach aige i leith ceisteanna sóisialta agus is mór aige íomhá thraidisiúnta Fhine Gael mar pháirtí ‘an dlí agus oird’.

Nuair a dhein an scríbhneoir Gerry Stembridge cur síos air mar “the love child of Michael Noonan and Margaret Thatcher if they were to have a child”, dúirt O’Donovan leis an Limerick Leader nach aon mhasla a bhí ann.

Bhí roinnt aireachtaí stáit ag O’Donovan roimhe seo agus tá a chúram mar aire stáit don OPW coimeádta chomh maith aige.

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Fianaise í seo dar le mórán ar an teacht aniar atá ann ach thuigfeá dó dá mbeadh imní ag teacht air nach bhfuil mian a chroí, aireacht shinsearach, i ndán dó.

Polaiteoir díograiseach é atá ana-dháiríre faoina chuid oibre ach ní haon dóithín é nuair a thagann sé go dtí dianallagar na polaitíochta.

Nuair a bhí sé ina aire stáit sa roinn spóirt níor réitigh sé féin agus Shane Ross, an t-aire sinsearach, lena chéile in aon chor agus tuairiscítear go raibh an caidreamh eatarthu chomh hachrannach sin gur aistríodh O’Donovan amach as an roinn ar son na síochána.

Déarfadh cuid dá chomhghleacaithe i bhFine Gael gurb amhlaidh go ndein O’Donovan ‘jab maith marcála’ ar Ross fad is a bhí sé ann.

Tá an cháil ar O’Donovan nach dtéann sé ar chúl scéithe maidir lena chuid tuairimí agus nach n-éiríonn leis i gcónaí guaim a choimeád air féin.

Fágann an neamhbhailbhe agus an ghuagacht sin i sáinn ar shlí é, dar le foinse amháin i dTeach Laighean.

“Sin an chúis nach bhfuil ísliú céime faighte aige, ach sin an chúis chomh maith nach bhfuil ardú céime faighte aige,” a deir sé.

Ach fiú má tá amhras ann faoin ngné áirithe sin dá chur chuige, ní bhíonn aon leisce ar Fhine Gael é a chur amach nuair a mheastar go bhfuil gá le hionsaí fíochmhar nó cosaint neamhleithscéalach.

Chonacthas sampla maith de sin tamall ó shin nuair a lig sé racht faoin ‘Marxist regime’ a bheadh i ndán don stát dá mbeadh Sinn Féin i gcumhacht.

Mar sin féin, in ainneoin go bhfuil an cháil amuigh air nach béas leis fanacht dílis don script a thugtar dó, is minic go mbíonn a pháirtí ag brath air.

Bhí dóthain muiníne acu as, mar shampla, chun é a chur ar fáil mar urlabhraí do Newsnight an BBC le linn ghéarchéim an Bhreatimeachta.

Thapaigh O’Donovan an deis labhairt le piardaí móra an BBC ón gCaisleán Nua Thiar.

Polaiteoir seiftiúil é a thuigeann tábhacht na meán agus nach mbíonn aon doicheall air roimh an mbeart bolscaireachta.

Fear é a bhí luaite le roinnt conspóidí chomh maith.

Bhí sé sáinnithe mar shampla, i gconspóid faoi thrap a dúradh a cuireadh ar bun in 2021 chun fáil amach cén comhghleacaí leis a bhí ag sceitheadh eolais ón rialtas.

Ar ócáid eile, dhiúltaigh sé leithscéal a ghabháil as a mhaíomh míchruinn go raibh baint ag an IRA le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin.

Mar Aire Stáit don OPW, chuir sé a chos i bhfeac i gcoinne chinneadh Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath deireadh a chur leis an ‘mainséar beo’ ag Teach an Ard-Mhéara.

Dúirt sé nach raibh aon náire air seasamh ar son ‘an traidisiúin’ agus na cosmhuintire, nó ‘the ordinary plain people of Ireland’, mar a dúirt sé.

Arb í an Nollaig féin an chéad rud eile a bhfaighfí réidh léi? a d’fhiafraigh O’Donovan.

Ba í sin an saghas ceiste a chloisfeá ó thráchtairí ar Fox News a mbíonn an ‘War on Christmas’ ag déanamh tinnis dóibh, agus má tá “cogaí an chultúir” le troid abhus is léir go mba chuma le fear Luimnigh a bheith sna trinsí.

Chinntigh O’Donovan go mbeadh ‘mainséar beo’ ar Fhaiche Stiabhna agus bhí sé féin ag an seoladh agus geansaí na Nollag air, “looking like Eoin McLove from Fr Ted”, faoi mar a dúirt Miriam Lord ina colún ar an Irish Times.

33,000 duine a thug cuairt ar an mainséar beo in imeacht coicíse agus fiú más le seanbhlas a tugadh ‘an t-aire a shábháil an Nollaig air’ i mbólaí áirithe, ba dheacair a shamhlú go ndein an chaint go léir aon dochar dó, go háirithe i measc na ndaoine a bhí den tuairim gur ‘Glasaigh imithe le gealaigh arís’ ba chúis leis an gcinneadh an chéad lá.

Ach botún a bheadh ann scigléiriú ar fad a dhéanamh ar O’Donovan mar dhuine óg den seansaol nó ‘fogey óg’ de chuid Fhine Gael nach bhfuil uathu ach aicme áirithe den phobal a mhealladh.

Tá sé níos deacra ná sin an tsúil ribe a chur air.

Bhain an chaint an-láidir a dhein sé le déanaí faoi thuilte agus an ghéarchéim aeráide siar as daoine a ghéill an iomarca, b’fhéidir, don scigléiriú.

Amárach a thabharfaidh Patrick O’Donovan a chéad chuairt mar aire stáit ar an nGaeltacht, ach a mbuailfidh sé le státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.

Is cinnte go bhfuil tréimhse shuimiúil i ndán dóibh.

Fág freagra ar '‘Ré Donovan’ – tréimhse shuimiúil i ndán do Roinn na Gaeltachta'