Rás Cunningham rite agus damáiste déanta don ghaol idir é féin agus na himreoirí

Tá taithí mhaith ag ár gcolúnaí ar scoilteanna cois Laoi, scoilteanna atá an-doimhin atá fós ann…

Bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham. INPHO/Lorraine O'Sullivan
Bainisteoir na Gaillimhe, Anthony Cunningham. INPHO/Lorraine O’Sullivan

Tá cuid mhaith ráite, scríte agus cloiste le tamall anuas faoi chúrsaí peile Mhaigh Eo agus iománaithe na Gaillimhe agus formhór de an-diúltach.

Dála gach scéil, tá trí leagan ann: mo leagansa, do leagansa agus an fhírinne. Ach níl sé chomh simplí sin. Tá seaneolas againn i gCorcaigh ar fhadhbanna le himreoirí idirchontae agus stailceanna.

Bhí trí cinn de stailceanna againn agus gach ceann níos measa ná an ceann eile. Nuair a tharla an chéad cheann ag deireadh 2002, thuig lucht leanúna spóirt cois Laoi go raibh fadhbanna le réiteach ach níor thuigeadar cé chomh dona is a bhí cúrsaí ó thaobh áiseanna agus easpa tacaíochta dos na foirne ó bhord an chontae. 

Nuair a tharla an tríú haighneas cúig bliana níos déanaí, bhí bearna an-mhór go deo idir lucht leanta na n-imreoirí agus bord an chontae. Tá na scoilteanna sin fós ann, scoilteanna atá an-doimhin. Tharla aighneas ansin i Luimneach agus tá a rian fós ann.

Léigh mé go leor den méid a scríobhadh faoi pheileadóirí Mhaigh Eo agus iománaithe na Gaillimhe agus d’aithin an-chuid cosúlachtaí idir a raibh ansin agus sna haltanna a scríobhadh le linn trioblóidí Chorcaí agus Luimnigh.

Scríobh Seán Moran alt suimúil san Irish Times le déanaí dar teideal ‘Is féidir bainisteoirí nua a fháil éasca go leor ach ní féidir imreoirí nua (ar chaighdeán idirchontae) a fháil in aon chor’.

Ag críochnú an ailt dó, scríobh sé go n-aithníonn sé go bhfuil se thar a bheith deacair bheith i do bhainisteoir idirchontae agus go mbraitheann a lán ar chaighdeán na ndaoine atá ag imirt agus atá i mbun bainistíochta.

Ach i ndeireadh na dála, dúirt sé muna bhfuil bord contae eiticúil, macánta, uasal, fiúntach ann, gach seans go dtarlóidh an rud ceannann céanna arís agus arís eile.

Agus nach í sin an fhírinne mar a thuigimse í.

Bhí an-chur amach agamsa ar gach ar tharla i gCorcaigh le linn na dtrioblóidí ann. Bhí aithne mhaith agam ar na h-imreoirí agus tuiscint maith ar na fadhbanna a bhí acu.

Tá aithne agam ar Anthony Cunningham agus ar chúpla duine d’imreoirí na Gaillimhe ach níl mioneolas agam ar na fadhbanna atá acu agus atá eatarthu. Mar sin, ní féidir liom alt a thabharfadh cothrom na Féinne do cheachtar taobh a scríobh.

Mar sin féin, ceapaim nár tharla an rud seo thar oíche nó nár tháinig sé aniar aduaidh ar Anthony Cunningham ná ar bhord na Gaillimhe.

Tuigim go ndéanann na himreoirí agus an lucht bainístíochta an-obair agus gur mór an íobairt é dos na himreoirí a oiread ama a chur ar leataobh chun imirt ag an leibhéal idirchontae. Tuigim, leis, go bhfuil eolas acu ar an méid atá ar siúl sna contaetha eile.

Tuigim go n-aithníonn siad nuair nach bhfuil an prapáil ar ard chaighdeán. Tuigim go gcuireann cuid mhaith imreoirí in a lán contaetha suas le socruithe nach bhfuil ar ardchaighdeán de bharr easpa airgid, oideachais nó ceannaireacht cheart. Muna bhfuil macántacht agus meas idir na páirtithe go léir, níl mórán seans ann torthaí fiúntacha a fháil.

Muna bhfuil nasc láidir profisiúnta idir na páirtithe, tá sé deacair aon chraobh a bhuachaint.

Sa Ghaillimh, ceapaim (gan aon mhioneolas agam) go bhfuil rás Anthony Cunningham rite mar go bhfuil damáiste tubaisteach déanta don ghaol idir é féin agus na himreoirí.

Fág freagra ar 'Rás Cunningham rite agus damáiste déanta don ghaol idir é féin agus na himreoirí'