Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar Raidio na Gaeltachta le linn fhéile na Nollag. 28ú Nollaig - 2ú Eanáir

Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag

Dé Céadaoin, an 28 Nollaig

An Chraobh ar an bhFál
8.00am
Máirín Nic Con Iomaire a chuirfidh an clár seo i láthair, clár a dhéanann ceiliúradh ar chuid den saibhreas atá fágtha le huachta ag Johnny Chóil Mhaidhc i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cloisfimid filíocht agus drámaíocht uaidh ar an gclár seo inniu.

Noel Duggan, Ciaran Brennan, Moya Brennan, Padraig Duggan and Paul Brennan of Irish group Clannad pose on November 24, 1982. (Photo by H. McCarthy/Express/Getty Images)
Noel Duggan, Ciaran Brennan, Moya Brennan, Pádraig Duggan agus Paul Brennan ón ngrúpa ceoil Clannad i 1982.

Fear as Dobhar
11.00am
Cailleadh an ceoltóir iomráiteach Pádraig Ó Dúgáin ón ghrúpa Clannad i mbliana. Fear é, i gcuideachta a mhuintire, a bhain aitheantas agus clú amach go hidirnáisiúnta ó thaobh an cheoil de. Bhain siad duaiseanna go leor, ina measc Grammy, Ivor Novello agus BAFTA. Sa chlár seo caitheann Dónall Mac Ruairí súil siar ar shaol Phádraig, ar an méid a bhain sé amach, an tionchar a bhí aige ar an ghrúpa, agus an bhearna atá fágtha ag a bhás.


Déardaoin, an 29 Nollaig

Ceolchoirm Fhéile James Morrison
3.00pm
Cuirfidh Neansaí Ní Choisdealbha coirm cheoil inár láthair anocht a taifeadadh ag Féile James Morrison i mBaile Idir Dhá Abhainn i gCo. Shligigh. Beidh neart ceoil agus amhrán le cloisteáil againn le ceoltóirí ar nós Séamus Tansey, Róisín Broderick, John Gerald Walsh agus a iníon Marie, Dáithí Gormley, Vincent Griffin, James Duggan agus tuilleadh.


Dé hAoine, an 30 Nollaig

Mo Scéal
11.00am

Inniu, labhrann Áine Ní Churráin le Pól Mac Giolla faoina shaol mar ghníomhaire  ceardchumainn, mar thaighdeoir Oideachais agus Sláinte, agus faoina chuid deacrachtaí sláinte agus é ag troid leis an ailse i láthair na huaire.  Rugadh agus tógadh Pól i nDoire, agus d’fhreastail sé ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste, áit ar fhoghlaim sé a chuid Gaeilge. D’fhreastail sé ar Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, agus bhí sé gníomhach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt. Bhí sé ina iriseoir leis an Guardian agus an Belfast Telegraph ar feadh blianta, ag cur faoi i Sasana. D’fhill sé ar Ghaoth Dobhair agus tá teach aíochta cáiliúil, An Teach Bán, aige lena bhean chéile Linda as Honduras. 

Ceolchoirm Fhéile an NYAH
3.00pm

Inniu, beidh ceolchoirm iontach eile ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn. An uair seo, oíche bhreá cheoil ó choirm an NYAH a bhí ar siúl i mBaile an Chabháin i mí Lúnasa, nuair a bronnadh an gradam ‘Jig of Life’ ar Darren Breslin, ceoltóir bosca as Co. Fhear Manach. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Darren Breslin, Michael Curran, Christopher Maguire, John McCann, Martin Donohoe, Ronan Warnock, The Cavan Bucks agus neart eile.


Dé Sathairn, an 31 Nollaig

Donncha Mac Con Iomaire

Scéalta na nDaoine
6.30pm

Inniu, cloisfimid an clár ‘Pub an Phobail’ sa tsraith seo le Donncha Mac Con Iomaire. Tá saol na dtithe ósta athraithe go mór le deich mbliana anuas, agus níl an oiread céanna daoine ag dul amach chucu, rud a fhágann go bhfuil sé an-deacair na doirse a choinneáil ar oscailt. Inniu, labhrann Donncha le Clíona Ní Chualáin atá ag rith Tigh Mheaic i gCarna le deich mbliana anuas, agus cloisfidh sé aon chomhairle a bheadh aici do Chonor Ó Gríofa, fear óg a bhfuil a chéad phub, Tigh Khitt, tógtha ar léas aige le déanaí.

Slán le 2016
9.00pm
Is iad Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin a bheidh ar an stiúir don chlár seo anocht agus muid ag fágáil slán le 2016 agus ag cur fáilte roimh 2017. Casfaidh siad cuid den cheol is fearr ó 2016 ar an gclár dúinn, agus beidh fáilte roimh iarratais.


Dé Domhnaigh, an 1 Eanáir

Is as Baile Átha Cliath Cliath do Julian, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus is as an Daingean do Bhrenda Ní Ghairbhí, stiúrthóir Sheachtain na Gaeilge. Anois agus iad cúig bliana pósta agus beirt pháistí acu, tá siad ag díriú ar an saol mar theaghlach.  Dub agus Duine ón nDaingean – Julian de Spáinn agus Brenda Ní Ghairbhí.  Ná luaigh cúrsaí peile.


Dé Luain, an 2 Eanáir

Eamon McGee of Donegal Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Eamon McGee as Dún na nGall. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Slán le Peil
11.00am
Nuair a fuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Dhún na nGall i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann i 2016, d’fhógair Éamon Mac Aoidh agus Colm Mac Pháidín go raibh siad ag éirí as an pheil idirchontae. Sa chlár seo inniu, amharcann an tAthair Seán Ó Gallchóir siar ar bhuaicphointí na beirte sa pheil le cuidiú ó thráchtaireacht Shéamuis Mhic Géidigh, a bhásaigh ar an 4 Iúil 2016.

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na Nollag'