Ráta an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, seachas i nDún na nGall

Idir an 27 Deireadh Fómhair agus 9 Samhain, tháinig ardú ar ráta an Covid-19 i gcúig cinn de na seacht dtoghcheantar i nDún na nGall, ceantair Ghaeltachta ina measc

Ráta an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, seachas i nDún na nGall

Is léir an chúis go bhfuil NPHET buartha faoi Dhún na nGall sna figiúirí is deireanaí maidir le scaipeadh an ghalair go háitiúil.

Tá tionchar na srianta Leibhéal 3 agus na cinn Leibhéal 5, a tháinig isteach ar an 21 Deireadh Fómhair, le feiceáil sna figiúirí agus ráta coicíse an choróinvíris tite i nach mór gach toghcheantar ar fud an stáit idir an 27 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain.

Tá imní léirithe ag NPHET an tseachtain seo maidir leis an scéal i nDún na nGall, áfach. Tá an ráta coicíse is airde sa tír sa chontae faoi láthair agus tá an ráta ag laghdú i bhfad níos moille ann ná mar atá sa chuid eile den stát.

Idir an 27 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain, tháinig ardú ar ráta an Covid-19 i gcúig cinn de na seacht dtoghcheantar i nDún na nGall, ceantair Ghaeltachta ina measc.

Aimsíodh 30 cás nua i dtoghcheantar na nGleanntach le linn na tréimhse seo, rud a d’fhág gur léim an ráta coicíse ó 79 go dtí 113 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa cheantar.

Ardú a bhí i gceist i gceantar Bhaile na nGallóglach freisin. 27 cás nua a deimhníodh ansin agus bhí an ráta breis is a dhá oiread níos airde, 196 i gcomparáid le 94.

Tháinig ardú ar an ráta i Leitir Ceanainn (410), i gCarn Domhnach (312) agus i Leifear-Srath an Urláir (282) chomh maith.

Thit an ráta i gceantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae ó 128 go dtí 105.

Cé gur titim a bhí i gceist i mBun Cranncha, 595 go dtí 537, is ann a bhí an ráta is airde sa stát agus é níos mó ná a thrí oiread níos airde ná an ráta náisiúnta sa tréimhse sin – 152.

Thit an ráta i gach toghcheantar Gaeltachta taobh amuigh de Dhún na nGall.

Mar sin féin, bhí an ráta i mBéal an Mhuirthead – 278 – i measc na rátaí is airde sa tír idir an 27 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain. Ní raibh ach deich dtoghcheantar sa stát go léir a raibh ráta níos airde iontu. 35 cás den choróinvíreas a deimhníodh i mBéal an Mhuirthead le linn na coicíse sin.

I dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh, thit an ráta ó 120 go dtí 49.

Cé go raibh Conamara Theas ar cheann de na ceantair is measa a bhí buailte ag an Covid-19 an mhí seo caite, tá an ráta tite go mór sa cheantar ó shin. 13 cás nua a deimhníodh ann idir an 27 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain, rud a d’fhág gur thit an ráta go dtí 61 cás in aghaidh gach 100,000.

726 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ann idir 13 agus 26 Deireadh Fómhair.

Thit an ráta ó 157 go dtí 52 i gConamara Thuaidh.

I gCiarraí, tá Corca Dhuibhne fós ar cheann de na ceantair a bhfuil an ráta is ísle sa stát iontu. Níos lú ná cúig chás a deimhníodh sa cheantar Gaeltachta idir an an 27 Deireadh Fómhair agus an 9 Samhain. Ní raibh ach trí thoghcheantar eile sa stát le níos lú ná cúig chás – Lios Mór i bPort Láirge agus Béal Átha Móir agus Cluainín i gcontae Liatroma.

Thit an ráta i dtoghcheantar an Neidín i gCiarraí Theas, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, ó 92 go dtí 72.

I gCorcaigh, ráta 136 a bhí i dtoghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 50 cás ar fad a deimhníodh ann.

Titim a bhí i gceist i nGaeltacht na nDéise chomh maith agus an ráta i dtoghcheantar Dhún Garbhán tite ó 73 go dtí 68.

I gcontae na Mí, thit an ráta ó 394 go dtí 186 i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. Ráta 241 a bhí i dtoghcheantar Cheanannais, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib.

Fág freagra ar 'Ráta an ghalair tite ar fud na Gaeltachta, seachas i nDún na nGall'