Raidió na Gaeltachta – Scoth na gclár (20-26 Nollaig)…

Súil chun cinn ar chuid de na cláracha is fearr ar Raidió na Gaeltachta le linn fhéile na Nollag. Seo togha na rogha don tréimhse 20-26 Nollaig...

Raidió na Gaeltachta – Scoth na gclár (20-26 Nollaig)…

Dé Céadaoin, 20 Nollaig

 

Ceol Binn ó na Beanna
7.00pm
Ceol a taifeadadh ag Scoil Samhraidh Shligigh Theas a bheidh ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn.  Beidh ceol le cloisteáil ó Theresa O’Grady agus Muireann Banks, Marian Egan, John Dwyer, Seamie O’Dowd, Rick Epping, Leonard Barry, Shane McGowan, Junior Davey, Alice Jones, Caitríona Ní Cheannabháin, Liz agus Yvonne Kane le Nathan Pilatzke, Jack Talty, Anne Conroy-Burke agus neart eile.


Dé hAoine, 22 Nollaig

Rónán Beo @3
3.00am
Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí agus a chriú i dTigh Hiúdaí Beag ar an Bhun Beag do chóisir mhór na Nollag.  Beidh ceol beo, craic agus duaiseanna acu ó 3 pm go 5 pm.


Oíche Nollag

Nollaig na nDéise
5.04pm

Sa chlár seo cloisfear cearúil Nollag ó Chór Fear na nDéise, agus cur síos ar eachtraí a bhaineann le séasúr na Nollag ó phobal na háite.  Helen Ní Shé a chuirfidh an clár i láthair.

 

Réalta Órga Ríogacha
10.00am

Clár lán le hiomainn Nollag, machnamh an tséasúir agus cuimhní cinn a bhaineann le spioradáltacht agus draíocht Lá Nollag.  An tAthair Brian Ó Fearraigh a chuirfidh an clár i láthair.

 


Lá Nollag

RnaG ag an Oireachtas
3.00pm

Cloisfear anseo an chuid is fearr den chraoladh ó Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl i gCill Airne i mbliana: ceol beo, amhráin, agallaimh, agus blaiseadh de na comórtais sean-nóis.  Eibhlín de Bhailís a chuirfidh an clár i láthair.

 

Ceol Binn ó na Beanna
7.00pm

Ceolchoirm a taifeadadh ag Tionól Niocláis Tóibín sa Rinn i mí Feabhra.  Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair, agus i measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Anne Mulqueen, Ódí  agus Sorcha Ní Chéilleachair, Conal Ó Gráda agus Colm Murphy; Saileog Ní Cheannabháin; Liam O’Connor; Caitlín Ní Chualáin; Mick O’Brien, Sarah O’Gorman agus Tommy Fitzharris agus Caoimhín Ó Fearghail.

 

An Bóthar go Nashville
9.00pm

Beidh Jó Ní Chéide ag díriú ar go leor amhrán a eisíodh i mbliana, ina measc amhráin Nollag ó Sabrina Fallon & Pandy Walshe, (iomaitheoirí Glór Tíre 2017 ar TG4). 

 


Lá Fhéile Stiofáin

Réabhlóid sa Ghleann
11.00am

Bhí an Canónach Mac Duibhir ina Shagart Paróiste ar Ghleann Cholm Cille ó 1951 go dtí 1986, agus d’fhág sé a rian go láidir ar an cheantar.  Chuir sé tús le feachtas le fostaíocht a chruthú ansin agus stad a chur leis an imirce a bhí ag bánú an taobh sin tíre.  Sa chlár seo inniu le Damien Ó Dónaill, caithfear súil siar ar an obair a rinne an Canónach Mac Duibhir agus ar an méid a bhain sé amach i nGleann Cholm Cille ó na caogaidí go dtí lár na seachtóidí. 


Téanam ort a Cherr! An Bóthar go Baile Ghib
12.08pm

Tá ceithre fichid bliain caite ó bhog fiche teaghlach ó cheantair Ghaeltachta i gCiarraí go Baile Ghib i gContae na Mí.  Cá bhfuil a rian inniu sna ceantracha a d’fhágadar, agus i dtailte méithe na Mí mar a lonnaíodar?  Helen Ní Shé a chuirfidh an clár seo i láthair.

 

Lá an Dreoilín, mar a bhí
1.30pm

Téann Sláine Ní Chathalláin siar ar bhóithrín na smaointe lena cuid aíonna, agus iad i mbun comhrá léi faoi na traidisiúin a bhain le Lá an Dreoilín sna blianta siar.

 

Consairtín 2017
7.00pm

Ceolchoirm na féile ó chomhdháil náisiúnta an chonsairtín a bhí ar siúl in Inis, Co an Chláir, ar an 22 Aibreán i mbliana.  Ar chuid acu siúd a bheidh le cloisteáil, beidh Ceoltóir Óg na Bliana TG4, Liam O’Brien ó Shráid na Cathrach, agus a mhuintir; Dave Townsend ó Shasana, aoi speisialta an deireadh seachtaine; agus an Irish Concertina Ensemble – Tim Collins, Edel Fox, Mícheál Ó Raghallaigh, Caitlín Nic Gabhann agus Pádraig Rynne. 

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na gclár (20-26 Nollaig)…'