Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag (27 Nollaig – 2 Eanáir)

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar Raidió na Gaeltachta le linn fhéile na Nollag. Seo an rogha ón 27 Nollaig go dtí an 2 Eanáir...

Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag (27 Nollaig – 2 Eanáir)

Dé Céadaoin, 27 Nollaig

CU Burn
11.00am

Deir siad nach mbíonn pócaí ar bith ar chulaith an bháis, ach dá mbeadh bheadh siad glanta amach ag Charlie Burn.  Tá sé scór bliain anois ó craoladh an tsraith dheireanach de CU Burn ar TG4, agus cé gur iomaí sin clár a craoladh idir an dá linn níor ligeadh CU Burn i ndearmad riamh.  B Sa chlár seo, téann Dónall Mac Ruairí sa tóir orthu siúd a bhí lárnach sa tsraith, ina measc Seán Ó Maolagáin (Pádraig), Máiread Ní Ghallchóir (Mairéad), Aodh Óg Ó Duibheannaigh (Charlie), agus Niall Mac Eamharcaigh (cruthaitheoir an chláir), agus pléann siad breith, agus leoga bás, CU Burn.  

 

Siansa 2017
7.00pm

Deis eile ceolchoirm Siansa Gael Linn 2017 a chloisteáil. Ocht ngrúpa ceolóirí óga a bhí san iomaíocht ar an oíche, agus ba iad Dúchas ó Chora Finne i gCo. an Chláir a thug leo an chraobh.  Is í Áine Hensey a chuirfidh an clár i láthair.


Déardaoin, 28 Nollaig

Litir as Meiriceá
8.00am

Litir as Meiriceá do shéasúr na Nollag, scríofa ag Máirín Uí Chéide, arbh as Conamara ó dhúchas di ach atá ag cur fúithi le blianta fada i mBoston, Mheiriceá.  

 

Sam i nDún na nGall i 1992
11.00am
Bhain Dún na nGall Corn Sam Mhig Uidhir den chéad uair riamh sa bhliain 1992.  Sa chlár seo déanann an saineolaí spóirt, an tAthair Seán Ó Gallchóir, scéal peile 1992 agus an méid a thit amach sa chontae le 25 bliain anuas a chur os ár gcomhair. Damien Ó Dónaill a chuirfidh an clár i láthair.
 

 

  

Clasaicigh Ceoil
1.30pm

Beidh Sinéad Ní Uallacháin ar an aer gach iarnóin an tseachtain seo, le rogha beagáinín neamhghnách ceoil.   

 

Bord Soláthair an Leictreachais
5.30pm

Sa tsraith cartlainne seo a craoladh den chéad uair sa bhliain 2002 mar cheiliúradh 75 ó bunaíodh Bord Soláthair an Leictreachais, déantar scagadh ar bhunú BSL, agus ar na hathruithe éagsúla a tharla in Éirinn mar gheall ar an gcóras leictreachais.  Beidh an clár ar siúl inniu, amárach, agus Dé Luain agus Dé Máirt na seachtaine seo chugainn. Is é Seán Ó Tuairisc a chuirfidh an clár i láthair, agus is é Tomás Mac Con Iomaire léiritheoir na sraithe.      

 

Ceol Binn ó na Beanna
7.00pm

Ceolchoirm Éigse an Spidéil 2017.  Ar na ceoltóirí a bhí ar stáitse ag an ócáid, bhí Frankie Gavin, Brian McGrath agus George Grasso.  Ag an ócáid chéanna, chuir Johnny Óg Connolly An tEarrach Thiar os comhair an phobail den chéad uair agus ceol curtha aige le filíocht Mháirtín Uí Dhíreáin. Ba é Liam Ó Maonlaí a chas na hamhráin.  Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag (27 Nollaig – 2 Eanáir)'