Ráta scaipthe an víris níos mó ná cúig huaire níos airde ná an meán náisiúnta i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall

Tá Dún na nGall ar an gcontae is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19 i láthair na huaire agus léiríonn na figiúirí is deireanaí cá bhfuil an víreas á scaipeadh sa chontae

Ráta scaipthe an víris níos mó ná cúig huaire níos airde ná an meán náisiúnta i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall

Tá ardú mór eile tagtha ar líon na gcásanna Covid-19 a deimhníodh i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall le seachtain anuas agus ráite scaipthe an ghalair níos mó ná cúig huaire níos airde ná an meánráta náisiúnta i gceantair áirithe.

Tá Dún na nGall ar an gcontae is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19 i láthair na huaire agus léiríonn na figiúirí is deireanaí cá bhfuil an víreas á scaipeadh sa chontae.

Faoi láthair, tá an ráta scaipthe is airde sa stát i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach in iarthuaisceart an chontae, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile.

Deimhníodh 93 cás sa cheantar le coicís anuas, rud a fhágann go raibh ráta 675 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar le linn na tréimhse sin, níos mó ná cúig huaire níos airde ná an meánráta náisiúnta – 123.

Tá an ráta agus líon na gcásanna i mBaile na nGallóglach méadaithe faoi dhó le seachtain anuas. 44 cás agus ráta 320 a bhí luaite leis an gceantar i bhfigiúirí na seachtaine seo caite.

Tá dúbailt tagtha ar líon na gcásanna a aimsíodh i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthar Dhún na nGall le seachtain anuas freisin. Deimhníodh 59 cás ar fad den Covid-19 sa cheantar idir an 13-26 Aibreán, suas ó 28 cás, agus tá ráta scaipthe an víris imithe suas ó 117 go dtí 247 sna Gleannta dá bharr, a dhá oiread níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ardú beag ar líon na gcásanna a bhí i gceist i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall. Chuaigh líon na gcásanna a aimsíodh suas ó 8 go dtí 11 cás agus tá ráta 42 sa cheantar i ndeisceart an chontae.

Tá ardú tagtha ar líon na gcásanna sna toghcheantair ina bhfuil ceantair Ghaeltachta i gcontae na Mí freisin le seachtain anuas. 

I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, d’ardaigh líon na gcásanna a deimhníodh, ó 33 cás go dtí 40 agus ráta 128 sa cheantar dá bharr.

Ardú freisin a bhí i gCeannanas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib ó 27 cás go dtí 30, rud a d’fhág ráta scaipthe 93 sa cheantar idir an 13-26 Aibreán.

Chonacthas ardú ar líon na gcásanna i gcúpla toghcheantar Gaeltachta eile ar fud na tíre ach tá na rátaí scaipthe iontu fós i bhfad níos ísle ná an meánráta náisiúnta.

Naoi gcás a deimhníodh i gConamara Theas le coicís anuas agus ráta 42 i gceist sa cheantar. Naoi gcás freisin a deimhníodh i dtoghcheantar Dhún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise, agus ráta 44 ann dá bharr.

Ráta 19 atá i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha i gCorcaigh, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. Thit líon na gcásanna a deimhníodh sa cheantar ó naoi gcás go dtí seacht gcás le seachtain anuas.

Níos lú ná cúig chás a bhí le deimhniú i ngach ceann eile de na toghcheantair Ghaeltachta – Corca Dhuibhne agus Neidín i gCiarraí, Conamara Thuaidh i nGaillimh agus Béal an Mhuirthead agus Cathair na Mart i Maigh Eo.

I dtús mhí an Mhárta go deireanach a deimhníodh níos mó ná cúig chás den Covid-19 in achar coicíse i dtoghcheantar Bhéal an Mhuirthead, Chonamara Thuaidh agus Neidín.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe an víris níos mó ná cúig huaire níos airde ná an meán náisiúnta i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall'