Ráta fáis i bhfad níos moille i ndán do gheilleagar na hÉireann in 2023

Deir an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go mbeidh roinnt dúshlán mór roimh an ngeilleagar intíre in 2023

Ráta fáis i bhfad níos moille i ndán do gheilleagar na hÉireann in 2023

Tá an ráta fáis sa gheilleagar intíre ag éirí níos moille de réir mar atá an seans go mbeidh cúlú eacnamaíochta domhanda ann ag dul i méid, de réir na tuarascála is déanaí ón ESRI.

Quarterly Economic Commentary, Winter 2022  na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta á foilsiú ar maidin.

Deirtear sa tuarascáil gur mhór a chabhraigh an ráta láidir easpórtála leis an bhfás eacnamaíochta le roinnt blianta anuas ach gur údar imní anois do gheilleagar na hÉireann na deacrachtaí atá ag earnálacha amhail earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus na cumarsáide ar fud an domhain.

Is mó an baol i gcás na hÉireann mar gheall ar chomh mór is atá geilleagar na tíre ag brath ar earnálacha áirithe.

In 2022, léirigh geilleagar na hÉireann go raibh teacht aniar iontach déanta, a deirtear.

De réir réamhaisnéis eacnamaíoch an ESRI, ráta fáis 8.4% a bheidh ann in 2022 agus an fás sin bunaithe ar infheistíocht láidir agus ráta caithimh níos mó. Thit an ráta dífhostaíochta go dtí 4.4% sa ráithe dheireanach den bhliain, an ráta is ísle riamh agus dar leis an ESRI, beidh an ráta an-íseal arís in 2023. Mar gheall ar an teacht isteach mór go dtí an státchiste, ón gcáin chorparáide go háirithe, meastar go mbeidh barrachas suntasach ag an Rialtas i mbliana agus an bhliain seo chugainn.

Mar sin féin, deirtear go mbeidh roinnt dúshlán mór roimh an ngeilleagar intíre in 2023.

Ar na dúshláin sin, tá an baol a bhaineann le cúlú eacnamaíochta sna tíortha is mó a mbíonn Éire ag trádáil leo, an ghéarchéim costas maireachtála agus an t-ardú ar rátaí úis.

Fágann na cúrsaí sin gur ag fás i bhfad níos moille a bheidh geilleagar na hÉireann sa ghearrthéarma. Meastar go mbeidh ráta boilscithe 7.1% ar an meán ann in 2023 agus nach mbeidh ach fás beag 2.2% ar an éileamh intíre an bhliain seo chugainn.

Dúirt Kieran McQuinn, duine d’údair na tuarascála, go gcaithfí an infheistíocht dhíreach eachtrach a chosaint mar gheall “ar a thábhachtaí” is bhí sí don gheilleagar intíre.

Dúirt duine eile de na húdair, Conor O’Toole, gur dócha go mbeadh an fás eacnamaíochta níos moille an bhliain seo chugainn mar gheall ar an mbrú a chuirfeadh an costas maireachtála ar theaghlaigh agus an brú a chuirfeadh costais arda ar lucht gnó.

Fág freagra ar 'Ráta fáis i bhfad níos moille i ndán do gheilleagar na hÉireann in 2023'