Ranganna Breatnaise saor in aisce le tairiscint do gach duine idir 16-25 sa Bhreatain Bheag

Deir an tAire Oideachais agus Breatnaise, Jeremy Miles, gur chóir go mbeadh an deis ag gach duine an Bhreatnais a fhoghlaim

Ranganna Breatnaise saor in aisce le tairiscint do gach duine idir 16-25 sa Bhreatain Bheag

Tá ranganna Breatnaise saor in aisce á dtairiscint ag Rialtas na Breataine Bige do gach duine idir 16-25 bliain d’aois agus do mhúinteoirí na tíre.

An Lárionad D’fhoghlaim na Breatnaise a chuirfidh na cúrsaí ar fáil agus beidh cúrsaí éagsúla ar fáil do dhaoine ag brath ar a líofa is atá siad.

Beidh ranganna ar líne agus sa seomra ranga ar fáil.

Cuirfear tús chomh maith i mí Mheán Fómhair le háis foghlama nua ar líne do dhaoine idir 16-18.

Tá na ranganna á gcur ar fáil faoi chomhaontú idir Páirtí an Lucht Oibre agus Plaid Cymru agus is cuid iad d’iarracht Rialtas na Breataine Bige cur le líon na gcainteoirí Breatnaise agus teagasc na teanga á láidriú.

Dúirt an tAire Oideachais agus Breatnaise, Jeremy Miles, gur chóir go mbeadh an deis ag gach duine an Bhreatnais a fhoghlaim.

“Ní bhíonn an deis ag gach duine an Bhreatnais a fhoghlaim nuair a bhíonn siad óg agus taibhsítear do go leor againn nuair atá an scoil fágtha againn gur mhaith linn an Bhreatnais a labhairt níos minice.

“Tá sé tábhachtach go gcuirfí leis na deiseanna an teanga a fhoghlaim ionas go mbeidh níos mó daoine ábalta í a úsáid ina saol gach lá.”

Beidh rang oiriúnach ar fáil do chách, a dúirt an tAire Oideachais.

“Beidh go leor daoine óga a shocróidh go bhfuil siad ag iarraidh tabhairt faoin mBreatnais a fhoghlaim den chéad uair, nó beidh daoine ag iarraidh cur leis an líofacht atá acu cheana féin, nó ní bheidh uathu ach cur lena gcuid muiníne chun go mbeidh siad ábalta níos mó Breatnaise a labhairt, bíodh sé san áit oibre, le cairde nó ina ngnáthshaol sa phobal.”

Tá na ranganna á gcur ar fáil do mhúinteoirí chomh maith toisc, a dúradh, go bhfuiltear ag iarraidh cur leis an scolaíocht Bhreatnaise.

“Linne go léir an Bhreatnais. Seo céim eile chun cinn maidir le deis a thabhairt don uile dhuine an Bhreatnais a labhairt agus maidir le cuidiú linn lenár sprioc go mbeadh milliún duine ina gcainteoirí Breatnaise faoi 2050,” arsa an tAire Oideachais agus Breatnaise, Jeremy Miles.

Fág freagra ar 'Ranganna Breatnaise saor in aisce le tairiscint do gach duine idir 16-25 sa Bhreatain Bheag'