Raidió na Gaeltachta le craoladh speisialta a dhéanamh ar chluiche ceannais Dhún na nGall anocht

Beidh oíche stairiúil i mBealach Féich anocht agus an dara hathimirt ar chluiche ceannais sinsir peile Dhún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill á imirt faoi shoilse

Raidió na Gaeltachta le craoladh speisialta a dhéanamh ar chluiche ceannais Dhún na nGall anocht

Beidh tráchtaireacht bheo anocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an dara hathimirt ar an gcluiche ceannais i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill.

Tabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile i bPáirc Mhic Cumhaill i mBealach Féich ag 8.00pm agus iad beirt ag iarraidh Corn an Dochtúra Mhic Uidhir a thabhairt abhaile leo.

Déanfaidh Damien Ó Dónaill agus iar-imreoir Dhún na nGall Sylvester Maguire tráchtaireacht ar an gcluiche ar chlár speisialta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh an cluiche le feiceáil beo ar shuíomh idirlín CLG Dhún na nGall ach ní mór táille €5 a íoc chun an beoshruthú a feiceáil.

Socraíodh an cluiche seo a imirt faoi shoilse anocht mar go mbeidh ar na buaiteoirí aghaidh ar thabhairt ar sheaimpíní an Chabháin, Caisleán an Rathain, i mbabhta ceathrú ceannais Uladh Dé Domhnaigh seo chugainn, 3 Samhain.

Ní raibh aon scéala faighte ó bhord an chontae aréir faoi céard a tharlóidh má chríochnaíonn na foirne ar comhscór arís anocht.

Tugadh le fios go raibh ceann de na foirne sásta go mbeadh ciceanna éirice ann anocht mura bhféadfaí na foirne a scaradh óna chéile tar éis dhá thréimhse d’am breise ach nach raibh glactha ag an bhfoireann eile leis an réiteach sin.

Mura nglactar leis agus má chríochnaíonn cluiche na hoíche anocht ar comhscór, imreofar an tríú hathimirt Dé Sathairn, an 2 Samhain.

Ní fhéadfaí Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill a scaradh óna chéile sa dá chluiche a imríodh go dtí seo. Chríochnaigh an chéad chluiche 0-8 an taobh deich lá ó shin agus bhíodar ar comhscór arís i ndiaidh am breise Dé Domhnaigh seo caite, 0-14 in aghaidh 1-11.

Is iad Gaoth Dobhair a thug leo craobh an chontae agus craobh an chúige anuraidh ach tá Naomh Conaill ar a míle dícheall iad a shárú ó chlis ar chumann na nGleanntach sa chluiche ceannais in 2017 agus 2018.

Fág freagra ar 'Raidió na Gaeltachta le craoladh speisialta a dhéanamh ar chluiche ceannais Dhún na nGall anocht'