Ráta scaipthe os cionn 1,000 i mbreis is leath de na toghcheantair Ghaeltachta

Cé gur tháinig laghdú ar an ráta scaipthe i gCorca Dhuibhne le coicís anuas, ardú thart ar a dhá oiread nó níos mó a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta eile

Ráta scaipthe os cionn 1,000 i mbreis is leath de na toghcheantair Ghaeltachta

Pic: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Tá ráta os cionn 1,000 cás nua in aghaidh gach 100,000 duine i níos mó ná leath de na ceantair Ghaeltachta agus ardú mór tagtha ar líon na gcásanna den Covid-19 le seachtain anuas.

Fágann na figiúirí is deireanaí gur tholg os cionn 1% de na pobail sna ceantair sin an víreas le coicís anuas.

Tháinig ardú 33% ar mheánráta scaipthe an Covid-19 sa stát le seachtain anuas agus bhí ardú níos mó ná sin i gceist i gcuid mhaith de na toghcheantair Ghaeltachta ar fud na tíre.

I nDún na nGall, tá ráta os cionn 1,000 arís i dtoghcheantar na nGleanntach agus freisin i mBaile na nGallóglach. Ardú beagnach 50% a bhí i gceist sna Gleannta le seachtain anuas agus 273 cás nua deimhnithe ann le coicís anuas agus ráta 1,141 i gceist ann.

I dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, ardú breis is 100% a bhí i gceist agus líon na gcásanna imithe ó 81 go dtí 171 le seachtain agus ráta 1,242 ann dá bharr. Titim bheag, ó ráta 710 go dtí 638 a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae agus 169 cás nua deimhnithe ansin idir an 26 Deireadh Fómhair agus an 8 Samhain.

Tá na figiúirí is ísle sa stát go fóill i mBéal an Mhuirthead, cé gur tháinig ardú breis is a dhá oiread ar an ráta agus ar líon na gcásanna sa toghcheantar le seachtain anuas. 25 cás a deimhníodh ann le coicís anuas, suas ó 12, agus ráta 198 atá i gceist, níos mó ná ceithre huaire níos lú ná an meánráta náisiúnta.

Meastar gur de bharr na drochráige a bhí i mBéal an Mhuirthead mí Eanáir seo caite atá líon na gcásanna fós íseal sa gceantar agus imdhíonacht ar an víreas ag go leor den phobal fós.

I dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, ardú 161% a tháinig ar líon na gcásanna le seachtain anuas agus 256 cás nua deimhnithe ansin le 14 lá, suas ó 98. Ráta 1,393 atá i gceist ann.

I nGaillimh, tháinig ardú 43% ar líon na gcásanna i gConamara Theas. 134 cás a deimhníodh ann idir an 26 Deireadh Fómhair agus an 8 Samhain agus ráta 628 a bhí i gceist. Ardú suntasach a bhí i gConamara Thuaidh freisin, ó 108 cás go dtí 151 cás agus ráta 878 luaite leis an gceantar.

Thit líon na gcásanna nua i gCorca Dhuibhne den chéad uair le mí anuas. 110 cás atá deimhnithe ann le seachtain anuas, síos ó 119, agus thit an ráta scaipthe ó 839 go dtí 776.

Ardú beag a bhí i gceist i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ráta 1,185 atá sa cheantar agus 297 cás nua deimhnithe le cúpla seachtain anuas.

I gCorcaigh, tháinig ardú 65% ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 384 cás nua a deimhníodh ann, suas ó 233, agus ráta 1,042 ann dá bharr.

Ardú chomh mór céanna a bhí i gceist i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. D’ardaigh líon na gcásanna nua ó 140 go dtí 232 le seachtain anuas, ardú 66% agus ráta 1,132 anois i gceist.

I gcontae na Mí, i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, is beag nár dhúbail líon na gcásanna, ó 95 go dtí 186, agus ráta 596 sa cheantar anois.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib, ardú a bhí ar an ráta ó 846 go 1,179 agus cláraíodh 382 cás nua ansin.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe os cionn 1,000 i mbreis is leath de na toghcheantair Ghaeltachta'