Tá ráig den Covid-19 i nGaeltacht Chois Fharraige i gConamara.
Tuigtear go mbaineann an ráig le teacht le chéile a bhí ag grúpa cairde sa cheantar seachtain ó shin.
Tá roinnt cásanna den ghalar deimhnithe cheana agus tá a thuilleadh daoine sa cheantar a raibh teagmháil acu leis na daoine sin ag fanacht ar thorthaí tástálacha.
Fógraíodh 16 cás nua den choróinvíreas sa Ghaillimh le linn an deireadh seachtaine.
369 cás nua den aicíd a d’fhógair an Roinn Sláinte ag an deireadh seachtaine, 138 cás Dé Domhnaigh agus 231 cás Dé Sathairn. Bhain 201 den 369 cás le Baile Átha Cliath.
224 cás nua a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt ag an deireadh seachtaine, 106 cás inné agus 118 cás Dé Sathairn.
37,399 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn ó thús na paindéime, 29,672 cás ó dheas den teorainn agus 7,727 cás ó thuaidh di.
2,341 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh ó thús na paindéime, 1,777 duine ó thuaidh agus 564 ó dheas.
Fág freagra ar 'Ráig den choróinvíreas deimhnithe i nGaeltacht Chonamara'