Rónán Beo @3
Inniu, beidh Rónán Mac Aodha Bhuí agus a chriú i dTigh Sheáin Óig i nGaoth Dobhair do chóisir mhór na Nollag. Beidh ceol beo, craic agus duaiseanna acu ó 3 pm go 5 pm.
Bláthnaid Libh
Dé Sathairn, 22 Nollaig, 10.15 am
Beidh cóisir mhór na Nollag ag Bláthnaid Ní Chofaigh beo ón Lárionad Raidió le ceol ó Chormac de Barra agus Moya Brennan i measc daoine eile. Déanfar ceiliúradh ar theaghlaigh na nGael i mBaile Átha Cliath ar eagrán seo na Nollag den chlár. Beidh bronntanais le baint agus go leor spraoi ann chomh maith.
Ceolchoirm na Nollag
Dé Máirt, 25 Nollaig, 7 pm
Taifeadadh an cheolchoirm seo beo i Séipéal Chill Treasa i Ros an Mhíl níos luaithe sa mhí. Beidh scoth an cheoil le cloisteáil ó leithéidí Chór Chois Fharraige, Neansaí Ní Choisdealbha, Tommy Mellett, Liz Kane, agus Luisne Ní Neachtain, i measc go leor eile. Chomh maith leis sin beidh scéalaíocht agus píosaí cainte ó Mhicheál Mac Con Iomaire agus Máirín Mhic Lochlainn. Ba é Brian Terry Mac Donnchadha a bhí ina fhear an tí. Láithriú agus léiriú le hEibhlín de Bhailís.
An Saol ó Dheas
Dé Céadaoin, 26 Nollaig, 12.08 pm
Blaiseadh den oíche ómóis a bhí ar siúl mar chuid d’fhéile IMRAM na bliana seo do Liam Ó Muirthile, an scríbhneoir, file, drámadóir agus craoltóir a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Bealtaine. Páirteach san ócáid bhí Louis de Paor, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Philip King, Diarmuid de Faoite, Alan Titley, Peadar Ó Riada, Claire Ní Mhuirthile, Dairena Ní Chinnéide agus Máire Ní Chéileachair.
Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta – Scoth na gclár (21-26 Nollaig)…'