Ráta scaipthe an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, ach amháin i nDún na nGall

D’fheabhsaigh cúrsaí i nach mór gach ceantar Gaeltachta taobh amuigh de Dhún na nGall, de réir na bhfigiúirí is déanaí

Ráta scaipthe an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, ach amháin i nDún na nGall

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

Tá titim i ráta scaipthe an Covid-19 le feiceáil ar fud na Gaeltachta le cúpla seachtain anuas, ach amháin i nGaeltacht Thír Chonaill.

Cé go bhfuil líon na gcásanna sna ceantair Ghaeltachta, agus i gcuid mhaith eile den tír, ag titim le breis agus trí seachtaine anuas, is chun donais atá an scéal ag dul i nDún na nGaill.

Tháinig ardú ar ráta scaipthe an Covid-19 i gceithre cinn de na toghcheantair sa chontae agus bhí an ráta sa seacht gcinn acu os cionn an mheánráta náisiúnta.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, ráta 171 cás in aghaidh gach 100,000 duine atá i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. Is ag 113 a bhí an ráta an tseachtain roimhe ach d’fhág an 41 cás den choróinvíreas a deimhníodh sna Gleannta idir an 3-16 Samhain go raibh ardú ar an ráta.

Ardú a bhí i gceist chomh maith sa dá thoghcheantar eile ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. D’imigh an ráta i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall suas ó 105 go dtí 143 agus bhí ardú níos mó fós i mBaile na nGallóglach agus an ráta imithe ó 196 go dtí 327 in achar seachtaine.

Tháinig ardú i gceantar Charn Domhnach chomh maith agus is i nDún na nGall anois atá ceithre cinn de na cúig thoghcheantar is measa atá buailte ag an Covid-19 sa tír – Leitir Ceanainn (389), Bun Cranncha (385), Carn Domhnach (348) agus Baile na nGallóglach (327).

D’fheabhsaigh cúrsaí i nach mór gach ceantar Gaeltachta taobh amuigh de Dhún na nGall, de réir na bhfigiúirí nua.

Ní raibh ach dhá cheantar eile a raibh an ráta iontu níos airde ná an ráta náisiúnta – Béal an Mhuirthead (183) agus Ceanannas (136), mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Is ag ísliú atá ráta an Covid-19 sna toghcheantair sin ó dheireadh na míosa seo caite, mar sin féin. Thit an ráta sa dá toghcheantar eile sna contaetha sin ina bhfuil ceantair Ghaeltachta. Ráta 38 a bhí i gCathair na Mairt agus 106 a bhí i mBaile Átha Troim.

Bhí an ráta i gConamara níos ílse ná mar a bhí sé le cúpla mí anuas. I gConamara Theas, thit an ráta go dtí 38 cás in aghaidh gach 100,000 agus ráta 35 atá i gceist i gConamara Thuaidh.

I gCiarraí, tá Corca Dhuibhne fós ar cheann de na ceantair is fearr as sa stát maidir le scaipeadh an ghalair. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh sa cheantar Gaeltachta sin idir 3-16 Samhain.

Thit an ráta i dtoghcheantar an Neidín i gCiarraí Theas, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ó 72 go dtí 60.

I gCorcaigh, ráta 71 a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 26 cás ar fad a deimhníodh ann.

Níor tháinig aon laghdú ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Dhún Garbhán idir an 3-16 Samhain. Ráta 68 a bhí fós sa cheantar sin, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, ach amháin i nDún na nGall'