Ráta scaipthe agus líon na gcásanna fós ag dul i méid i nGaeltacht nDún na nGall

Dún na nGall is measa atá buailte ag cásanna den víreas faoi láthair, ach d’ardaigh ráta scaipthe an Covid-19 de bheagán sna ceantair Ghaeltachta eile, seachas Ciarraí agus Maigh Eo

Ráta scaipthe agus líon na gcásanna fós ag dul i méid i nGaeltacht nDún na nGall

Tá ardú fós ag teacht ar líon na gcásanna den Covid-19 i nDún na nGall, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

Tá an ráta scaipthe is airde sa stát go fóill i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach, mar a bhfuil na Dúnaibh, Carraig Airt agus bailte Gaeltachta eile i dtuaisceart an chontae.

Deimhníodh 94 cás nua den Covid-19 sa toghcheantar sa choicís idir an 20 Aibreán agus an 3 Bealtaine. Osclaíodh ionad tástála siúil isteach i mBaile na nGallóglach chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an bhfadhb.

Tá an ráta scaipthe sa cheantar imithe suas go dtí 683 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar. Bhí an ráta i mBaile na nGallóglach níos mó ná cúig oiread an mheánráta náisiúnta sa tréimhse chéanna – 134.

Is i dtoghcheantar Leitir Ceanainn atá an tríú ráta is airde sa stát (547) agus d’ardaigh líon na gcásanna sa dá thoghcheantar Gaeltachta eile i dTír Chonaill le seachtain anuas.

Deimhníodh 69 cás i dtoghcheantar na nGleanntach le coicís anuas agus d’ardaigh ráta scaipthe an víris ansin ó 247 go dtí 289 le seachtain anuas. Ó dheas i dtoghcheantar Bhaile Dhún na nGall, deimhníodh 21 cás nua den Covid-19 idir an 20 Aibreán agus an 3 Bealtaine agus an ráta scaipthe ardaithe ó 42 go dtí 79.

Dún na nGall is measa atá buailte ag cásanna den víreas faoi láthair, ach d’ardaigh ráta scaipthe an Covid-19 i ngach ceantar Gaeltachta ar fud na tíre, seachas Ciarraí agus Maigh Eo.

Níos lú ná cúig chás a deimhníodh arís i gCorca Dhuibhne agus sa Neidín i gCiarraí agus b’amhlaidh an scéal i mBéal an Mhuirthead agus toghcheantair Chathair na Mairt, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, i Maigh Eo.

Níos lú ná cúig chás freisin a deimhníodh i gceantar Chonamara Thuaidh le coicís anuas ach tháinig ardú ar líon na gcásanna i gConamara Theas. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, 14 cás a deimhníodh ann le coicís anuas, ardú ó naoi gcás an tseachtain seo caite. Ráta 66 a bhí i gConamara Theas dá bharr.

Ardú cás amháin a bhí i gceist i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí, ó sheacht gcás go dtí ocht gcás. Fágann sin go bhfuil ráta scaipthe 22 sa cheantar.

Tháinig méadú níos suntasaí ar líon na gcásanna i dtoghcheantar Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. Méadú níos mó ná a dhá oiread a tháinig ar líon na gcásanna nua le seachtain anuas, ó naoi gcás go dtí 20 cás, agus ráta 98 anois sa cheantar.

I dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn, d’ardaigh líon na gcásanna a deimhníodh, ó 40 cás go dtí 45 agus ráta 144 sa cheantar dá bharr.

Laghdú beag a bhí i gCeannanas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Baile Ghib ó 30 cás go dtí 29, rud a d’fhág ráta scaipthe 90 sa cheantar idir an 20 Aibreán agus an 3 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Ráta scaipthe agus líon na gcásanna fós ag dul i méid i nGaeltacht nDún na nGall'