Ranganna Gaeilge ar bun ag mná rugbaí na hÉireann chun spiorad a chothú

Seo sampla eile den Ghaeilge á húsáid chun imreoirí a thabhairt le chéile agus meanma na foirne a chothú

Ranganna Gaeilge ar bun ag mná rugbaí na hÉireann chun spiorad a chothú

Nicola Fryday. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Cuirfidh foireann rugbaí ban na hÉireann tús lena bhfeachtas i gCraobh na Sé Náisiún amárach agus tharlódh go mbeadh beagán Gaeilge le cloisteáil ar an bpáirc san RDS.

Tugadh le fios an tseachtain seo go raibh foireann na hÉireann ag tabhairt faoi ranganna Gaeilge mar chuid de bhealaí neartaithe foirne.

Tá an Baile Átha Cliathach Greg McWilliams tagtha isteach mar phríomhchóitseálaí ó thús an earraigh agus is léir go gceapann sé gur féidir leis an teanga a úsáid chun an fhoireann a thabhairt le chéile agus mórtas a chothú sna himreoirí.

Is í Nicola Fryday captaen nua na hÉireann agus dúirt sí go raibh an fhoireann ag baint sult as na ranganna agus ag foghlaim.

“Rinne mé [an Ghaeilge] an bealach ar fad tríd an scoil ach tá mé fós ag foghlaim sna ceachtanna seo,” a dúirt sí.

“Is é ‘báinín’ an focal is fearr liom go dtí seo, ciallaíonn sé flat white. Bíonn mé anois ag súil isteach i dtolglann na n-imreoirí agus ag ordú báinín.”

Ní hé McWilliams an chéad bhainisteoir rugbaí a bhain leas as an nGaeilge chun spiorad agus meanma ar leith a chothú sna himreoirí.

Nuair a ceapadh an Nua-Shéalannach Pat Lam mar chóitseálaí ar Chúige Chonnacht, mhothaigh sé gur bealach iontach a bheadh in úsáid na Gaeilge chun spiorad a chothú i measc na n-imreoirí.

Dúirt an Nua-Shéalannach ag an am go mbainfeadh a fhoireann leas as an teanga chun “ceangal a dhéanamh le chéile agus leis an bpobal a ndéanaimid ionadaíocht air”.

“Fiú buachaillí na hÉireann nuair a thosaigh siad ag rá ‘Dia Dhuit’ ansin thosaigh siad ag labhairt níos mó Gaeilge agus spreag sé bród ionainn maidir leis an áit as a dtagann muid, agus ba rud millteanach mór dúinn na ceangail sin,” a dúirt Pat Lam ar Newstalk.

Bhíodh sé de nós ag Lam cúpla focal a úsáid freisin agus é faoi agallamh ar TG4.

Chuaigh an teanga i bhfeidhm an oiread sin ar Bundee Aki, a bhí ag imirt faoi cheannas Lam i gConnachta, gur i nGaeilge rinne sé na gártha gaisce nuair a bhuaigh Éire an Grand Slam in Twickenham in 2018.

Fág freagra ar 'Ranganna Gaeilge ar bun ag mná rugbaí na hÉireann chun spiorad a chothú'