Rás na nUltach agus na gConnachtach rite ach Cúige Mumhan agus Cúige Laighean le cur lena stór

Agus gan ach trí chluiche fágtha i réamhbhabhtaí chomórtas Pro 14 na bliana seo beidh foirne na hÉireann sa tóir ar an mbua ar chúiseanna éagsúla

Rás na nUltach agus na gConnachtach rite ach Cúige Mumhan agus Cúige Laighean le cur lena stór

Tá trí chluiche fós le himirt i réamhbhabhtaí chomórtas Pro 14 na bliana seo, ach mar sin féin tá sé chomh maith duit a rá go bhfuil rás na nUltach agus na gConnachtach rite, sin mura dtarlóidh míorúilt éicint.
As baile atá an dá chúige sin ag imirt tráthnóna. Tá Cúige Chonnacht sa mBreatain Bheag ag tabhairt faoi na Ospreys, foireann atá áit amháin agus pointe amháin chun cinn orthu i ngrúpa A. Is cinnte go mbeidh na Connachtaigh ag iarraidh cúiteamh éigin a dhéanamh ar an deireadh seachtaine seo caite nuair a chaill siad ar an mBóthar Beag agus iad i gcoinne Gloucester i gCorn an Dúshláin, toradh a chuir deireadh leo sa gcomórtas sin.
Mar sin féin, is deacair buntáiste an bhaile a shárú agus is é seo an cluiche deiridh a bheas sa mbaile ag na Ospreys sa gcomórtas óir as baile i gcoinne na nUltach agus i gCaerdydd a bheas siad i mbabhtaí 20 agus 21. ‘Sea go deimhin, tá dúshlán mór eile roimh na Connachtaigh an Aoine seo.
’Sé an scéal céanna ag na hUltaigh é agus iadsan i nDún Éideann i gcoinne foireann atá áit amháin agus 13 pointe chun cinn orthu i ngrúpa B. Dúshlán mór eile do na hUltaigh freisin.  Tá amhras orm an bhfuil dóthain teacht aniar iontu le teacht slán.
Sa mbaile san RDS a bheas na Laighnigh amárach, Dé Sathairn, agus iad i gcoinne Zebre, cluiche nach gcuirfidh mórán stró orthu. Níl ach ceithre chluiche buaite ag Zebre as seacht gcinn déag, i gcomparáid leis na trí cinn déag atá buaite ag na Laighnigh. Sea, bua le ceithre úd nó níos mó atá i ndán do na Laighnigh anseo, fiú más foireann dara nó tríú rogha a rachaidh chun páirce.
San Afraic Theas i gcoinne na Southern Kings a bheas na Muimhnigh amárach. Ní fiú mórán a rá faoin gcoimhlint seo, seachas gur ag súil lena ndara bua atá na Kings agus 17 cluiche imeartha acu. Ní dóigh liomsa go n-éireoidh leo an bua sin a fháil i gcoinne na Muimhneach, fiú mura bhfuil siadsan ag cur a gcéad rogha foirne chun páirce.

Fág freagra ar 'Rás na nUltach agus na gConnachtach rite ach Cúige Mumhan agus Cúige Laighean le cur lena stór'