‘Raiftearaí Chonamara’ – bailiúchán nua d’amhráin Tom a’ tSeoighe le seoladh

Tá tóir is gean ag óg is aosta i gConamara ar Tom a’ tSeoighe agus a chuid amhrán

‘Raiftearaí Chonamara’ – bailiúchán nua d’amhráin Tom a’ tSeoighe le seoladh

Tá leabhar nua faoi Tom a’ tSeoighe á sheoladh maidin inniu ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta agus 50 amhrán dá chuid ann, ina measc ‘Baile Aerach Leitir Móir’,  ‘Amhrán Leeds‘ agus ‘Mo Mhéit’.

Tom a’ tSeoighe – Amhráin is teideal don bhailiúchán atá curtha in eagar ag Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta a bhfuil réamhrá cuimsitheach tuisceanach curtha acu leis an saothar.

Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an leabhar a bhfuil dhá dhlúthdiosca leis agus amhráin Tom á gcasadh ag John Beag orthu.

Tá amhráin ann faoi ghrá áite agus imirce, faoin saol i gConamara agus thar sáile, faoi bháid agus faoi bhádóirí agus faoi chúrsaí grá. Tá amhráin ghrinn is áibhéile ann, ach mórtas is tréitheacht an phobail le sonrú orthu ar fad.

Sa Sconsa i Leitir Móir a rugadh Tom a’ tSeoighe i 1930 agus bhí an fhilíocht sa dúchas aige.

File ab ea a sheanmháthair Máire Ní Mhiolláin agus a muintir as Inis Barr an Chuain, agus a uncail Pádraicín Tom Seoighe.

Bhí aon duine dhéag clainne ag a mhuintir agus an fhilíocht agus an amhránaíocht ar an teallach aige óna athair Máirtín Tom Seoighe as Inis Barr an Chuain agus óna mháthair Máire Bhabaí Nic Dhonnacha as Leitir Calaidh.

Teach airneáin agus amhránaíochta a bhí i dteach na Seoigheach sa Sconsa agus ceoltóirí agus amhránaithe go leor ag tarraingt air.

Is cuimhin le Tom Val agus Maidhcil Bheairtle Ó Donnchú ag teacht aniar as an Aird Mhór sa gcurach ag airneán. Agus é ina bhuachaill óg bhí an-suim go deo ag Tom sa bhfilíocht agus é ag cumadóireacht leis sular fhág sé an tír riamh.

Is beag duine is fearr a thug leis an imirce chomh nádúrtha ina chuid amhrán agus a thug Tom agus ní raibh sé féin ach seacht mbliana déag nuair a thug sé a aghaidh ar Cricklewood i Londain agus a thuras anonn ar an Princess Maud ar eolas ag cách.

Ba i Londain a phós Tom agus ba ann a rugadh an mac is sine aige féin agus a bhean Neil Sheáin Taimín as Cladhnach ar an gCeathrú Rua.

Mar is dual don dúchas tháinig siad abhaile lena gclann a thógáil ar an nádúr i gConamara.

Is fánach an obair a bhí i gConamara na 1950idí agus amhail a lán mar é, is iomaí sciuird a thug Tom anonn go Londain, Leeds agus Huddersfield lena áilín i gCladhnach a thógáil.

Cé go raibh roinnt mhaith amhrán cumtha aige sular fhág sé an baile an chéad lá riamh, ba le linn dó a bheith i Sasana a chum sé cuid mhór dá chuid amhrán.

Bhíodh amhráin Tom ar a mbéal ag muintir Chonamara a bhíodh ag obair ina theannta thall agus thugaidís leo anall iad.

A bhuíochas do cháisíní Chló Iar-Chonnacht scaipeadh na hamhráin ar fud an domhain agus glúin eile as Conamara ag gabháil ar imirce.

Bhí neart cineálacha ceoil le cloisteáil sna tithe ósta i Sasana agus aon fhonn a thaitníodh le Tom d’fhanadh sé ina chloigeann.

Agus an fonn aige chumadh sé amhrán, go minic agus é ina luí ar a leaba gan peann ná pár.

Is minic i gConamara gurb iad sé amhrán an Mhéit agus an méit bocht ar deoraíocht is túisce a luaitear le Tom ach tá bua eile ag amhráin Tom.

Bhuaigh Nóra Ghriallais Corn Uí Riada i 1993 agus dhá amhrán a chum Tom á gcasadh aici ar stíl an tsean-nóis.

Dúirt Tom féin:  “Na hamhráin atá mé fhéin a dhéanamh anois, faoi cheann dhá scór bliain ón lá inniu beidh siad dhá gcasadh ar nós an tsean-nós. Beidh dearmad déanta ar na seancheanna uilig, an dtuigeann tú, mar ní thuigfidh an dream óg iad.”

Is deacair amhráin Tom a’ tSeoighe a lua gan An tAncaire, John Beag Ó Flatharta as Leitir Mealláin, a chur san abairt chéanna.

Tá John Beag ag casadh amhráin Tom ó na 1980idí agus oibríonn an bheirt thar cionn le chéile.

Mar a dúirt Tom féin, “Tá rud amháin ag baint le John anyways, má thugann tú aon amhrán dhó, agus b’fhéidir go bhfuil aon bhlas fágtha amuigh agat, mar a déarfá, nach bhfuil curtha isteach ceart agat ann – ní chasfaidh John amhrán mura bhfuil chuile shórt ceart aige…”.

Tá tóir is gean ag óg is aosta i gConamara ar Tom a’ tSeoighe agus a chuid amhrán agus níl ort ach éisteacht le clár iarratas ar bith ar Raidió na Gaeltachta lena chruthúnas a fháil. Beidh sciob sceab ar an leabhar seo.

Fág freagra ar '‘Raiftearaí Chonamara’ – bailiúchán nua d’amhráin Tom a’ tSeoighe le seoladh'

  • An Teanga Bheo

    Mo laoch beir bua saol fada agat linn.