Ráta scaipthe an víris tite faoina leath i gceantair áirithe Ghaeltachta 

Tá an ráta scaipthe is airde sa tír i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead go fóill, cé go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar líon na gcásanna nua sa cheantar

Ráta scaipthe an víris tite faoina leath i gceantair áirithe Ghaeltachta 

Tá tionchar na srianta Leibhéal 5 le feiceáil sna figiúirí is deireanaí maidir le ráta scaipthe an Covid-19 ar fud na tíre.

Thit ráta an ghalair beagnach faoina leath go náisiúnta in achar seachtaine agus bhí titim shuntasach i gceist i ngach ceann de na ceantair Ghaeltachta chomh maith.

Thit an ráta náisiúnta ó 1,337 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír idir an 5-18 Eanáir go dtí 721 cás idir an 12-25 Eanáir, laghdú 46%.

Tá an ráta scaipthe is airde sa tír i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead go fóill, cé go bhfuil laghdú ollmhór tagtha ar líon na gcásanna nua sa cheantar le tamall anuas.

Ráta 2,008 atá i gceist sa cheantar idir an 12-25 Eanáir, beagnach trí huaire níos airde ná an meánráta náisiúnta. Mar sin féin, ráta 5,556 a bhí i gceist i mBéal an Mhuirthead an tseachtain seo caite agus tá líon na gcásanna a deimhníodh sa cheantar in achar coicíse tite ó 700 go dtí 253.

Tá an ráta fós ard i dtoghcheantair Chathair na Mart chomh maith, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh. Ráta 778 a bhí i gceist ansin agus 143 cás nua deimhnithe ann le coicís anuas.

I gCiarraí, tá ráta níos airde i gCorca Dhuibhne – 451 – ná mar atá in aon toghcheantar eile sa chontae, seachas Cill Airne. Thit an ráta i gCorca Dhuibhne beagnach 40% ó 726 ach deimhníodh 64 cás nua den choróinvíreas sa cheantar idir an 12-25 Eanáir.

Dheimhnigh an HSE inné gur bhásaigh seachtar a raibh Covid-19 orthu in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne sa Daingean le roinnt seachtainí anuas.

Tháinig laghdú mór ar an ráta scaipthe i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, agus é tite ó 866 go dtí 291. 73 cás ar fad a deimhníodh ansin le coicís anuas.

Bhí titim sa ráta sna ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall freisin. Thit an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae ó 1,216 go dtí 713 idir an 12-25 Eanáir. I gceantar na nGleanntach, thit an ráta ó 1,003 go dtí 590 agus 141 cás nua deimhnithe ansin. I dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, tá an ráta tite ó 1,670 go dtí 944.

Titim faoina leath a bhí i gceist leis an ráta i gConamara Theas. Ráta 731 a bhí sa cheantar an tseachtain seo caite ach 380 atá i gceist anois agus 81 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar idir an 12-25 Eanáir. Tá an ráta i gConamara Thuaidh – 250 – i measc na rátaí is ísle sa tír faoi láthair.

Titim mhór a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, le seachtain anuas freisin. Thit an ráta sa cheantar ó 1,053 go dtí 425, laghdú 54%.

Titim aon trian a bhí ar an ráta i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht Phort Láirge. Ráta 425 atá luaite anois leis an gceantar agus 87 cás nua a aimsíodh ann idir an 12-25 Eanáir.

I gcontae na Mí, titim 24% a bhí ar an ráta i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, ó 805 go dtí 609 agus titim 30% a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, síos ó 983 go dtí 682.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe an víris tite faoina leath i gceantair áirithe Ghaeltachta '