Rás na Laighneach rite ach d’fhéadfaidís gar a dhéanamh do na Connachtaigh

Fiú má bhíonn an bua le pointe bónais ag Cúige Laighean sa dá chluiche atá le himirt acu i gcoinne Treviso thall is abhus, ní bheidh aon fheabhas ar a gcás. Ach d'fhéadfaidís gar a dhéanamh do na Connachtaigh

Ben Te'o. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy
Ben Te’o. Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Ní dóigh gur mórán sóláis do lucht leanta dílis Chúige Laighean gur éirigh leo babhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh a bhaint amach agus gurbh iad an t-aon chúige iad ón tír seo a chuaigh chomh fada sin i gcomórtas sinsearach rugbaí an limistéir seo. Ní fiú mórán é sin nuair nach bhfuil seans ar áit acu den chéad uair ó thús an Chomórtais Cheiltigh i measc na gceithre fhoireann a bheas ag imirt sna na cluichí réitigh. Go deimhin féin, is cúis náire do na Laighnigh nach bhfuil seans na ngrást acu anois an bhearna 13 pointe atá idir iad féin, atá sa gcúigiú háit ar an tábla, agus na hOspreys atá sa gceathrú háit, a laghdú, go háirithe agus dhá chluiche fós le himirt sna réamhbhabhtaí. Nach mór an titim é sin do churaidh chomórtas an Pro 12 agus curaidh na hEorpa faoi thrí!!  

Fiú má bhíonn an bua le pointe bónais acu sa dá chluiche atá fós le himirt i gcoinne Treviso sa mbaile an Aoine seo agus thall in nDún Éideann faoi cheann seachtaine, ní bheidh aon fheabhas ar a gcás. Aisteach go leor, is dóigh gur mó an chabhair a bheadh i mbua Laighean ar Dhún Éideann do chás Chonnacht ná dóibh féin! Mar sin féin, seans maith go mbeidh bua ag Cúige Laighean ar Treviso san RDS, ach céard is fiú é ag an tráth seo seachas mórtas nó bród, b’fhéidir?

Ní hionann an scéal i gcás Chúige Uladh (3ú háit), foireann a bheas sa mbaile i mBéal Feirste i gcoinne na Mumhan (2ra háit). Cé go mbeidh cluiche amháin eile le himirt sna réamhbhabhtaí faoi cheann seachtaine, seans go mbeidh buntáiste imirt sa mbaile sna cluichí réitigh cinnte ag buaiteoirí an chluiche seo, go háirithe má éiríonn leo bua le pointe bónais a aimsiú freisin. Bí ag súil le tréaniarracht ón dá thaobh, ach is deacair an buntáiste imirt sa mbaile mar atá ag na hUltaigh a chur as an áireamh.

Chun na hIodáile i gcoinne Zebra atá triail Chúige Chonnacht an Satharn seo, iad sa 8ú háit ar an tábla. Faraor, má sheasann cúrsaí mar sin, ní bheidh seans acu a bheith i measc na bhfoirne a bheas ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile.

Níl de rogha ag na Connachtaigh anois ach na cluichí atá fós le himirt acu sna réamhbhabhtaí a ghnóthachtáil agus a bheith ag guí go ndéanfaidh foireann eicínt eile, na Laighnigh go háirithe, gar dóibh.

Fág freagra ar 'Rás na Laighneach rite ach d’fhéadfaidís gar a dhéanamh do na Connachtaigh'