Rás na Gaeltachta rite i gCiarraí agus Naomh Conall agus Cill Charthaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i nDún na Gall

Súil ar staid na himeartha sna contaetha Gaeltachta i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine

Rás na Gaeltachta rite i gCiarraí agus Naomh Conall agus Cill Charthaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i nDún na Gall

Ciarraí

Tá rás na Gaeltachta rite i gCraobh Idirmheánach Peile Chiarraí de bharr a gcliseadh i mbabhta leathcheannais an chomórtais in aghaidh an Teampaill Nua, a raibh farasbarr cúpla cúilín acu orthu (2-7, 0-11) i gcluiche ina raibh cúpla deis scórála ag an nGaeltacht i ndeireadh na himeartha.

Donncha Ó Néill agus Pádraig Ó Spealláin a scóráil na cúil don Teampall Nua, a bhí chun cinn 2-4, 0-6 ag leath ama ach a chaith 29 nóiméad den dara leath taobh le haon chúilín amháin.

D’fhág sin go raibh an Ghaeltacht ar chomhscór leo agus 25 nóiméad den leath caite tar éis d’Éanna agus Seán Micheál Ó Conchubhair, mar aon le ‘Ogie’ O Sé cúilíní a scóráil dóibhsean.

Ach chinn ar an nGaeltacht a dhul chun cinn agus beidh aiféala orthu i dtaobh na ndeiseanna a scaoileadar uathu ag an deireadh – ceann acu ar an mbáire a thuillfeadh an bua dóibh.

’Siad Neidín a imreoidh in aghaidh an Teampaill Nua sa gcluiche ceannais i gCraobh Idirmheánach Chiarraí tar éis dóibhsean an bua a fháil ar Oileán Ciarraí 2-13,1-9 sa chluiche leathcheannais eile.

Daithí Ó hAilíosa a scóráil an cúl a d’fhág chun cinn ag leath ama iad 1-8, 0-6 agus ba é Caoimhín Ó Súilleabháin a fuair an dara báire don fhoireann a raibh iarpheileadóir Chiarraí, Pól Ó Conchubhair agus captaen mhionúir na bliana seo, Seán Ó Sé, ar fheabhas dóibh.

Don dara bliain as a chéile tá Lios Póil i gcluiche ceannais na Nóibhíseach i gCiarraí. I mbabhta leathcheannais bhuaigh siad ar Réalt na Mara, an Cromán 2-13, 2-8. Ba iad Maitiú Seán Ó Grifín agus Ciarán Ó Súilleabháin a scóráil na cúil do Lios Póil a imreoidh in aghaidh an Bhaile Dhuibh nó in aghaidh Thuath Ó Siosta sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Cill Mhaoile ar an mBaile Dubh 1-18, 2-13 san athimirt ar Chluiche Ceannais Sinsir Iomána Chiarraí.

Dún na nGall

Bhain Naomh Conall, na Gleannta, buaiteoirí Chraobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta le dhá bhliain agus buaiteoirí Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall na bliana seo caite, áit amach i gcluiche leathcheannais an chontae sin tar éis a mbua ar Naomh Adhmhnán 1-13,1-8.

Scóráil Conor Morrison cúl d’fhoireann Leitir Ceanainn sa chéad leath, ach ba ar chomhscór a bhí na foirne ag leath ama 1-4, 0-7.

Sa dara leath ghlac Naomh Conall ceannas, mar a rinne i gcluiche ceannais an chontae anuraidh agus ba é Dara Gallagher a fuair an cúl cinniúnach dóibh agus gan fágtha ach 9 nóiméad.

Imreoidh Naomh Conall in aghaidh Chill Charthaigh anois sa bhabhta leathcheannais tar éis dóibhsean an bua a fháil ar an Tearmann 0-19, 0-4 i mbabhta ceathrú ceannais eile.

Scóráil an peileadóir contae, Micheál Murphy 2-5 do Ghleann Súilí sa gcluiche ceathrú ceannais inar bhuaigh siadsan ar Chumann Mhic Cumhaill.

In aghaidh Mhálanna a bheas siad siúd sa chéad bhabhta eile. Bhí foireann Inis Eoghain 6 chúilín chun deiridh ar an gClochán Liath, ach fuair siad 6 cinn as a chéile sa dara leath agus bhuaigh siad 0-13,1-8.

Sna babhtaí ceathrú ceannais den Chraobh Idirmheánach Peile, chríochnaigh Naomh Columba agus Naomh Náille ar chomhscór 1-15, 3-9 (athimirt Dé Céadaoin); bhuaigh Baile na nGallóglach ar Naomh Bríd 2-12, 0-12 agus bhuaigh Aodh Rua ar Naomh Ultan 2-18, 3-8 agus bhuaigh Beart ar Chloich Chionnaola 1-12, 2-8.

Gaillimh

Tá Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i mbabhta leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe de bharr a mbua 2-7,1-5 ar Chathair Loistreáin ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim inné – imreoidh siad Seamróga Chortúin sa gcluiche sin.

Robert Butler agus Marcas Mac Donncha a scóráil na cúil d’fhoireann na Cathrach.
San athimirt ar chluiche ceathrú ceannais eile sa gcomórtas, bhuaigh An Creagán/Maigh Locha ar Bhaile an Mhuilinn 3-12, 0-10. Ba sa dara leath a fuair Barry McHugh, Paul Donnellan agus Seán Sweeney na cúil do na buaiteoirí.

In aghaidh Chora Fine a bheas siadsan sa mbabhta leathcheannais. Tá Carna/An Caiseal fós i mbaol a ndícháilithe tar éis do Naomh Micheál an bua a fháil orthu 4-14, 3-5, ach tá Bearna slán tar éis a mbua siúd ar Chill Fhir Iarainn 3-11, 2-11.

Sa Chraobh Shóisir Peile in iarthar an chontae, bhuaigh Maigh Cuilinn ar An Fhairche 2-14,1-9 agus bhuaigh Naomh Micheál ar Bhearna 2-11, 1-12

Corcaigh

Tá seans i gcónaí ag Fánaithe an Ghleanna greim a choinneáil ar Chraobh Shinsir Iomána Chorcaí a bhuaigh siad anuraidh de bharr a mbua 1-19, 1-13 ar Dhúglas ar Pháirc Uí Rinn inné, áit ar scóráil Patrick Horgan 1-7. Imreoir contae eile, Alan Cadogan, ba mhó a scóráil do na caillteoirí, 0-7.

Rogha Éireann a imreoidh in aghaidh na bhFánaithe sa chluiche ceannais. Bhuaigh siadsan ar Mhainistir na Corann 2-13, 1-15 sa chluiche leathcheannais eile.

Fág freagra ar 'Rás na Gaeltachta rite i gCiarraí agus Naomh Conall agus Cill Charthaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile i nDún na Gall'